An seans is mó riamh ag scannán Gaeilge a bheith ainmnithe d’Oscar

Fógrófar gearrliostaí na nOscars níos deireanaí inniu agus tá seans maith á thabhairt don scannán Gaeilge ‘Arracht’ áit a bhaint amach ar an ngearrliosta don scannán idirnáisiúnta is fearr

An seans is mó riamh ag scannán Gaeilge a bheith ainmnithe d’Oscar

Tá an seans is mó riamh ag scannán Gaeilge a bheith san iomaíocht do ghradam Oscar agus na gearrliostaí do na gradaim le fógairt inniu.

Is é an scannán Arracht, scéinséir atá lonnaithe in iarthar na hÉireann le linn an Ghorta Mhóir, a roghnaigh IFTA le dul in iomaíocht ar son na hÉireann sa rannóg don scannán idirnáisiúnta is fearr.

Fógrófar an gearrliosta níos deireanaí inniu agus deis níos fearr ann i mbliana ainmniúchán a fháil toisc líon na n-iontrálacha sa rannóg idirnáisiúnta a bheith ardaithe ó 10 scannán go dtí 15 i mbliana.

Mar sin féin, 93 scannán atá san iomaíocht d’áit ar an ngearrliosta.

Arracht i measc roghanna na coitiantachta chun áit a bhaint amach ar an ngearrliosta de réir an tsuímh The Hollywood Reporter agus tá deis á tabhairt ag foilseacháin eile don scannán Gaeilge freisin. 

Bheadh Arracht ar an gcéad scannán Gaeilge chun áit a bhaint amach ar an ngearrliosta. Chuir an IFTA dhá scannán Gaeilge chun cinn roimhe seo –  Kings (2007) agus Song of Granite (2017) – ach níor bhain siad áit amach ar an ngearrliosta.

Cé go mbeidh 15 scannán áit amach ar an ngearrliosta, ní bheidh ach cúig cinn acu sin san iomaíocht ag na gradaim féin. Fógrófar na hainmniúcháin sin ar an 15 Márta.

Níl ainmniúchán sa rannóg idirnáisiúnta faighte ag scannán Éireannach riamh roimhe seo.

Scéal iascaire a thugann dídean do strainséir ar iarratas an tsagairt áitiúil in aimsir an Ghorta Mhóir, is ábhar do Arracht, a bhfuil go leor duaiseanna agus léirmheasannna moltacha faighte cheana féin aige.

Nuair a roghnaigh IFTA an scannán le bheith ar an bhfadliosta don rannóg idirnáisiúnta, moladh saothar “suaithinseach” Tom O’Sullivan agus cineamatagrafaíocht “chumhachtach” Kate McCullough. Tugadh moladh ar leith don aisteoir Gaeltachta Dónall Ó Héalaí, atá i gceann de phríomhpháirteanna an scéinséara, as a thaispeántas “iontach agus tochtmhar”.

Bhí Arracht, a stiúir Tom O’Sullivan, ar an dara scannán atá léirithe faoi Cine4, scéim atá á maoiniú ag TG4, an BAI agus Fís Éireann chun fadscannáin Ghaeilge a fhorbairt. 

Thug an scannán, léiriú de chuid Macalla Teo, leis gradaim ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath Virgin Media agus ag Féile Scannán Ghlaschú agus bronnadh tuilleadh gradam air ag an bhFéile Scannán Idirnáisiúnta ‘American Golden Picture’.

Fuair sé níos mó ainmniúchán IFTA ná mar a fuair léiriú ar bith eile i mbliana.

Tá sé i gceist go mbeidh Arracht le feiceáil i bpictiúrlanna in Éirinn níos deireanaí i mbliana.

Fág freagra ar 'An seans is mó riamh ag scannán Gaeilge a bheith ainmnithe d’Oscar'