Níl aon fhaoiseamh ón bhfuacht i ndán dúinn inniu ná aon imeacht ar an sioc is an sneachta á thuar.
Beidh an oíche anocht fuar feanntach agus é ag sioc go gaineamh rua mar go bhfuiltear á thuar go mbeidh an teocht idir trí chéim faoi bhun an reophointe agus ocht gcéim faoina bhun.
Gaoth bhog aniar is mó a bheidh againn ach beidh sí luaineach.
Tá fógra buí eisithe ag Met Éireann don tír uilig ag cur fainic orainn faoin teocht íseal agus an leac oighir a thiocfaidh dá bharr agus caint ann go bhféadfaí an fógra sin a dhéanamh níos tromchúisí as seo go tráthnóna.
Faoi láthair beidh an fógra buí sin i bhfeidhm go dtí oíche Déardaoin.
Beidh contúirt ag baint le cúrsaí taistil i rith na seachtaine seo, beidh paistí seaca ar bhóithre agus ar chosáin agus cuirfear isteach ar sheirbhísí iompair in áiteanna.
Ar éigean go mbeidh an teocht os cionn an reophointe i rith an lae as seo go Déardaoin.
Tá an fógra buí eile i dtaobh sneachta is seaca i bhfeidhm i gcónaí go dtí meán lae inniu agus lucht na haimsire ag tuar go bhféadfadh ceathanna geimhriúla ráthanna sneachta a fhágáil in áiteanna, go háirithe ar thalamh crochta agus ar bhóithre.
Fágfaidh ceathanna sneachta agus flichshneachta an léargas go dona ag tiománaithe agus comhairlítear do dhaoine a bheith fíorchúramach má chaitheann siad tabhairt faoi aistear.
Beidh bóithre an-chontúirteach anocht de bharr ceo seaca in áiteanna. Beidh ceathanna geimhriúla le cósta an tuaiscirt.
Lá fuar eile a bheidh againn inniu agus corrthamall gréine agus ceathanna geimhriúla anonn is anall, go háirithe sa taobh thiar agus sa taobh ó thuaidh den tír.
Tá an fuacht seo á ghealladh ag lucht na haimsire as seo go dtí an deireadh seachtaine. Is beag seans go ndéanfaidh an sioc agus an t-oighear aon choscairt le solas an lae mar go bhfuiltear á thuar go mbeidh teocht an lae idir an reophointe agus cúig chéim os a chionn agus goimh sa ngaoth mheasartha aniar aduaidh.
Tá roinnt contaetha buailte go dona ag an ráig is deireanaí seo seaca is sneachta – scoileanna dúnta, an tseirbhís aibhléise as ord agus cúrsaí taistil ina gcíor thuathail.
Bhí líon suntasach scoileanna dúnta inné i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí, Cheatharlach, Chill Chainnigh, Luimnigh agus Thiobraid Árann agus fágadh beagnach 60,000 teach agus ionad gnó gan aon chumhacht aibhléise. Thug díon ionad spóirt i dTrá Lí uaidh faoin ualach trom sneachta.
I ráiteas ón ESB, dúradh go raibh a gcriúnna ar a mine ghéire ag iarraidh an tseirbhís a chur ina ceart arís dá gcustaiméirí ach go bhféadfadh nach mbeidh soláthar ag tithe ná gnóthaí áirithe go ceann roinnt laethanta agus go bhféadfadh tuilleadh daoine a bheith gan seirbhís de bharr na drochaimsire.
Cuireadh moill ar eitiltí agus cuireadh roinnt seirbhísí poiblí iompair ar ceal. Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte gur chuir roinnt ospidéal sna ceantair is measa atá buailte seirbhísí d’othair lae agus d’othair sheachtracha ar ceal.
I ráiteas ó Uisce Éireann dúradh go raibh 43,000 duine gan soláthar uisce agus a bhformhór sin i gCiarraí, Luimneach, Tiobraid Árann. Tá an soláthar uisce do dhaoine i dtuaisceart Chorcaí i mbaol freisin mar go bhfuil an leibhéal uisce sa taiscumar an-íseal.
Tá an córas seachadta poist é féin buailte agus dúirt An Post go raibh “an chuid is mó” de na veaineanna poist stoptha i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí, Chill Chainnigh, Luimnigh agus Thiobraid Árann. Bhí roinnt oifigí poist sna ceantair sin dúnta inné ceal córas ríomhaireachta.
Fuar feanntach a bheidh sé arís amárach agus ní ghlanfaidh an sioc ná an t-oighear in áiteanna in aon chor i rith an lae.
Scalfaidh grian corrthamaillín aon áit a nglanfaidh an ceo. Táthar ag tuar go mbeidh an teocht idir -3 agus +3 céim Celsius san iarnóin agus an ghaoth aniar. Beidh ceathanna geimhriúla sa tuaisceart agus san iarthuaisceart.
Tá boige bheag á gealladh dúinn faoin Aoine agus scaipfidh ráigeanna báistí leo soir i rith an lae agus ní bheidh siad chomh trom. Idir trí agus sé chéim os cionn an reophointe atá á thuar don Aoine agus gaoth shéimh chugainn aneas.
Pádraic
Stór focal iontach a bhaineann le cúrsaí aimsire san alt seo!