Micheál Breathnach v An Spidéal – Staid an Phiarsaigh, 1.00pm (Craoladh beo le feiceáil anseo)
Is beag duine sa slua mór a bhailigh isteach i Staid an Phiarsaigh Dé Sathairn seo caite a cheap go mbeadh mórán idir An Spidéal agus Micheál Breathnach i gcluiche ceannais Chraobh Idirmheánach na Gaillimhe agus b’amhlaidh an scéal.
Ar comhscór a chríochnaigh an cluiche idir na comharsana as Cois Fharraige agus cé go raibh deiseanna ag an dá fhoireann an cluiche a bhuachan, ní raibh mórán cúis ghearáin ag ceachtar foireann i ndiaidh na himeartha.
Tabharfaidh siad aghaidh ar a chéile arís tráthnóna agus an dá fhoireann ag iarraidh leas a bhaint as na ceachtanna a d’fhoghlaim siad an deireadh seachtaine seo caite.
Cinnte, beidh imreoirí an Spidéil ag iarraidh taispeántas den chineál cénana a thug siad sa dara leath a thabhairt arís. Ní éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar chóras cosanta Mhicheál Breathnach ach bhí níos mó luais ag baint le himirt an Spidéil sa dara leath sin inar scóráil siad sé phointe as a chéile.
Thug Antaine Ó Laoi, go háirithe, an-taispeántas uaidh agus d’aimsigh sé cúpla cúilín chomh maith le scata deiseanna eile a chruthú. Bí cinnte nach ndeachaigh an méid sin go léir amú ar an bhfreasúra agus beidh a gcuid pleananna féin ag Micheál Breathnach do chluiche an lae inniu.
Chuaigh siad ceithre chúilín chun cinn go luath sa dara leath agus cé go raibh an Spidéal ag imirt le cóir na gaoithe, údar díomá do Mhicheál Breathnach gur chinn orthu ceannas a choinneáil ar an imirt.
Ina ainneoin sin, beidh siad sásta go maith leis an teacht aniar a rinne siad nuair tháinig an crú ar an tairne. D’aimsigh Seán Denvir agus Tommy Ó Conghaile scóranna tábhachtacha dóibh agus bheadh an lá leo mura mbeadh iarracht eile ó Ó Conghaile imithe ar fóraoil agus an t-am beagnach caite.
Léirigh Ruadhán Ó Curraoin an cruinneas atá aige ó chiceanna saora agus d’éirigh leis cúpla cúilín den scoth a aimsiú, go háirithe sa chéad leath. Má éiríonn le cúpla duine eile de tosaithe atá acu dul i bhfeidhm ar an imirt tráthnóna, beidh seans iontach ag Micheál Breathnach filleadh ar ghrád na sinsear arís.
Pé toradh a bheidh air, is cinnte go mbeidh cluiche géar crua eile i Staid an Phiarsaigh.
Bhí coimhlintí den scoth ar fud na páirce an deireadh seachtaine seo caite, go háirithe an choimhlint idir Dara Mac an Rí an Spidéil agus Seán Denvir agus an ceann lár páirce idir an t-imreoir idirchontae Fiontán Ó Curraoin agus Pádraig Eoin Ó Curraoin. Beifear ag súil leis na coimhlintí sin árís tráthnóna, agus tuilleadh chomh maith leo. Pé acu foireann is mó a gheobhaidh an ceann is fearr sna coimhlintí cinniúnacha sin a bheidh ag ceiliúradh am dinnéir.
Ar an taobh eile den scéal, lá mór é do pheileadóirí Charna-Caiseal sa chraobh idirmheánach freisin, agus cluiche dícháilithe acu i gcoinne Bhaile Átha an Rí níos túisce inniu. Má chailleann fir Iorras Aintheach, is é seo beidh an dara hísliú céime as a chéile faighte acu tar éis dóibh titim ó ghrád na sinsear anuraidh.
Aisteach go leor, is é an uair dheireanach gur chas Carna-Caiseal agus Baile Átha an Rí ar a chéile sa chraobh idirmheánach ná cluiche ceannais 2012 nuair a bhuaigh fir na Gaeltachta. Bhí fíor-dhrochbhliain ag an dá fhoireann in 2018, áfach.
Ba é an cluiche inar bhuaigh siad ar Bhaile Liam coicís ó shin an chéad chluiche craoibhe a bhuaigh Carna-Caiseal i mbliana. Cé nár thug an bua sin slán iad, ba cheart go dtabharfadh an taispeántas a thug siad spreagadh dóibh roimh chluiche cinniúnach an lae inniu.
Fág freagra ar 'An Spidéal agus Micheál Breathanach réidh le dul sa bhearna bhaoil arís'