An Taisce ag tabhairt faoi achomharc maidir le bóthar an Daingin

Deir Cathaoirleach an Taisce go n-eascraíonn ceisteanna tábhachtacha as cinneadh na hArd-Chúirte

017825_1d5aadc1

Tá sé fógartha ag An Taisce go bhfuilid ag lorg cead ón Ard-Chúirt achomharc a dhéanamh maidir leis an rialú a deineadh i gcoinne a gcáis i dtaobh an N86, an bóthar idir an Daingean agus an Cam in iarthar Chiarraí.

Rialaigh an Breitheamh Robert Haughton in aghaidh cáis a thug An Taisce os comhair na cúirte ar an seachtú lá den mhí seo, tráth dár thug siad dúshlán maidir le cead pleanála a tugadh i gcomhair forbairt a dhéanamh ar an N86.

Dúirt Cathaoirleach An Taisce, John Harnett go n-eascraíonn ceisteanna móra tábhachtacha as cinneadh an Bhreithimh Haughton.

“The High Court’s decision in this case raises points of exceptional public importance which go far beyond the matter of the N86 road itself. What is now a central issue in this case is whether Irish court proceedings have to be “fair” and “equitable”. The High Court effectively said “no, they do not” in its judgement, and this simply cannot go unchallenged,” a dúirt sé.

Tar éis don Bhord Pleanála athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás i mí na Samhna 2014, thugadarsan cead dul ar aghaidh leis an obair forbartha ar an mbóthar ó Dhaingean Uí Chúis go dtí an Cam.

Agus An Taisce ag cur in aghaidh chinneadh sin an Bhoird Pleanála, mhaígh siad nár deineadh an tionscadal a mheas i gceart de réir forálacha a bhaineann le ceisteanna timpeallachta.

Mhaígh An Taisce chomh maith nach bhfuil An Bord Pleanála ag cloí le rialacha an Aontais Eorpaigh i gcás an N86 agus go ndéanfaí dochar d’áilleacht na timpeallachta dá leathnófaí an bóthar mar atá beartaithe a dhéanamh.

“We understand that the Eu Commission is watching this case very closely, as it concerns Ireland’s compliance with EU and International law. The issues raised in this High Court judgement must be clarified,” a dúirt Harnett.

Ceist eile a bhí ag déanamh tinnis don Taisce ná nach raibh aon eolas ann i dtaobh conas a chuirfeadh an fhorbairt isteach ar ainmhithe agus ar thalamh na dúichí, go mórmhór ar an gcuid sin den bhóthar a shíneann ó Abhainn an Scáil go Gort Bréagóg, atá 4.2 cilliméadar ar fhaid.

Thug an Breitheamh Haughton droim láimhe le hachomharc An Taisce ar an seachtú lá den mhí seo agus caitheadh amach an cás.

Tá fáilte curtha roimh chinneadh An Taisce ag The Environmental Pillar, grúpa a dtagann eagraíochtaí timpeallachta neamhrialtais faoina scáth.

Dúirt Michael Ewing, urlabhraí thar ceann an ghrúpa:

“An Taisce’s decision is most welcome. This case raises issues of exceptional public importance and presents an opportunity for Ireland to clarify how the Aarhus Convention’s requirements about fairness, equity, effectiveness and special cost requirements apply to court cases in Ireland, and the EU laws implementing them.

“It is imperative that this is addressed,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'An Taisce ag tabhairt faoi achomharc maidir le bóthar an Daingin'