‘An Solas Dearg’ ag Aisteoirí an Spidéil, Súil Amháin ag rapáil sa Ghaillimh agus ‘The Irish for Sex’ ar RTÉ

Sa cholún seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh...

‘An Solas Dearg’ ag Aisteoirí an Spidéil, Súil Amháin ag rapáil sa Ghaillimh agus ‘The Irish for Sex’ ar RTÉ

DRÁMA

‘An Solas Dearg’ ar lasadh arís ag Aisteoirí an Spidéil

Beidh Aisteoirí an Spidéil ar stáitse i Seanscoil Sailearna an deireadh seachtaine seo agus an dráma An Solas Dearg le hAntoine Ó Flatharta á léiriú acu. Deis iontach é seo chun ceann de mhórdhrámaí na Gaeilge a fheiceáil.

Tá sé beagnach tríocha bliain ó léirigh Amharclann na Mainistreach an dráma seo den chéad uair ar stáitse na Péacóige sa mbliain 1995. In An Solas Dearg scrúdaíonn Ó Flatharta an tionchar atá ag fás na hearnála cumarsáide ar phobal tuaithe.

Cíorann an dráma cuid de théamaí móra an lae inniu: roghanna agus mianta daoine óga sa nGaeltacht agus tionscal na meán. Mike Ó Conaola atá i mbun stiúrtha ar an seisear aisteoirí atá sa dráma: Cormac Ó Comhraí, Treasa Bhreathnach, Séamas Ó Scanláin, Seán Ó Gráinne, Bairbre de Barra agus Caitríona Ní Dhomhnaill.

Beidh an dráma ar bun ón Aoine an 15 Márta go dtí an Domhnach 17 Márta i Seanscoil Sailearna. Ticéid ar fáil ar an doras nó is féidir iad a chur in áirithe anseo.

CEOLCHOIRM

An rapálaí ‘Súil Amháin’ ar ais ar an  bhfód dúchais

Beidh an rapálaí Súil Amháin ag filleadh ar an bhfód dúchais an deireadh seachtaine seo agus é ag seinm in Amharclann Nun’s Island mar chuid den tsraith imeachtaí Disquiet Nights atá á reáchtáil ag Ionad Ealaíon na Gaillimhe.

Thosaigh Súil Amháin amach ar Shráid na Siopaí i nGaillimh is é ag seinm, mar a deir sé féin ‘do phócaí folmha is cloigne tinn’ ach tá an domhan taistealta ó shin aige ag cumadh dánta ar bhuillí hip-hop le Bantum as Corcaigh agus Rob Mulhern as Gaoth Dobhair.

Beidh DJ Bó Finn (Katie Kelliher) in éineacht leis ar an oíche agus iad ag ceiliúradh eisiúint a thogra nua a bheidh ag teacht go luath. Is beidh sáraíocht bheo lúibíní aige in aghaidh an rapálaí Ribe Róibéis le feiceáil cé acu is doimhne a tharraingeoidh brí as an bhfocal ‘caochpholl’. Hup scrathachaí!

Tá na ticéid ar fáil anseo.

TEILIFÍS

Seachtain na Gaeilge ar RTÉ

Ar The Irish for Sex (anocht, RTÉ 1 10.15pm), ceann de mhórléirithe Gaeilge RTÉ do Sheachtain na Gaeilge, téann an fuirseoir Bláithín de Búrca sa tóir ar théarmaí a bhaineann le foclóir na collaíochta sa Ghaeilge. Gealltar cur chuige géarchúiseach agus greannmhar agus bímis ag súil go dtabharfar aghaidh ar chuid de na míthuiscintí faoin ngné seo de theanga na nGael.

Dé Luain seo chugainn beidh Hothouse Flowers, Stick Around And Laugh A While, (RTÉ One, Dé Luain, 6.30pm) ag RTÉ dúinn mar chuid dá sholáthar d’fhéile bhliantúil na Gaeilge. 35 bliain ó thosaigh siad amach castar ar an mbanna ceoil aitheanta agus ceolchoirm mhór i nGlaschú acu.

CEOLCHOIRM

Saothar úrnua le Peadar Ó Riada

Beidh Beatha saothar úrnua leis an gceoltóir agus cumadóir iomráiteach, Peadar Ó Riada, le cloisteáil den chéad uair ag Stiúideo Cuan sa Spidéal ar an Aoine 22 agus Satharn 23 Márta ag 8.00pm.

Gealltar go dtabharfar léargas ealaíonta sa saothar nua ceoil Beatha ar thimthriall agus rúndiamhracht na beatha. Ceol nua ar fad a bheas ann, cumtha agus curtha i láthair ag Peadar Ó Riada ar an bpianó agus an consairtín agus beidh an ceoltóir iomráiteach Darragh Curtin ina theannta ar an veidhlín.

Deirtear gur turas samhailteach ceoil atá romhainn agus Peadar ag freagairt don dúiche ina thimpeall agus do thírdhreach sceirdiúil Chúil Aodha a mbíonn an-tionchar aige ar gceoltóir eisceachtúil seo.

Tá na ticeid ar fáil anseo.

Fág freagra ar '‘An Solas Dearg’ ag Aisteoirí an Spidéil, Súil Amháin ag rapáil sa Ghaillimh agus ‘The Irish for Sex’ ar RTÉ'