Leathchéad bliain is an lá inniu, ‘An tOireachtas Thiar’ an cheannlíne a bhí ar an nuachtán Gaeilge INNIU.
Ón 6 go dtí an 15 Meán Fómhair a bhí an ócáid mhór sin thiar agus ar an 13 Meán Fómhair, bhí tuairisc ag Micheál de Mórdha ar an Oireachtas a bheith ar bun “i dtimpeallacht nádúrtha bheo ina bhfuil an dé dheireanach atá fágtha againn de bheatha na Gaeilge is na Gaeltachta, i measc an chine dhúchais, ár gceart-mhuintir.”
Mo bharúil nach gceadófaí an ‘ceart’ sin ar na saolta seo!
Dúirt duine éigin leis an Muimhneach go raibh cleas óg 1974 ag caoineadh na ‘damhsaí nua-aimseartha’ nach raibh acu sa bPoitín Stil de bharr na nGael isteach ach is fada an halla agus na damhsaí sin imithe as an Lochán Beag agus as hallaí pobail na tíre.
Bhí Mícheál sásta go raibh an tOireachtas ar siúl den chéad uair le 50 bliain sa Ghaeltacht “an áit is dual dó a bheith á thionól feasta”.
Thuairiscigh Mícheál chomh maith go raibh trí charráiste ar thraein 2.30pm as Baile Átha Cliath go Gaillimh agus iad curtha in áirithe do “Oireachtas na nGael (sic)”. Ba é Oireachtas na nGael an fhéile ‘bhradach’ a bunaíodh i 1970 le brú a chur ar Oireachtas na Gaeilge imeacht as an bpríomhchathair, áit a raibh gach féile acu ó 1939.
Thug Mícheál le fios do léitheoirí INNIU gur folamh a bhí trí charráiste Oireachtas na nGael ar an 2.30 ó Bhaile Átha Cliath.
Chuir tuairisceoir gan ainm síos ar dheacrachtaí na féile i gCois Fharraige. Chuaigh an aimsir in aghaidh lucht an Oireachtais, séideadh puball, ní raibh an aimsir in araíocht do rásaí curach ach bhí an-spraoi is comhluadar go deo ann.
Clamhsán eile sa bpáipéar nach raibh aon chlár teilifíse ón Oireachtas. Anois nach maith ann TG4!
Bhí alt ar an leathanach cúil ag Pádraic Ó Gaora ag gearán nár tugadh cuireadh d’iománaithe na Gaillimhe páirt a ghlacadh i gcomórtas iomána an Oireachtais. Dar le Pádraic gur mheas coiste chluichí an Oireachtais gur mó airgead agus daoine a tharraingeodh foireann eile seachas Gaillimh.
“Ní féidir go bhfuil sé tagtha sa saol gurb é an teacht isteach ó na cluichí an tslat tomhais atá ag coiste cluichí an Oireachtais?’ a scríobh Pádraic Ó Gaora.
Is mór atá athraithe le 50 bliain. Ar an dara leathanach tá liosta cuimsitheach d’aifrinn is léachtaí, paidríní, agus seirbhísí eaglaise Gaeilge. Bhí scéal ag Ciarán Ó Nualláin faoi shéipéilín a bhíothas ag brath a chur in ionad siopadóireachta nua Dunnes Stores i gCúirt Choirnéil i mBaile Átha Cliath ar fhaitíos go gcoinneodh an tAifreann óna gcuid siopadóireachta daoine!
Bhí carbhán le ligean i mBaile na nGall ar chíos réasúnta agus má cheap sibh gur scéal nua na tithe saoire bhí ceann trí sheomra agus sealla le ligean i gCorca Dhuibhne ó Bhealtaine go Meán Fómhair.
Aon duine ag a raibh 30 punt de bhille leictreachais dhá mhí, bhí Bord Soláthair an Leictreachais ag tabhairt isteach stampaí le cuidiú leat an costas a shábháil.
Is iontach ailt bhreátha idirnáisiúnta a léamh sa bpáipéar Gaeilge ag Liam S. Gogan agus Eoghan Ó Tuairisc.
Caoga bliain ó shin bhí Conradh na Gaeilge ag rá go raibh an “sainmhíniú bréige’ a bhí ar an nGaeltacht ar cheann de na deacrachtaí a bheadh ag Údarás nua na Gaeltachta!
Fionntrá na Faillí atá ar alt eile ag cásamh “gan sagart ná dochtúir ná banaltra inár bparóiste”. Má mhaireann an t-údar sa lá inniu ní chuirfeadh sin iontas air nó uirthi.
Chuir mé suim i scéilín faoi “dath dubh ar chuaillí eolais” i nGaeltacht Thír Chonaill agus tuismitheoirí na scoláirí ar an gcoláiste samhraidh á gcur ar strae ag an tarra. Mheas an scríbhneoir gur dheacair don “mhórchuid i nGaoth Dobhair’ a bheith in aghaidh an Bhéarla agus iad “ag gnóthú as an chuairteoireacht” agus ar aon nós “is fíorannamh a cheannaíonn siad nuachtán i nGaeilge”!
Údar suntais a laghad ainmneacha údar a thugtar – is dóigh go raibh ar an bhfoireann go leor den scríobh a dhéanamh nó go raibh geis ar scríbhneoirí a n-ainm a nochtadh dá bhfostóirí géara.
‘Trí Shúile na mBan’ a thug eolas dúinn faoi chúrsaí faisin agus an ‘French Connection’.
Bhí alt ann faoin gcúrsa iascaireachta a bhí á reáchtáil ag an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh – is léir go mbíodh fáil ar iasc leathchéad bliain ó shin agus nach as oirthear na hEorpa a thagadh iascairí na tíre.
Thug Roinn na Mac Léinn siar mé fhéin go dtí seomra ranga meánscoile agus INNIU mar bhíobla is acmhainn foghlama is aistí againn gach uile sheachtain. Is muid a bhíodh sásta nuair a thagadh an tSiúr Regina agus an beart mór aici le roinnt orainn sa rang Gaeilge.
Anois a thuigim an t-éacht ollmhór a rinne an fhoireann bheag sin i Sráid Uí Chonaill ar phingineacha suaracha agus údar iontais dom an clúdach cuimsitheach a bhí acu 50 bliain ó shin sna 16 leathanach sin d’uireasa Google ná aon teicneolaíocht eile. An t-iontas mór eile atá orm gurb iad na húdair chantail chéanna atá ag lucht labhartha na Gaeilge in 2024 agus an uair úd!
Fág freagra ar '‘An tOireachtas Thiar’ is na scéalta eile ar an nuachtán Gaeilge 50 bliain is an lá inniu'