‘An Ghaeltacht á tabhairt chugatsa’ – clár Fhéile Imram 2020 fógartha

Filí agus ceoltóirí Chorca Dhuibhne a chuirfidh tús le féile litríochta IMRAM na bliana seo an tseachtain seo chugainn

‘An Ghaeltacht á tabhairt chugatsa’ – clár Fhéile Imram 2020 fógartha

Gearrscannáin nua Ghaeilge de mhórshaothar Óivid, sraith nua scannán ag ceiliúradh filíocht agus ceol Chorca Dhuibhne, dráma nua dátheangach bunaithe ar Mo Bhealach Féin le Seosamh Mac Grianna agus cór guthanna ag canadh in ómós don chrann.

Beidh an méid sin agus a thuilleadh le feiceáil mar chuid d’fhéile Imram 2020, atá ar siúl ar líne idir an 10-21 Nollaig.

Agus an saol curtha bunoscionn ag paindéim an choróinvíris shocraigh lucht na féile an Ghaeltacht a thabhairt chuig na daoine ó tharla nach raibh cead acu dul ann, a dúirt Stiúrthóir na féile Liam Carson.

“Bliain ab ea í nuair a b’éigean dúinn freagairt do na dúshláin sin go léir a ghabhann leis an bpaindéim, go háirithe ó thaobh míreanna den fhéile a chur i láthair an phobail.

“I gcás go leor cainteoirí Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, is maith leo triall ar thobar na teanga, uair in aghaidh na bliana ar a laghad, turas nach féidir a dhéanamh i lár na dianghlasála. Mar sin, thugamar an Ghaeltacht chucusan,” Liam Carson.

Le filí agus ceoltóirí Chorca Dhuibhne agus Dánta Duibhneacha a chuirfear tús le féile na bliana seo. Déanfar an chéad cheann den tsraith scannán a taifeadadh sa Díseart sa Daingean sa bhfómhar, a shruthú ar líne Déardaoin seo chugainn, an 10 Nollaig.

Gealltar sa scannán dátheangach Garraí Gaelach na Marbh “iniúchadh ar mhiotas na gcrann, an draíocht agus an béaloideas i gcultúr na nGael”.

Seó scáthphuipéad le healaín a scannánaíodh beo in Amharclann Smock Alley, ceol atá i Leabhar na nAthruithe agus an file Caitríona Ní Cléirchín a chuir Gaeilge ar na míreanna as saothar Óivid.

Aistriúchán Mháire Mhac an tSaoi ar shaothar Rainer Maria Rilke is ábhar don tsraith scannán Marbhnaí Duino agus Pól Ó Gallchóir a chum an dráma aonair dátheangach Mo Bhagáiste bunaithe ar dhírbheathaisnéis cháiliúil Sheosaimh Mic Griann, Mo Bhealach Féin

Cuirfear clabhsúr ar Fhéile Imram na Bliana seo le Crann, scannán ina bhfuil an fhilíocht agus an amhránaíocht sa treis.

Gabriel Rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge ‘Tree’, dán fada le Richard Berengarten, agus Nick Roth a chuir an leagan in oiriúint do na hamhránaithe.

Fág freagra ar '‘An Ghaeltacht á tabhairt chugatsa’ – clár Fhéile Imram 2020 fógartha'

  • Christina Warner

    Ba mhaith liom bheith páirteach sa bhféile seo.

  • Cluain Sceach

    Ag tnúth leis!

  • Bríd "Rogha Bhríde" Ní Mhaoileoin

    Tá cuma mhaith ar seo. Tá mé ag tnúth lena fheiceáil.

  • Íde B. O'Carroll

    Beidh mé ann, gan teip!