Ard-Easpag de bhunadh Ghaeltacht Chonamara in Westminster do chorónú Shéarlais

Is as Ceantar na nOileán i gConamara do thuismitheoirí an Ard-Easpaig Mark O’Toole - Marcus Chóilín Choilm Ó Tuathail as Leitir Caladh agus Máire Mháirtín Larry Nic Dhonncha as An Máimín, Leitir Móir

Ard-Easpag de bhunadh Ghaeltacht Chonamara in Westminster do chorónú Shéarlais

Bhí fear de bhunadh Ghaeltacht Chonamara i measc na gceannairí eaglasta a bhí páirteach i searmanas corónaithe Rí Shasana, Séarlas III i Mainistir Westminster i Londain – an tEaspag Mark O’Toole atá ina Ard-Easpag Caitliceach ar dheoise Caerdydd agus Mynyw sa mBreatain Bheag.

Is as Ceantar na nOileán i gConamara do thuismitheoirí an Easpaig – Marcus Chóilín Choilm Ó Tuathail as Leitir Caladh agus Máire Mháirtín Larry Nic Dhonncha as An Máimín, Leitir Móir. I Londain a chaith siadsan formhór a saoil agus is ansin a thóg siad a gclann – i Southwark a rugadh Mark i 1963.

Bhí an tEaspag O’Toole ar dhuine de thriúr de chléir na Breataine Bige a ghlac páirt sa mórshiúl i Westminster Abbey díreach roimh thús an tsearmanais. Beirt Cheannairí ón Eaglais Phrotastúnach an bheirt eile, An tUrramach Simon Walkling, Uachtarán Chomhairle Shaor-Eaglais na Breataine Bige, agus an tArd-Easpag Anglacánach sa mBreatain Bheag, An tArd-Easpag Andrew John.

Bhí an tEaspag Mark O’Toole páirteach i sochraid Bhanríon Éilís Shasana anuraidh. Cúpla seachtain ó shin bhí an tEaspag Ó Tuathail ag searmanas thar ceann na hEaglaise Caitlicí sa mBreatain Bheag nuair a tugadh ar láimh bronntanas ón bPápa Proinsias le haghaidh an tsearmanais chorónaithe mar chomhartha muintearais le Rí Séarlas Shasana.

Deirtear gur iarsmaí beaga den chroich ar ar céasadh Críost a bhí sa tabhartas sin. Tá siad anois ina gcuid de Chrois na Breataine Bige a bhí á hiompar ag tús mhórshiúl an rí ar a bhealach isteach go Mainistir Westminster.

Bhí ceannairí eaglasta éagsúla i Mainistir Westminster ar an Satharn mar gur theastaigh ón Rí a léiriú go bhfuil ómós aige do chuile reiligiún agus dá réir gur tugadh cuireadh do cheannairí eaglasta eile chomh maith le ceannairí na heaglaise státbhunaithe sa mBreatain.

Cé go bhfuil athrú mór ar chúrsaí ón am ar cuireadh an choróin ar mháthair Shéarlais III i 1953, ní raibh aon ról sa searmanas corónaithe féin ach ag ionadaithe na hEaglaise Anglacánaí.

Ar ndóigh is searmanas de chuid Eaglais Shasana é an searmanas corónaithe ós é an rí an Ceannaire ar Eaglais Shasana ó aimsir an Reifirméisin nuair a scoilt Anraí V111 leis an bPápa agus le hEaglais na Róimhe. De réir dhlí na tíre sa mBreatain ní féidir an choróin a leagan ar aon Chaitliceach ó Acht an tSocraithe i 1701.

Mar chuid den searmanas corónaithe ghlac an Rí móid ag gealladh a dhílseacht don Chreideamh Protastúnach agus go ndéanfadh sé a dhícheall a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm an Creideamh Protastúnach ina Ríocht.

Mí an Mheithimh anuraidh a insealbhaíodh Mark O’Toole mar Ard-Easpag ar Caerdydd agus tá sé anois ar an Easpag Caitliceach  is sinsearaí sa mBreatain Bheag. Roimhe sin bhí sé ina Easpag ar Plymouth i gCorn na Breataine agus sular ceapadh ina Easpag é bhí sé ina rúnaí ag Ard-Easpag Westminster, An Cairdinéal Cormac Murphy O’Connor. Chaith sé seal freisin i gceannas ar choláiste traenála sagart Allen Hall i Chelsea, Londain.

Ceann de na cúraimí a bhí ar Mark O’Toole agus é ina rúnaí ag an gCairdinéal in Westminster teagasc a chur ar an iar-phríomhaire Tony Blair nuair a bhí seisean ag ullmhú le hiompú ina Chaitliceach.

Tugann an tEaspag Ó Tuathail cuairteanna rialta ar Cheantar na nOileán agus ar Chonamara áit a bhfuil cuid mhaith gaolta aige. Léann sé aifreann i Séipéal Thír an Fhia ó am go ham.

Bhásaigh a athair, Marcus Ó Tuathail roinnt blianta ó shin agus tá sé curtha i Reilig an tSeanbhaile i Leitir Mealláin. Bhí an Cairdinéal Murphy O’Connor i láthair ag a shochraid i Séipéal Thír an Fhia. I Londain atá cónaí ar mháthair an Easpaig ach caitheann sí tréimhsí rialta i gCeantar na nOileán i gcónaí.

Fág freagra ar 'Ard-Easpag de bhunadh Ghaeltacht Chonamara in Westminster do chorónú Shéarlais'