Anois teacht earrach na hiománaíochta

Tugann na cluichí sraithe seans dos na bainisteoirí súil a chaitheamh ar imreoirí nua

Luke Ó Fearghaill. Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne
Pictiúr: ©INPHO/Ryan Byrne

“Anois teacht an Earraigh beidh an lá dul chun síneadh is tar éis na féile Bríde ardóidh mé mo sheol “ a scríobh Rafteirí an file cúpla céad bliain ó shin.

Bhuel tá Lá Fhéile Bríde beagnach linn agus tá sé in am ag na foirne peile na seolta a ardú.

Tosnaíonn an tsraith náisiúnta an deireadh seachtaine seo agus sinn go léir ag súil leis.

Tugann na cluichí sraithe seans dos na bainisteoirí súil a chaitheamh ar imreoirí nua agus an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir imreoirí óga agus na seanfhondúirí.

Dar ndóigh, tá thart ar chúig mhí fós ag na foirne bainistíochta teacht suas leis an meascán ceart mar is i lár mhí Iúil a thosnaíonn an chraobh i gceart.

I gceann coicíse tosnóidh an tsraith iomána ach an deireadh seachtaine seo tá cúpla cluiche suimiúil go leor ar siúl.

Casfaidh Corcaigh agus Luimneach ar a chéile i gCraobh Criostal Phort Láirge inniu.

Tá cuid maith imreoirí úsáidte ag lucht bainistíochta Chorcaí sa trí chluiche go dtí seo agus, cé go raibh bua slachtmhar go leor acu i ngach ceann atá imeartha go dtí seo, ní dóigh liom go bhféadfaí a rá go cinnte mar gheall ar aon imreoir nua go bhfuil gealladh faoi. Sa leathchraobh an Satharn seo caite, thaispeáin Luke Ó Fearghaill, a bhí gortaithe le bliain, nár fada go mbeidh sé ar a sheanléim arís agus is buntáiste é sin dóibh mar is tosaí an-cumasach é nuair a bhíonn sé i mbarr a mhaitheasa.

I gcás Luimnigh, beidh siad ag dul chun páirce d’uireasa imreoirí Chill Mocheallóg agus iad ag ullumhú do chluiche leathcheannais club na hÉireann agus Seanie Tobin a chuaigh faoi scian le déanaí, ach tá an chuid is mó des na himreoirí eile réidh chun troda.

Is deas a fheiceáil go bhfuil ardú céime tugtha ag an mbainisteoir TJ Ryan do Tom Morrissey agus Cian Lynch, beirt des na himreoirí is fearr ó fhoireann mionúr 2015.

Chuir Coláiste na hOllscoile, Corcaigh cúpla ceist orthu sa chluiche leathcheannais ach ar deireadh bhí an bua ag fir Luimnigh. Dar ndóigh, is athimirt é seo ar chluiche ceannais na Mumhan 2015, a bhuaigh Corcaigh. Táim ag súil leis.

I gCúige Laighean an Domhnach beag seo imrítear cluiche leathcheannais Corn Breannaigh. Casfaidh Baile Átha Cliath, faoi stiúir a mbainisteora nua, Ger Cunningham, ar Laois, a fuair an lámh in uachtar ar Loch Garman sé lá ó shin. Bheinn ag súil go mbeadh an bua ag fir na hardchathrach sa cheann seo.

Sa chluiche leathcheannais eile, bheifeá ag súil go mbeidh an Ghaillimh róláidir ar fad do Cheatharlach. Thug na Gaillimhigh an-léasadh d’Uíbh Fhailí seachtain ó shin i dtaispéantas a bhí an-ghairmiúil. An t-aon rud diúltach a tháinig as ná gur bhris Joe Canning méar agus é ráite go mbeidh sé ar an taobh líne go dtí lár mhí Márta.

Tá Ceatharlach ag obair go dian agus bhí bua mór acu i gcoinne NUIG le déanaí. Mar chúiteamh ar a mbua (más cúiteamh é), tá cluiche breise acu (rud nach raibh súil leis mar go raibh Cill Chainnigh sa ghrúpa céanna leo go dtí gur tharraingaíodar amach as i ndiaidh bhás tobann athair an imreora Lester Ryan) ach ceapaim go bhfuil caighdeán i bhfad níos airde ag Gaillimh.

Ar a shon sin, is chun leas Cheatharlach an dúshlán seo roimh thosach na gcluichí sraithe mar a mbeidh siad ag iarraidh Roinn 2A a fhágáil ina ndiaidh.

Fág freagra ar 'Anois teacht earrach na hiománaíochta'