Ba mhaith ab eol dom ó bhí mé i mo ghasúr nach bhféadfá brath ar an stát ná a chuid feidhmeannach le gasúir a chosaint. Ba léir gur thábhachtaí go mór fada daoine a bhí fásta ná an ghlúin a bhí fós ag fás. Chonaic mé an tsiléig i mo thimpeall sa bpobal agus chuile chigire agus bainisteoir a chuir a smut isteach sna scoileanna a raibh mise agus mo mhuintir ag freastal orthu, ba léir gur ghlac siad le scéin agus céasadh mar chinniúint an ghasúir. Ar nós pheaca an tsinsir, ní raibh aon éalú ón láidir ag an lag.
Tháinig an aois orm agus d’fhoghlaim mé gur cheadaigh an phoblacht seo páistí a dhíol, leathmharú a thabhairt ar ghasúir mar cheartúchán (le múineadh a chur orthu a deirtí) agus a mbás a thabhairt i bhfad óna muintir.
An áit is scanrúla agus is uaigní dár sheas mise riamh ann an reilig i Leitir Fraic, damnú síoraí ar an státchóras é campa géibhinn sceirdiúil seo na hÉireann.
Nár mhaith an rud é dá gcaithfeadh chuile dhuine den 4,000 a oibríonn le Tusla deireadh seachtaine ag déanamh a marana i Leitir Fraic?
Is soiléir le cúpla seachtain nach n-athraíonn an saol ná an duine d’ainneoin reachtaíocht is tuiscintí nua an lae inniu. Tá beagnach sé bliana caite ag Enda Kenny ina Thaoiseach agus teastaíonn mí eile uaidh le mias seamróige a thabhairt sall go Meiriceá agus tá muid bodhraithe ag an gcaint uilig faoi fhéin agus a chomharba.
Tá Binse Fiosrúcháin eile againn le fáil amach ar thriail An Garda Síochána comhghleacaí dá gcuid a chrochadh mar go raibh iomarca faid ar a theanga agus an iomarca eolais aige faoi fhataí lofa an fhórsa.
Ach cé atá ag déanamh imní den bhreis agus 50,000 páiste ar cuireadh scéala fúthu chuig Tusla ó bunaíodh an eagraíocht sin trí bliana ó shin? Gasúir atá scanraithe, gortaithe agus ar an anchaoi an t-ainm eile atá ar fhaillí, mí-úsáid agus easpa cúraim.
An bhfuil eagraíocht a fhágann eolas faoi chás amháin ar chomhad duine eile agus iad ag déileáil le cás gasúir a d’fhéadfadh a bheith ag fulaingt agus i gcontúirt in ann ag an dualgas atá uirthi? An mbeadh muinín agatsa go ndéanfadh foireann shiléigeach na heagraíochta sin gníomh gasta le gasúir a shábháil? Arbh ionann gníomh ag Tusla agus comhad a oscailt ar sheanchóip de chomhad duine eile, template mar a deir siad? An bhfuil comhaid oscailte acu faoi ghasúir i ngan fhios dá muintir agus gan na Gardaí curtha ar an eolas faoin gcontúirt a bhféadfadh na gasúir sin a bheith inti?
Tá dualgas reachtúil orainne na Gardaí a chur ar an eolas más eol dúinn gasúir a bheith i mbaol. An fiú é? An féidir brath orthu féin ná ar Tusla le fiosrúchán macánta a dhéanamh nó an úsáidfear an t-eolas mar armlón chun comhghleacaí nó duine éigin a bhfuil cás acu ina leith a dhamnú? Murar féidir le Tusla oiliúint a chur ar an bhfoireann maidir le cáiréis, práinn agus íogaireacht an ábhair seo, an féidir linn brath orthu le páistí a chosaint ina dteach féin?
Ní leor don eagraíocht cosanta leanaí a rá nach raibh aon mhailís ag baint le cás an Gharda Mac Cába. Tá an tsiléig, an mhístuaim, an neamhshuim, an chluas bhodhar agus an cur ar an méar fhada i bhfad níos contúirtí ná an mhailís mar gur deacra iad a aithint ná a leigheas agus gur aicídí eagraíochtúla iad nach léir don té atá ina lár agus é plúchta ag 50,000 cás práinne.
Arbh í an easpa foirne agus strus na hoibre ba chionsiocair leis an tsiléig? Cén chaoi a gcothófar muinín san eagraíocht seo arís ar mhaithe le cosaint leanaí? An mbeidh gasúir na tíre ar an gcéad tosaíocht agus ceannaire nua á roghnú ag Fine Gael?
Is fánach ar ghasúir leochaileacha na tíre seo.
Fág freagra ar 'An mbeidh gasúir na tíre ar an gcéad tosaíocht agus ceannaire nua á roghnú ag Fine Gael?'