Nach deas é dea-scéala a chloisint is a léamh ar Tuairisc maidir le feabhas a bheith tagtha ar staid na Gaeilge i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.
Muintir Dhún Chaoin is muintir Pharóiste Múrach céim ar chéim nach mór le 64% agus 63% de dhaoine a labhrann an teanga go laethúil lasmuigh den gcóras oideachais de réir figiúirí Dhaonáireamh 2022.
Ardú maith ó fhigiúirí Dhaonáireamh 2016.
Dún Chaoin sa chéad áit, caithfear sin a thabhairt dóibh, gan ‘paróisteánachas’ a chur san áireamh in aon chor.
Is mó duine ‘ón dtaobh amuigh’ a cheapann gur mar a chéile an dá pharóiste.
Bíodh ‘fhios acusan go bhfuil an dá pharóiste 25 ciliméadar óna chéile agus an té a raghadh i muinín Léarscáil Google, bheadh ‘fhios acu go dtógfadh sé 25 neomataí taisteal i gcairt ó áit amháin go dtí’n áit eile, uaireanta.
Tógfaidh sé ceithre uair a’ chloig is aon neomat déag uait é a shiúl idir an dá áit agus más dhá roth atá fút, tógfaidh sé uair is cúig neomat uait an t-aistear sin a chur díot.
Tá aithne ag an saol mór ar Dhún Chaoin. An domhan is a mháthair ag triall ar an ndúthaigh san ó chuir mórscoláirí na hEorpa aithne ar Pheig Sayers, An Criomhthanach is Muiris Ó Súilleabháin, a bpearsana agus a saothar litríochta siar amach i dtús an chéid seo caite.
Scoláirí is filí is lucht cuardaigh cultúir a’ triall ar an áit riamh ó shin.
Gan trácht ar lucht déanta scannán, Ryan’s Daughter sna seascaidí deireanacha agus tamall ina dhiaidh san Far and Away le Tom Cruise, i lár an aonaigh.
Scannáin iad san a d’athraigh saol agus cultúr Chorca Dhuibhne ó bhonn.
Thairg siad aird an domhain mhóir ar an ndúthaigh.
Tá a rian san ar an síorthrácht a chuireann isteach go mór ar ghnáthshaol is compord na ndaoine.
Thabharfainn an leabhar nach bhfuil formad ag éinne a chónaíonn i bparóiste Múrach le muintir Dhún Chaoin nuair a thagann sé go dtí cúrsaí turasóireachta.
Féadfaidh tú na bóithre anseo a shiúl ar do shuaimhneas, formhór an ama.
Níl aon bhaol go leagfaidh leibide éigin a’ tiomáint ar an dtaobh mícheart den mbóthar ded’ rothar thú nó tú a chaitheamh isteach thar claí.
Ach tá an dá pharóiste ar comhchéim i slite eile, más le seanbhlas a deirim é.
Fógraíodh Comórtas ‘Roghnú Rós Pobail Chorca Dhuibhne’ le fíordhéanaí.
Comórtas atá ‘i dtacaíocht le feachtas bailithe airgid Comharchumann Dhún Chaoin’.
Beirt ógbhan chumasacha ar m’aithne, nuair a chuireas ceist orthu mar gheall air, d’fhiafaíodar díom an amhlaidh a bhí aithne agam ar dhuine éigin a chuirfeadh isteach ar an gcomórtas.
Dúrt le duine acu gur ar éigean a mholfainn d’éinne cur isteach ar chomórtas chomh hamaideach leis. Comórtas maslach, dar liom.
Bean leathnochtaithe ar phóstaer, in iomaíocht le mná óga eile. Cá bhfuil an dea-shampla do chomhionannas na mban ina leithéid d’imeacht?
An bhfeiceann tú comórtas do bhuachaillí leathnochtaithe in iomaíocht le chéile á eagrú ag éinne?
Canathaobh go gceapfadh aon eagraíocht gur gníomh fónta dearfach a leithéid do mhná óga?
Má tá Comharchumann Dhún Chaoin sásta tacaíocht a thabhairt dona leithéid de bheart, tá daoine i bparóiste Múrach chomh sásta céanna halla a chur ar fáil don ócáid.
‘Join us for a great night of fun and entertainment’, más é do thoil é, ‘all while supporting your community’.
An mise an t-aon bhean sa dúthaigh inniu go bhfuil a croí thíos ina bróga…mí Eanáir 2024?
jpmorley0@gmail.com
Dúirt Blascaodach liom, tráth dá raibh, go raibh Dúnchaoin “lán de bháillí!” Ní chuir sé aon fhiacail ann. N’fheadar an fíor fós é! Maraíodh an fear bocht agus é ag siúl abhaile ó Thigh Bheaglaoich, i mBaile na nGall, istoíche. An duine a bhí ag tiomáint ar a chaobach.
‘Bí cúramach ar na bóithre.’
WTF
‘AISEAG’ a scríobhadh an Bráthair Críostúil go minic le peann dearg ar mo chuidse aistí ar scoil. Is in é an focal a ritheann liom nuair a bhíonn Rós Thráilí faoi thrácht!