An gcuirfidh aon dream stop le Luimneach in 2022?

Bhí Luimneach beagnach gan locht anuraidh ach beidh daoine sa Ghaillimh agus in áiteanna eile ag súil go mór le 2022 chomh maith

An gcuirfidh aon dream stop le Luimneach in 2022?

De ghnáth an t-am seo bliana bheimis ag súil leis na cluichí idirchontae agus ag caint faoin mbliain nua agus eachtraí pháirc na himeartha. Cé nach mar sin dúinn i mbliana bhíomar thar a bheith sásta leis an gcuid is mó de na cluichí club a chonaiceamar beo agus ar an scáileán an geimhreadh seo. Bhí ardchaighdeán ag baint leis na cluichí sna craobhacha contae ar fud na tíre.

Dar ndóigh tá rudaí athraithe sa saol (agus cúrsaí fós ag athrú thar oíche beagnach an t-am go léir), agus is é an dála céanna é le cúrsaí cluichí CLG. Sula mbeidh Fleadh Cheoil na hÉireann againn i mbliana beidh an dá craobh shinsir uile-Éireann críochnaithe agus seaimpíní 2022 againn.

Bhíos chun na focail ‘seaimpíní nua’ a úsáid ach n’fheadar faoi sin agus an iomáint á meas againn. Bheadh sé deacair féachaint thar Luimneach agus sinn ag déanamh anailíse ar chúrsaí 2022. Tá foireann thar a bheith cumasach acu agus tá an phróifíl aoise óg go leor ag an dream seo imreoirí. Bhíodar beagnach gan locht i gcluiche ceannais na hÉireann, mar ar thug siad taispeántas na bliana. Sea, bunaithe ar an méid a chonaiceamar in 2021 is deacair a shamhlú go mbeidh seaimpíní nua againn in 2022.

Cinnte tá sceitimíní ar dhaoine sa Ghaillimh agus Henry Shefflin i gceannas ach b’fhéidir go dtógfaidh sé tamall dó dul i dtaithí ar ról an bhainisteora idirchontae. Ach tá mianach sa Ghaillimh agus is fear ábalta, stuama, ionraic é Henry Shefflin a thuigeann cad atá ag teastáil ag an leibhéal seo.

Déarfainn go raibh bord Phort Láirge thar a bheith sásta gur fhan Liam Cahill mar bhainisteoir, go háirithe nuair a bhí an folúntas a bhí ina chontae dúchais, Tiobraid Árann á lua go láidir leis. Tá éacht déanta aige ach n’fheadar an bhfuil a dhóthain imreoirí aige chun Luimneach a chloí in 2022.

Tá cuid mhaith athruithe déanta ag Kieran Kingston ar fhoireann an chúlseomra i gCorcaigh agus feicfimid conas mar a bheidh acu leis na hógánaigh a bhuaigh an dá chraobh faoi-20 is déanaí. Beimid ag coimeád súil ghéar freisin ar Colm Bonner i dTiobraid Árann agus ar an Tiobraid Árannach eile, Darragh Egan i Loch Garman.

Tosnóidh an comórtas sraithe an chéad deireadh seachtaine de mhí Feabhra agus críochnóidh sé an chéad deireadh seachtaine d’Aibreán. Dhá ghrúpa a bheidh sa tsraith. I ngrúpa 1A beidh Luimneach, Loch Garman, Gaillimh, Corcaigh, Uíbh Fhailí agus an Clár agus i 1B beidh Tiobraid Árann, Port Láirge, Áth Cliath, Laois, Cill Chainnigh agus Aontroim. Imreoidh na foirne a bheidh ar bharr an dá ghrúpa a chéile sa chluiche ceannais agus imreoidh an dá fhoireann a chríochnóidh ag bun na dtáblaí a chéile. Dícháileofar an fhoireann a chaillfidh an cluiche sin go dtí roinn 2A do 2023.

Agus ansin gan mórán moille cuirfear tús leis an gcomórtas craoibhe agus le comórtais Joe McDonagh, Christy Ring, Nicky Rackard agus Lory Meagher. Leanfaidh siad san ar aghaidh go dtí tosach mhí an Mheithimh nuair a bheidh na craobhacha cúige á n-imirt. Ansin i lár na míosa beidh cluichí ceathrú ceannais na hÉireann againn agus ag tosach mhí Iúil imreofar na cluichí leathcheannais agus coicís ina dhiaidh sin, ar an 17ú Iúil, beidh cluiche ceannais na hÉireann againn.  

Tá cúpla coimhlint ag cothú ceannlínte cheana féin agus an ceann is suimiúla is dócha ná an chéad chluiche craoibhe i gCúige Laighean idir Cill Chainnigh agus an Ghaillimh. Beidh beirt d’fhathaigh na hiomána ar an taobhlíne don cheann seo, iar-laoch na gCat Henry Shefflin agus bib bhainisteoir na Gaillimhe air den chéad uair sa chraobh agus Brian Cody agus bib bhainisteoir Cill Chainnigh air, mar a bhí gach bliain ó 1999. Beidh na grianghrafadóirí gnóthach an deireadh seachtaine Bealtaine sin.

Cuirfear suim sna cluichí craoibhe go léir ach is dócha go mbeidh cuid mhaith suime sa chéad chluiche i gCúige Mumhan idir Luimneach agus Corcaigh. Slat tomhais mhaith a bheidh ann maidir le conas mar atá ag seaimpíní 2020 agus 2021 agus tánaistí 2021, a fuair greadadh ceart ó na seaimpíní anuraidh.

Sea bliain shuimiúil atá amach romhainn.

Beatha agus sláinte chugaibh in 2022.

Fág freagra ar 'An gcuirfidh aon dream stop le Luimneach in 2022?'