An Roinn Oideachais ag iarraidh ar mhúinteoirí Gaeilge cumas cainte a chur san áireamh i ngráid Ardteiste

Beidh scrúdú cainte i mbliana ann ach ní bheidh á dhéanamh ach amháin na daltaí sin a roghnaíonn an scrúdú scríofa traidisiúnta. De réir an eolais is déanaí, caithfear an scrúdú cainte a dhéanamh lasmuigh d'uaireanta scoile

An Roinn Oideachais ag iarraidh ar mhúinteoirí Gaeilge cumas cainte a chur san áireamh i ngráid Ardteiste

Tá ráite ag an Roinn Oideachais go n-iarrfar ar mhúinteoirí Gaeilge cumas labhartha na ndaltaí sa teanga a chur san áireamh agus gráid Ardteiste á meas acu.

Deir an Roinn nach bhfuil gné na cainte den chúrsa Ardteiste mar chuid den phróiseas grád measta agus dá bharr tá éiginnteacht i measc múinteoirí Gaeilge faoinar chóir líofacht cainte a ndaltaí a áireamh agus na gráid a ríomh acu.

Dúirt urlabhraí ón Roinn Oideachais le Tuairisc.ie, áfach, go mbeifí ag iarraidh ar mhúinteoirí gach gné den chúrsa a chur san áireamh sa phróiseas grád measta.

Beidh scrúdú cainte ann i mbliana ach ní bheidh á dhéanamh ach amháin na daltaí sin a roghnaíonn an scrúdú scríofa traidisiúnta.

“Ní bheidh na míreanna a bhaineann le caint agus le hobair chúrsa sna scrúduithe foirmeálta Ardteiste ina gcuid de phróiseas na nGrád Ríofa/Creidiúnaithe. Marcálfar na míreanna sin mar chuid de phróiseas Choimisiún um Scrúduithe Stáit (SEC).

“Mar sin féin, iarrfar ar mhúinteoirí an dul chun cinn atá á dhéanamh ag an dalta agus conas is dóigh leis an múinteoir a éireoidh leis i ngach gné den ábhar – líofacht, obair phraiticiúil agus obair scríofa – a chur san áireamh agus marc á ríomh do ghráid chreidiúnaithe an dalta sin,” arsa urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais.

Ní bheidh scrúduithe cainte á ndéanamh ach amháin ag na daltaí Ardteiste a roghnaíonn scrúdú traidisiúnta a dhéanamh chomh maith le grád measta a fháil.

Is fiú 40% den mharc iomlán scrúdú cainte na Gaeilge de ghnáth.

Tá a thuilleadh sonraí le fógairt fós faoi leagan amach na scúduithe i mbliana, ach beidh na scúduithe cainte ar siúl le linn saoire na Cásca, nó go gairid ina dhiaidh sin.

Déanfaidh scoileanna a socruithe féin don scrúdú cainte. Roimhe seo tuairiscíodh go ndéanfadh scoil socrú le scoil ina haice maidir le reáchtáil na scrúduithe, ach thug an Roinn le fios tráthnóna aréir go bhféadfaí scúrdaitheoir cáilithe ar bith a fhostú. De réir an eolais is déanaí, caithfear an scrúdú cainte a dhéanamh lasmuigh d’uaireanta scoile le linn saoire na Cásca nó ag an deireadh seachtaine nó sa tráthnóna.

Déanfar na scrúduithe a thaifeadadh agus cuirfear ar aghaidh go dtí scrúdaitheoirí an Choimisiúin um Scrúduithe Stáit iad.

Fógraíodh an tseachtain seo caite go dtabharfar gráid mheasta do gach dalta Ardteiste i mbliana, ach go mbeidh rogha acu freisin scrúduithe traidisiúnta a dhéanamh.

Toradh amháin a bhronnfar ar na daltaí do gach ábhar agus an dalta a dhéanfaidh an scrúdú traidisúnta chomh maith beidh cead aige an marc is airde a roghnú.

D’fhógair an Roinn Oideachais aréir go mbeadh níos lú ceisteanna ná mar is gnáth le freagairt ag an té a roghnóidh scrúdú scríofa a dhéanamh. Dúradh chomh maith nár cheart do mhúinteoirí bréagscrúduithe nó réamhscrúduithe a úsáid chun teacht ar na gráid mheasta.

Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais ag iarraidh ar mhúinteoirí Gaeilge cumas cainte a chur san áireamh i ngráid Ardteiste'

  • Vincent MacAodh

    Cad faoi chumas labhartha na múinteoirí sa teanga?

    Is annamh a chloisfeá múinteoir le foghraíocht mhaith. Tosaíonn sé leis na hOllscoileanna, tá daoine ag baint céimeanna sna hOllscoileanna agus níl siad in ann fiú rudaí bunúsacha a rá i gceart. Ansin tá na daoine seo ag fáil postanna mar mhúinteoirí, leis na Meáin…