Anraí Ó Braonáin, Gael geanúil go smior, ar shlí na fírinne

Fear léannta tuisceanach ab ea Anraí Ó Braonáin a raibh spéis i gcónaí ina léargas ar an saol sa tír seo agus thar sáile

Anraí Ó Braonáin, Gael geanúil go smior, ar shlí na fírinne

Anraí Ó Braonáin lena mhac, Fiachna

Cuireadh i gcré na cille i nGráinseach an Déin an tseachtain seo corp Anraí Ó Braonáin, Gael go smior agus duine níos geanúla ná níos soilíosaí níor chuir cos i mbróg riamh.

Bhí focal agus beannacht ag Anraí do gach duine a tháinig ina bhealach agus suim aige i scéal an duine ba fánaí amuigh mar nár aithin sé íseal ná uasal ach an daonnacht.

Is beag ócáid a bhíodh ag Gaeil sa bpríomhchathair nach mbíodh Anraí ansin agus aithne curtha aige ar a raibh ann faoi dheireadh na hócáide. Fear léannta tuisceanach a bhí ann arbh údar spéise i gcónaí a léargas ar an saol sa tír seo agus thar sáile.

D’fhreastail Anraí ar Scoil na Leanaí sa Rinn sna 1930idí agus bhí sé dílis don Rinn agus don Choláiste i gcaitheamh a shaoil agus é ar an mbord stiúrtha.

In Amharclann an Damer a chas sé le Donla, a bhean chumasach ar de bhunadh na Ceathrún Rua í.

Thógadar a gcúigear clainne le dúchas, Gaeilge is ceol ar an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.

D’oibrigh Anraí mar chartlannaí leis an gCumann le Béaloideas Éireann agus bhí sé ina Uachtarán ar an eagraíocht sin. Chaith sé blianta ag obair ar chúrsaí riaracháin le RTÉ, áit ar thuill sé meas as an mbealach álainn a bhí aige le comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil d’fhostaithe ar theastaigh a chomhairle uathu.

Fágann Anraí a chéile Donla, a gcúigear clainne – Fiachna, Luán, Caoimhe, Cormac agus Cathal – agus a dhaoine muinteartha agus a chairde faoi bhrón ina dhiaidh.

Fág freagra ar 'Anraí Ó Braonáin, Gael geanúil go smior, ar shlí na fírinne'

  • jpmorley0@gmail.com

    “Níl sa bhás ach múchadh coinnle i mbéal maidine.”