An mó an seans ar ghrá buan idir beirt atá cosúil lena chéile?

D’fhoghlaim ár gcolúnaí ceacht nó dhó agus ceistneoir fada faoi chúrsaí grá á líonadh isteach aige

An mó an seans ar ghrá buan idir beirt atá cosúil lena chéile?

An oíche cheana, líon mé isteach ceistneoir fada chun próifíl a chruthú ar sheirbhís chleamhnais ar líne. 

Ní hé go bhfuil sé beartaithe agam grá nua a aimsiú ar an idirlíon. Ba é an chaoi gur iarradh orm an ceistneoir féin a thástáil. An cara is fearr atá agam i mo thír dhúchais, an Ísiltír, atá i mbun na seirbhíse cleamhnais thuasluaite. Theastaigh aiseolas uaidh ar cheistneoir ballraíochta nua a shuímh.

Síceolaí agus scríbhneoir é Marcelino Lopez. Chaith sé na blianta ag obair mar theiripeoir caidrimh, bhunaigh sé ceann de na suíomhanna cleamhnais is mó a bhfuil rath orthu san Ísiltír agus bíonn sé de shíor ar an teilifís ag cur comhairle ar lánúineacha atá i dtrioblóid. Gúrú grá é.

Sa leabhar is déanaí uaidh, Liefdesgedoe (‘Útamáil an ghrá’), scríobhann Lopez go gcreideann sé go raibh cuid mhór den cheart ag ár sinsir nuair a dhéanadh siad cleamhnais dá sliocht agus go bhfuil sé le tuiscint go bhfuil a leithéid de chleachtas coitianta fós i gcuid mhór den domhan sa lá atá inniu ann.

Is é an chaoi, a mhíníonn sé sa leabhar, gur deas le searbh siúcra – ach nach maireann an dúil sin ach ar feadh tamaillín gairid. A mhalairt ar fad – leannán a mbeadh oiread nithe agus is féidir i gcoitinne aige nó aici linn féin – a theastaíonn le go mairfidh caidreamh san fhadtréimhse. 

Fadó, roimh an réabhlóid ghnéis a tharla san Iarthar idir na 1920idí agus deireadh na 1960idí, ba thuismitheoirí, gaolta, nó fir nó mná a raibh scil ar leith acu sa cheird sin a dhéanadh cleamhnais. Creideann Lopez gur aip uilechumhachtach a dhéanfaidh an obair sin amach anseo toisc – le scéal fada a dhéanamh gearr – nach bhfuil ag éirí go ró-mhaith linn féin.

Ba léir dom féin an méid sin nuair a líon mé isteach an ceistneoir úd a d’iarr Lopez orm a thástáil, ceistneoir a bhféadfaí breathnú air mar chéim bheag amháin i dtreo algartam uilechumhachtach cleamhnais. Chuir na ceisteanna ar mo shúile dom arís is arís eile go mbím ag súil le rudaí nach bhféadfaí a bheith ag súil leo san aon duine amháin… san aon duine amháin. 

Lena chois sin, léirigh an ceistneoir dom gurbh fhearr a d’éirigh leis na caidrimh a bhí agam le daoine a raibh rudaí bunúsacha i gcoitinne agam leo (an claonadh a bheith i gcónaí róluath seachas rómhall, neamhshuim i bpeataí agus páistí, an libídeo céanna, gan ach cúpla sampla a lua) ná leis na caidrimh a bhí agam le daoine a raibh mé meallta acu toisc go raibh siad chomh héagsúil sin uaim féin.

Mar a bheifeá ag súil leis ó dhlúthchara, tá cur amach maith ag Lopez ar mo stair-se féin i gcúrsaí grá. ‘Is é an trua gur tháinig deireadh leis an gcaidreamh a bhí agat le X,’ a dúirt sé liom níos mó ná uair amháin, ag tagairt don duine is leadránaí a raibh caidreamh agam leis riamh.

Tá pointe aige.

Shíl mé go raibh an fear bocht sin leadránach toisc go raibh oiread rudaí i gcoitinne aige liomsa.

Ach tuigim anois gurbh é sin an fáth gur oibrigh an caidreamh.

Fág freagra ar 'An mó an seans ar ghrá buan idir beirt atá cosúil lena chéile?'