An scéim Gaeltachta a raibh baint aici le titim Stormont á hoscailt arís

Tá fógartha ag an Roinn Pobal ó thuaidh go mbeifear ag lorg iarratas ar scéim sparánachtaí Gaeltachta Líofa i dtús na bliana seo chugainn

An scéim Gaeltachta a raibh baint aici le titim Stormont á hoscailt arís

Tá scéim sparánachtaí Gaeltachta Líofa, an scéim a luaitear le titim Stormont, á hoscailt arís i dtús na bliana nua.

D’fhógair an Roinn Pobal ó thuaidh inné go mbeifear ag lorg iarrtas ar an scéim ón 3 Eanáir amach.

Bhí baint ag an gcinneadh a rinne t-iar-aire Paul Givan, DUP, deireadh a chur leis an scéim i mbéal na Nollag seo caite leis an aighneas idir Sinn Féin agus an DUP ba chúis le titim an fheidhmeannais i Stormont.

Luaigh Martin McGuinness, nach maireann, cinneadh Givan ina litir éirí as oifig anuraidh agus chuir an cinneadh deireadh a chur leis an sparánacht déistin ar phobal na Gaeilge.

D’fhógair Givan ag tús na bliana seo go raibh a chinneadh maidir leis an scéim á chur ar ceal aige agus mhaígh sé nár chinneadh polaitiúil a bhí i gceist.

Dúirt sé ina dhiaidh sin arís nár mhaith leis go mbeadh Sinn Féin in ann an cinneadh a úsáid mar “arm polaitíochta” sa toghchán a reáchtáladh mí Mhárta seo caite.

Tháinig sé chun solais i mbliana chomh maith, gur chinn Givan deireadh a chur leis an sparánacht Ghaeltachta in ainneoin gur chuir oifigeach sinsearach ina Roinn ar a shúile dó go bhféadfadh a leithéid de chinneadh droch-cháil a tharraingt air sna meáin chumarsáide.

Rinne Givan an cinneadh in ainneoin gur ullmhaíodh cáipéis dó inar leagadh amach na himpleachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith leis.

Dúradh go bhfágfadh a leithéid de chinneadh níos lú daoine óga agus fásta in acmhainn freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

I mí Eanáir, rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise ar cháipéisí a bhain le cinneadh conspóideach an iar-aire deireadh a chur leis an deontas Gaeltachta, ach dhiúltaigh an Roinn Pobal don iarratas sin.

Mhaígh an Roinn go “mba réasúnta a mheas go gcuirfí srian ar oifigigh tuairimí macánta, oscailte a chur in iúl” dá dtabharfaí an t-eolas faoi chinneadh Givan do Tuairisc.ie.

Ba í tuairim na Roinne faoin bhfaisnéis a bhaineann le cinneadh Givan maidir leis an scéim líofa gur bhain an fhaisnéis sin “atá á coinneáil siar” le ceisteanna “íogaire, beo”.

Dúradh chomh maith go rabhthas ag diúltú don iarratas mar gur dócha go mbeadh ceist na Gaeilge ina cuid “ríthábhachtach” san idirbheartaíocht iarthoghcháin” i Márta 2017 agus “ina dhiaidh sin”.

Cuireadh cuid den eolas sin ar fáil ó shin don Committee on the Administration of Justice, a rinne gearán faoi chosc na Roinne ar sceitheadh cáipéisí a bhain leis an scéal.

De réir eolais a fuair an nuachtán The Irish News níor thosaigh oifigigh na Roinne Pobal ar athbhunú na scéime go dtí go bhfuair siad an scéal ar chuntas Twitter Givan go raibh a chinneadh curtha ar ceal aige.

Faoin scéim cuirtear maoiniú ar fáil do dhaoine nach bhfuil chomh maith sin as freastal ar chúrsaí Gaeltachta.

£50,000 ar fad atá i gceist agus íoctar timpeall £500 ar an meán le gach duine a n-éiríonn lena n-iarratais. Dúirt an Roinn Pobal inné go mbíonn an-éileamh ar an scéim agus go dtabharfar tús áite do dhaoine nach bhfuair sparánacht cheana.

Beidh an scéim oscailte go dtí an 28 Feabhra 2018 agus fógrófar na sparánachtaí i mí Mhárta.