An mbeidh an lá leis an gclub ‘bundúnach gruamach brumaireach raibiléireach’?

Tá deireadh seachtaine ‘Cork’s Little All Ireland’ linn agus cluiche ceannais an chontae ar siúl amárach

An mbeidh an lá leis an gclub ‘bundúnach gruamach brumaireach raibiléireach’?

Patrick Hogan agus Luke Horgan ag ceiliúradh tar éis dóibh Cumann Barra Naofa a shárú. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Mar fhreagra ar cholún a scríobh mé faoi na cluichí idir Cumann Barra Naofa, mo chlub féin, agus Fánaithe an Ghleanna scríobh an scoláire cumasach Alan Titley gur ‘dream bundúnach gruamach brumaireach raibiléireach gan rath is ea an Glen’.

Sin cur síos láidir go leor ar shean-namhaid Chumann Barra Naofa agus bhí blúire (nó níos mó!) den fhírinne ann sna seanlaethanta nuair a bhí an Glen i mbarr a réime, agus iad, le cabhair mhór an mháistir é fhéin, Christy Ring, ina ríthe na hiomána sa chathair agus sa chontae ar fad.

Níl siad ina ríthe i láthair na huaire ach is iad an fhoireann shinsir is fearr sa chathair ó thaobh líon na gcraobh atá buaite acu. Le tamall de bhlianta anois tá a Ring féinig acu – Patrick Horgan.

Faraor ní bheidh aon slua i láthair i bPáirc Uí Chaoimh amárach, ach beidh teannas ann agus sean-namhaid chathrach eile mar fhreasúra acu, an Charraig Dhubh.

Bhí tráth ann nuair ba iad na foirne seo boic mhóra na hiomána i gCorcaigh. As an 131 craobh shinsir a bhí ann ón tús, tá 84 buaite ag na trí chlub cathrach atá luaite againn. Tá athrú ar an scéal sin le tamall de bhlianta, áfach. Ó thús na mílaoise, péire an ceann atá buaite ag an Glen agus na Rockies agus tá na Barrs gan aon chraobh ó 1993.

Is cinnte go mbeidh cearta maíte ag an mbuaiteoir amárach.

Sna babhtaí leathcheannais seachtain ó sin bhí An Glen meirgeach go leor ina gcuid imeartha. Ní raibh aon chluiche ceathrú ceannais acu agus a rian sin ar a dtaispeántas. Ach chríochnaíodar go láidir.

Bhí chuid maith den ádh ar an Charraig Dhubh freisin mar bhí an chuma ar an scéal d’fhormhór an chluiche féin agus den am breise gurbh iad Coláiste na hOllscoile, Corcaigh a bheadh ag imirt sa chluiche ceannais.

Bíonn conspóid minic go leor faoi na coláistí tríú leibhéal agus an cead atá acu imirt i gcraobh shinsir Chorcaí. Bíonn an chonspóid chéanna ann faoi na foirne dúiche. An fhoireann dúiche, Uí Mac Coille, a bhuaigh na trí chraobh deireanach iomána sa chontae agus níor sileadh mórán deora nuair a buadh orthu i mbliana. Íorónta go maith Coláiste ha hOllscoile a bhuaigh orthu.

Bhí foireann láidir ag an gColáiste seachtain ó shin agus imreoirí idirchontae ó Luimneach, Tiobraid Árann, Port Láirge agus Ciarraí acu.

Ach ag an deireadh a spiorad agus a ndíocas a chabhraigh leis an gCarraig Dhubh sna deich nóiméad deireanach d’am breise. Bhí an lá leo, 3-26 in aghaidh 0-34.

Agus cé a bhuafaidh amárach?

Bhuel, bunaithe ar an dá thaispeántas seachtain ó shin, tá sé deacair a rá. Níl aon dabht ach gur thóg sé tamall fada ar an nGleann fáil isteach ar luas an chluiche agus ní rabhadar i mbarr a maitheasa go dtí déanach sa choimhlint.

Ina gcluiche siúd thaispeáin an Charraig Dubh an mianach atá iontu fanacht ar bharr uisce agus foireann rompu atá, ar pháipéar ar a laghad, níos láidre ná iad.

Tá ceann de na tosaithe is fearr sa tír ag Fánaithe an Ghleanna, Patrick Horgan Níl aon réalta idirchontae ag an Charraig Dhubh ach más féidir leo Horgan a choimeád ar an ngannchuid, is dóigh go bhfuil na Rockies níos fearr mar fhoireann. Pé slí a ndeintear tomhas air, níl mórán idir na foirne.

Tá an Glen mar rogha ag na geallghlacadóirí. N’fheadar.

B’fhéidir go mbeidh ar an gclub ‘bundúnach gruamach brumaireach raibiléireach’ fanacht bliain eile chun corn Sheáin Óg Uí Mhurchú a bhuachan.

Beidh an t-aicsean ar TG4 amárach.

Fág freagra ar 'An mbeidh an lá leis an gclub ‘bundúnach gruamach brumaireach raibiléireach’?'

  • alan titley

    Ar scríobh mise é sin faoin nGlen? Caithfidh go raibh fonn carthanúil orm agus ardghiúmar, mar tá focail níos oiriúnaí fós agam dóibh im lón cogaidh foclóra!