In éineacht le Bridget agus Maitiú ar eagrán na seachtaine seo de ‘An Pod Gaeilge’, tá an t-abhcóide Cormac Ó Dúlacháin, Conchúr Ó Muadaigh ó Chonradh na Gaeilge, agus Róisín Nic Liam, iníon léinn.
Ritheadh rún stairiúil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite a thug cuspóir nua don eagraíocht teanga atá os cionn 130 bliain ar an bhfód – ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’.
An é an cinneadh ceart é? Tá plé bríomhar againn faoin gceist sin agus faoi na himpleachtaí a bhaineann leis don eagraíocht ársa teanga agus do chur chun cinn na Gaeilge.
Fág freagra ar 'AN POD GAEILGE: Ar chóir do Chonradh na Gaeilge a bheith ag ‘gníomhú i dtreo Éire Aontaithe’?'