An Ghaeilge ar cheann de na hábhair is mó atá buailte ag an ngéarchéim earcaíochta i scoileanna

De réir suirbhé a rinne Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), bhí an Ghaeilge sa tríú háit i measc na n-ábhar is deacra múinteoirí a fháil dóibh

An Ghaeilge ar cheann de na hábhair is mó atá buailte ag an ngéarchéim earcaíochta i scoileanna

Tá sé níos deacra múinteoirí Gaeilge a earcú ná múinteoirí do nach mór gach ábhar iarbhunscoile eile, de réir suirbhé nua.

De réir an tsuirbhé a rinne Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), bhí an Ghaeilge sa tríú háit i measc na n-ábhar is deacra múinteoirí a fháil dóibh. Ba iad an Mhatamaitic agus Staidéar Foirgníochta/Adhmadóireacht an t-aon dá ábhar a raibh deacrachtaí níos mó ann múinteoirí a fháil dóibh.

Bhí Bitheolaíocht, Tíos, Ceimic, Gnó, Innealtóireacht/Miotalóireacht, Fraincis agus Eolaíocht Talmhaíochta i measc na ndeich n-ábhar ba dheacra múinteoirí a fháil dóibh chomh maith.

Príomhoidí agus leas-phríomhoidí in 104 scoil sa stát a ghlac páirt sa suirbhé a dhírigh ar an ngéarchéim atá ann maidir le múinteoirí a earcú agus a choinneáil.

I measc phríomhthorthaí an tsuirbhé, léiríodh go raibh folúntais i 77% de scoileanna le sé mhí anuas nár chuir oiread agus múinteoir amháin isteach orthu. Bhí poist nár líonadh de bharr na ndeacrachtaí earcaíochta i 64% de scoileanna, nach mór dhá scoil as gach trí cinn.

Dúirt 89% de scoileanna go raibh deacrachtaí acu múinteoirí a earcú le sé mhí anuas agus 61% a dúirt go raibh deacrachtaí acu múinteoirí a choinneáil.

Tugadh le fios gur fhág na deacrachtaí a bhíonn ag scoileanna múinteoirí a fháil go raibh ar bheagnach leath acu a ghlac páirt sa suirbhé, 45%, teorainn a chur le líon na ndaltaí a bhí in ann ábhair ar leith a staidéar. Dúirt 18% de na scoileanna go raibh orthu stop a chur le múineadh ábhair de thoradh an géarchéime.

Níor mheas ach 1% go raibh dóthain á dhéanamh ag an Rialtas agus ag an Roinn Oideachais chun dul i ngleic leis an bhfadhb agus chreid 9% go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun múinteoirí Éireannacha atá ina gcónaí thar lear a mhealladh ar ais chun dul ag múineadh in Éirinn.

Dúirt Uachtarán an TUI, David Waters go raibh an Rialtas “ag diúltú” a aithint cé chomh dona agus atá an fhadhb ag scoileanna i dtaobh múinteoirí a fháil, gan trácht ar í a leigheas.

Dúirt Waters go raibh an fhadhb ag dul in olcas agus gur bhraith príomhoidí go raibh siad “tréigthe” ag an Rialtas.

Dúirt sé go raibh an fhadhb imithe in olcas mar gheall ar an ngéarchéim lóistín agus nach raibh sé d’acmhainn ag go leor daoine tabhairt faoin múinteoireacht iarbhunscoile, go háirithe nuair nach raibh aon chinnteacht ann go mbeadh siad uaireanta iomlána teagaisc le fáil acu i scoil.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ar cheann de na hábhair is mó atá buailte ag an ngéarchéim earcaíochta i scoileanna'