‘An uile dhuine curtha trí chéile ag bás an Gharda Colm Horkan’ – Uachtarán na hÉireann

Tá Uachtarán na hÉireann i measc na ndaoine atá tar éis ómós a thabhairt don Gharda Colm Horkan a maraíodh in eachtra i Ros Comáin

‘An uile dhuine curtha trí chéile ag bás an Gharda Colm Horkan’ – Uachtarán na hÉireann

Tá ráite ag Uachtarán na hÉireann go bhfuil an uile dhuine “curtha trí chéile” ag an scéal gur maraíodh bleachtaire de chuid an Gharda Síochána agus é ar dualgas aréir i Ros Comáin.

I ráiteas a chuir sé amach, rinne an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn comhbhrón le clann, le cairde agus le comhghleacaithe an Gharda Colm Horkan a bhásaigh i ndiaidh eachtra lámhaigh sa Chaisleán Riabhach.

“Táimid go léir curtha trí chéile ar chloisteáil dúinn gur bhásaigh bleachtaire Garda a bhí ar dualgas sa Chaisleán Riabhach go tragóideach.

“Tá ról lárnach ag an nGarda Síochána inár bpobail agus déanann caillteanas beatha mar sin dochar don tsochaí ina hiomláine,” arsa an tUachtarán Ó hUigínn.

“Ba mhaith liom mo chomhbhrón ó chroí a chur in iúl do chlann, do chairde agus do chomhghleacaithe an Gharda agus dóibh siúd go léir ar chuir an tragóid seo isteach orthu.

“Táim tar éis dul i dteagmháil le Coimisinéir an Gharda Síochána chun mo chomhbhrón a chur in iúl ar bhás tubaisteach ball den Fhórsa.”

Bhí an Taoiseach Leo Varadkar, an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan agus Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris i measc na ndaoine eile a léirigh ómós don Gharda Horkan.

Maraíodh Colm Horkan nuair a scaoileadh é in eachtra a tharla gar do stáisiún na nGardaí sa gCaisleáin Riabhach go gairid roimh mheán oíche aréir.

Tuigtear go raibh an Garda Horkan ar dualgas sa bhaile ag an am nuair a stop sé chun labhairt le duine ar an tsráid. Meastar gur éirigh leis an duine sin gunna an Gharda a bhaint de agus gur scaoil sé roinnt urchar leis.

Cuireadh cóir leighis ar an nGarda ach bhásaigh sé tamall ina dhiaidh sin.

Tá fear sna daichidí gafa ag na Gardaí i dtaobh na heachtra.

Ba as Baile Chathail i gcontae Mhaigh Eo don Gharda Horkan, a bhí 49 bliain d’aois. Maireann a athair, a dheirfiúr agus ceathrar deartháireacha leis.

Fág freagra ar '‘An uile dhuine curtha trí chéile ag bás an Gharda Colm Horkan’ – Uachtarán na hÉireann'