An mbeadh an dul chun cinn céanna déanta agam mar dhornálaí dá mbeadh na ranganna á múineadh ag fear?

Is iomaí mala a ardaítear nuair a insíonn ár gcolúnaí do dhaoine gur bean a mhúineann na ranganna dornálaíochta ar a mbíonn sé ag freastal, ach measann sé féin go bhfuil buntáiste mór ag baint leis sin

An mbeadh an dul chun cinn céanna déanta agam mar dhornálaí dá mbeadh na ranganna á múineadh ag fear?

Fadó fadó, nuair a thraenáil Scáthach Cú Chulainn agus Ferdia, ní dhearna éinne iontas de, nó níor chuala mise riamh go ndearna, gur mhúin bean na healaíona comhraic d’fhir.

Ach is iomaí mala a ardaítear agus is corrbhéal a fhágtar ar leathadh nuair a deirim féin le daoine gur bean, seachas fear, a mhúineann na ranganna dornálaíochta ar a mbím ag freastal sa Bhrasaíl, mar a bhfuil cónaí orm – d’ainneoin go bhfuil an cháil chéanna ar bhandornálaithe na tíre sin agus ar bhandornálaithe na hÉireann.

Déanta na fírinne, tuigim do na daoine seo a ardaíonn a gcuid malaí agus a bhfágtar a mbéal ar oscailt. Bhí amhras orm féin nuair a d’fhógair úinéir an ionaid aclaíochta a mbím i mbun na meáchan ann, thiar mí Lúnasa na bliana seo caite, go mbeadh na ranganna dornálaíochta ag atosú tar éis na paindéime agus gurb í Amanda a bheadh á múineadh.

Bhí aithne na mblianta agam ar Amanda ón ionad aclaíochta: bean lách – rud beag cúthaileach, b’fhéidir, do dhuine a ghlacann páirt i gcomórtais ealaíona comhraic measctha – agus chomh cosúil le banlaoch Ceilteach agus a d’fhéadfadh bean ón mBrasaíl a bheith: súile dorcha, gruaig chiardhubh, craiceann bán lán tatúnna. Bhí post aici i bpub ‘Éireannach’ tráth dá saol fiú amháin.

Ní hé go raibh amhras orm faoina scileanna dornálaíochta ná faoina cumas múinteoireachta; ní ligfeadh úinéir an ionaid aclaíochta i bhfoisceacht scread asail dá chuid custaiméirí í dá mbeadh rud ar bith cearr leo sin. Ach mar fhear, bhí amhras orm faoi mo chumas féin glacadh le bean mar theagascóir i réimse a shamhlaítear – i gcead do Scáthach, Katie Taylor agus Kellie Harrington – le fir.

Is ea, cuir fearúlacht nimhe i mo leith. Ach mar a mhínigh an t-údar agus an gníomhaí sóisialta iomráiteach as Meiriceá, bell hooks, a fuair bás mí na Nollag seo caite, ina leabhar The Will to Change: Men, Masculinity and Love, is iad na fir iad féin, agus ní na mná, chéad íobartaigh na fearúlachta nimhe:

The first act of violence that patriarchy demands of males is not violence toward women. Instead patriarchy demands of all males that they engage in acts of psychic self-mutilation, that they kill off the emotional parts of themselves. If an individual is not successful in emotionally crippling himself, he can count on patriarchal men to enact rituals of power that will assault his self-esteem. 

Nílim cinnte an raibh ‘féindochar síceolaíoch’ i gceist i gcás mo chuid réamhchlaonta thuasluaite féin, ná gur ‘mhúch mé aon cheann de mo chuid mothúchán’, ach is cinnte go bhfuil taithí na mblianta agam, mar fhear a bhfuil dúil aige i bhfir, ar ‘fhir phatrarcacha a chomhlíonfadh deasghnátha cumhachta a d’ionsódh mo chuid féinmhuiníne’. An bhfuil tú liom?

Cibé ar bith, bíodh ag na fir phatrarcacha, a dúirt mé liom féin agus chláraigh do na ranganna. Agus ní mé an t-aon fhear amháin a chláraigh ach oiread.

Bhí go maith agus ní raibh go holc agus nuair a chuirim físeán a rinneadh le linn na traenála an mhí seo a chuaigh thart i gcomparáid le ceann a rinneadh thiar i mxí Lúnasa na bliana seo caite feicim go bhfuil dul chun cinn suntasach déanta agam in achar trí ráithe (fiú más mé féin atá á rá.)

An mbeadh an dul chun cinn céanna déanta agam dá mbeadh na ranganna á múineadh ag fear?

Ar chúis éigin níor rith sé liom go dtí le fíorghairid gur buntáiste mór millteach dom, mar fhear a bhfuil dúil aige i bhfir, teagascóir dornálaíochta mná a bheith agam: dá mbeadh fear do mo theagasc, is cinnte go mbeinn tar éis titim i ngrá leis faoin am seo agus go mbeadh deacrachtaí agam m’aird a choinneáil ar an rang.

Cá bhfios nárbh ar an gcúis chéanna a cuireadh Cú Chulainn agus Ferdia go hAlban chun traenáil le Scáthach.

Fág freagra ar 'An mbeadh an dul chun cinn céanna déanta agam mar dhornálaí dá mbeadh na ranganna á múineadh ag fear?'