An ráig de Covid-19 amhail ‘tine a bheadh ag dul in éag’ agus titim eile ar ráta scaipthe an ghalair

Dúradh sa Dáil inniu go raibh ‘gaisce iontach’ déanta ag muintir na hÉireann, ach tugadh rabhadh go raibh an chontúirt i gcónaí ann go n-imeodh an galar ó smacht

An ráig de Covid-19 amhail ‘tine a bheadh ag dul in éag’ agus titim eile ar ráta scaipthe an ghalair

Amhail “tine a bheadh ag dul in éag” atá an ráig de Covid-19 anois agus tá súil ag an Rialtas go mbeidh ar a gcumas céim a haon de na srianta a mhaolú ar an Luan, a deir an Taoiseach leis an Dáil.

Thug an tAire Sláinte Simon Harris le fios sa Dáil chomh maith go bhfuil ráta scaipthe an ghalair anois idir 0.4 agus 0.6, titim bheag eile le seachtain anuas.

Dúirt an tAire Sláinte Simon Harris sa Dáil gur “gaisce iontach” é sin agus gur sábháladh beatha 12,300 duine mar gheall ar iarracht an phobail agus na beartais a rinneadh chun scaipeadh an ghalair a chur faoi chois.

Dúirt sé go raibh líon na ndaoine a bhfuil Covid-19 orthu atá á gcur san ospidéal gach lá tite ó 20 duine seachtain ó shin go dtí 15.

Duine nó beirt atá á gcur sna haonaid dianchúraim gach lá anois, i gcomparáid le idir 4-6 coicís ó shin, a dúirt sé.

Dúirt an Taoiseach chomh maith go bhfuil an Rialtas ag scrúdú bealaí le ceanglais níos déine a chur ar dhaoine a bheidh ag teacht isteach chun na tíre seo.

Dúirt sé gurb é an polasaí atá ann tús a chur arís leis an ngnáth-thaisteal do chúrsaí gnó agus fóillíochta chomh luath in Éirinn agus a bheidh sé sábháilte sin a dhéanamh, ach gur míonna seachas seachtainí eile a bheadh ann sula dtarlódh sin.

Dúirt Leo Varadkar go raibh an tír buailte go dona ag an bpaindéim ach go raibh deis ann anois an tsochaí a atheagrú ar bhealaí a rachadh chun tairbhe dár saoránaigh ar feadh na mblianta.

Dúirt sé go mbeadh níos mó daoine ag obair ón mbaile, go mbeadh oideachas agus cúram sláinte á gcur ar fáil ar líne, agus go mbeadh níos lú astaíochtaí á scaoileadh amach san aer agus é níos glaine dá bharr.

Thug an Taoiseach agus an tAire Sláinte rabhadh chomh maith go raibh contúirt i gcónaí ann go n-imeodh an galar ó smacht arís mura mbeifí cúramach agus mura gcloífí leis an gcomhairle faoin tsláinte phoiblí.

Is nuair a chuirfí tús le scaoileadh na srianta ar an 18 Bealtaine a chuirfí “an dúshlán is mó fós” roimh an bpobal, a dúirt Harris.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid go raibh an tseirbhís sláinte in ann 15,000 tástáil sa lá a dhéanamh, an sprioc a bhí ag an Rialtas le fada.

Dúirt Reid go rabhthas ábalta anois toradh tástála a chur ón tsaotharlann go dtí an fhoireann cuardaigh teagmhálaithe i 90 nóiméad, rud a thógadh 24 uair an chloig go dtí seo.

Tabharfar sprioc nua isteach an tseachtain seo chugainn agus é i gceist an tástáil agus an cuardach a dhéanamh laistigh de thrí lá i 90% de na cásanna.

Tá ráite ag saineolaithe go bhfuil an sceideal ama i bhfad rómhall faoi láthair más linn a chinntiú go gcoinneofar an galar faoi smacht nuair a scaoilfear na srianta atá i bhfeidhm.

Ghlac Reid leis go raibh “feabhas ag teastáil ar an tseirbhís” ó thaobh cumas tástála agus cuardach teagmhálacha agus an t-am a thógann sé.

Tógann an próiseas tástála 4-5 lá faoi láthair ón am a gcuireann dochtúir duine ar aghaidh le haghaidh tástála go dtí go ndéantar cuardach ar na daoine a raibh an t-othar sin i dteagmháil leo.

Dúirt Paul Reid go raibh 270,000 tástáil déanta ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go dtí seo, rud a fhágann an tír seo ar cheann de na tíortha is mó a dhéanann tástáil san Eoraip.

Dúirt Reid go ndearnadh an HSE a cháineadh agus “go raibh sé ceart míniú a éileamh” ach go raibh dul chun cinn déanta.

Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly sa Dáil tráthnóna go léiríonn litir a sheol an HSE go dtí an Roinn Sláinte ar an 19 Aibreán an teannas idir an Rialtas agus an t-údarás sláinte faoi chúrsaí tástála.

Deirtear sa litir go raibh “alltacht” ar an HSE faoi gheallúint a thug an Dr Tony Holohan agus NPHET go mbeifí ábalta 15,000 tástáil in aghaidh an lae, geallúint a dúradh a bhí ag teacht salach ar an socrú a bhí déanta ag an HSE leis an Roinn Sláinte.

Mhaígh an HSE go raibh “dímheas” léirithe ag NPHET ar an gcur chuige a bhí aontaithe ag an HSE leis an Rialtas. Shéan an tAire Sláinte gurb ionann NPHET agus “foireann Tony Holohan”.

Fág freagra ar 'An ráig de Covid-19 amhail ‘tine a bheadh ag dul in éag’ agus titim eile ar ráta scaipthe an ghalair'