An sagart a bhí ina ‘fanaiceach’ Gaeilge agus an t-ealaíontóir ar ghean leis Inis Oírr

Is léir go raibh an-mheas ag an Athair Eric Mac Fhinn ar shaothar Sheáin Keating

An sagart a bhí ina ‘fanaiceach’ Gaeilge agus an t-ealaíontóir ar ghean leis Inis Oírr

Ní raibh a fhios agam go mbíodh an tAthair Eric Mac Fhinn ag bailiú péinteálacha go dtí gur léigh mé i Tuairisc.ie gur cuireadh cuid acu ar candáil [ceant] le gairid. Dhá phictiúr den “saol ar oileáin Árann” a rinne Seán Keating ba luachmhaire acu.

Bhí a fhios agam go mbíodh an tAthair Eric ag bailiú leabhar as éadan. Go deimhin bhí sé ar an mbeagán daoine a chuir bronntanas chugam nuair a phós mé. Dhá leabhar faoi litríocht na Gaeilge a bhí iontu.

Is léir go raibh an-mheas ag an Athair Eric ar shaothar an Chéitinnigh. Bhí Seán Keating ar dhuine d’ealaíontóirí móra na hÉireann ar ndóigh. Ba é an t-ealaíontóir Harry Clarke a mhol dó a dhul go hÁrainn.

Nuair a deireann muid Árainn ní mór dúinn a bheith níos cruinne ná sin. Árainn a thugann muintir Inis Mór ar a n-oileán féin. Shil mé nach mbeadh glacadh ag muintir an dá oileán eile leis sin ach dúirt bean as Inis Oírr liom go dtugann siadsan Árainn ar Inis Mór freisin.

Is cosúil gur in Inis Oírr ab fhearr le Seán Keating a bheith. Bhí sé féin agus Breandán Ó Beacháin ar an oileán in éineacht uair amháin. Tugadh faoi deara gur snámhóir cumasach a bhí in Breandán. Tráchtar fós ar an lá a ndeachaigh sé ag snámh ina chraiceann dearg.

Nuair a thug Séan Keating a aghaidh ar Inis Oírr i ndeireadh a shaoil ní dheachaigh sé i dtír ar chor ar bith. Faitíos a bhí air go bhfeicfeadh sé tarracóir nó gné eicínt eile eile den saol nua-aimseartha a mhillfeadh an tsamhail a bhí aige ina intinn den oileán mar a bhí.

Maidir leis an Athair Eric Mac Fhinn b’iontach go deo an fear é. In oirthear na Gaillimhe a rugadh é. Má bhí nádúr mór aige lena cheantar dúchais bhí ardmheas aige freisin ar Ghaeltacht Chonamara agus ar mhuintir Chonamara.

Dhá phictiúr den saol ar oileáin Árann fágtha gan díol ar nach mór €100,000

Tí Joe Shéamais i gCois Fharraige a bhí sé ar lóistín nuair a chuir mise aithne air. Ba bhreá an Ghaeilge a bhí le cloisteáil aige sa teach sin ó Joe agus óna bhean chéile Neain Pheaidí. Gaeilge a bhí inti a róstfadh ar an tlú, mar a dúirt Tomás Laighléis le Tomás de Bhaldraithe faoin nGaeilge a bhí i Mionlach lena linn féin.

Bhí an-bharúil ag an Athair Eric do dheartháir Neain Pheaidí, Tom. Chuir sé ag bailiú béaloidis é agus mhol dé dó dul ag Oireachtas na Gaeilge. B’iomaí Oireachtas ar fhreastail Tom air ina dhiaidh sin. Bhuaigh sé naoi nduais déag i gcomórtais scéalaíochta an Oireachtais.

Chastaí an tAthair Eric dhomsa ar an mbóthar i gCois Fharraige scaití. “Nach dona an lá é, a Athair,” a deirinnse nuair a bhíodh sé ina sceana gréasaí le báisteach.

“Ó, ní hea, buíochas le Dia,” a deireadh sé. Ní fhéadfai locht a fháil ar thoil Dé dá dtitfeadh an t-aer ar an talamh.

Ní gá a rá go raibh an tAthair Eric thar a bheith dílis don Ghaeilge. Fanaiceach Gaeilge a thabharfadh cuid de na daoine air. Ba mhinic é ag tabhairt freagra i nGaeilge ar dhuine a bhíodh ag caint leis i mBéarla. I dtuarascáil mhionlaigh a scríobh sé do Churaclam na Meánscoileanna rinne sé cás in aghaidh an Béarla a bheith éigeantach sna meánscoileanna.

Is cuimhin liom nuair a rinneadh naomh d’Oilibhéar Pluincéad go ndeachaigh mangaire óg thart i gCois Fharraige agus máilín pictiúr den naomh aige. Bhuail sé ar an doras Tí Joe Shéamais. D’oscail an sagart é. Sagart. Naomh. Shíl an mangaire bocht go raibh aige.

“An bhfuil Gaeilge agat,” arsa an sagart?

“I am afraid I don’t speak Irish Father,” arsa mo dhuine.

Thug an tAthair Eric léacht dó faoina easpa Gaeilge.

“Slán leat anois,” ar seisean agus dhún sé amach an doras.

Fág freagra ar 'An sagart a bhí ina ‘fanaiceach’ Gaeilge agus an t-ealaíontóir ar ghean leis Inis Oírr'

  • Pádraig Ó Flannabhra

    Alt an bhreá Suimiúil í seo .
    Buíochas arís is arís eile do Sheosamh Ó Cuaig.

  • jpmorley0@gmail.com

    Is géar a theastódh a leithéid inniu!