An Fhrainc sách láidir chun an Ísiltír a shárú, fiú d’uireasa Mbappé

Briseadh srón réalta na Fraince in aghaidh na hOstaire agus seans maith nach n-imreoidh sé i gcoinne na hÍsiltíre anocht

An Fhrainc sách láidir chun an Ísiltír a shárú, fiú d’uireasa Mbappé

Buille mór a bheadh ann don Fhrainc mura mbeidh Kylian Mbappé ag imirt anocht tar éis dó leicíneach a dhéanamh dá shrón sa bhua i gcoinne na hOstaire Dé Luain. Bhí an tosach ag traenáil i rith na seachtaine ach bheadh an Fhrainc ag dul sa seans má chaitear isteach anocht é, go háirithe agus iad ag súil go bhfuil comórtas fada i ndán dóibh.

Is maith atá a fhios ag na hÍsiltírigh cé chomh cumasach is atá Mbappé. D’imir an Fhrainc agus an Ísiltír i gcoinne a chéile sna cluichí cáilithe don chomórtas seo (bhí Éire sa ghrúpa céanna) agus bhuaigh an Fhrainc an dá chluiche, 4-0 agus 2-1, agus dhá chúl scóráilte ag Mbappé i chaon chluiche.

Cé go raibh Mbappé ar dhuine de na himreoirí ab fhearr ar domhan agus gur bhuaigh sé Corn an Domhain in 2018, chomh maith le trí chúl a scóráil i gcluiche ceannais 2022, ní hé is ansa leo sa bhFrainc. Meastar go bhfuil an iomarca talaimh faoi agus táthar ann a deir nach mbíonn sé sách dícheallach agus é ag imirt agus go bhfágtar a fhoireann faoi bhrú dá bharr.

Beidh deis ag lucht a cháinte an Fhrainc a fheiceáil d’uireasa Mbappé anocht agus cé gur cheart go mbeadh scuad na Fraince sách maith chun an bhearna sin a líonadh an uair seo, ba cheart fáilte chroíúil a chur roimhe nuair a fhillfidh sé mar beidh sé i bhfad níos deacra ag an bhFrainc an comórtas seo a bhuachan dá uireasa.

D’imir Mbappé cuid mhaith den chluiche i gcoinne na hOstaire i lár na dtosaithe agus Marcus Thuram ag imirt ar an gcliathán clé.

Mura mbíonn Didier Deschamps ag iarraidh an fhoireann a bhuaigh an cluiche sin a athrú an iomarca, d’fhéadfadh sé Olivier Giroud, fear a bhfuil níos mó cúl scóráilte don Fhrainc ná aon fhear eile, a thabhairt isteach in áit Mbappé nó Kinglsey Coman a thabhairt isteach ar an gcliathán agus Thuram a imirt sa lár.

Bhuaigh an Ísiltír an chéad chluiche acu sa chomórtas i gcoinne na Polainne ach, cé go raibh an chuid ab fhearr den choimhlint ag foireann Ronald Koeman, theastaigh cúl deireanach ón ionadaí Wout Weghorst chun an cluiche a bhuachan.

D’athraigh Koeman an triúr tosaithe a thosaigh an cluiche sin, rud a léirigh nach raibh sé sásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh. Ní raibh Cody Gakpo, Memphis Depay ná Xavi Simons i mbarr a maitheasa i gcaitheamh an tséasúir ach seans go dtabharfaidh Koeman deis eile dóibh anocht agus gur mar fhir ionaid a thabharfaidh sé isteach Wout Weghorst agus Donyell Malen arís.

Bhí sé tábhachtach don Ísiltír an ceann is fearr a fháil ar an bPolainn sa chéad chluiche sin mar ní bheadh siad ag súil le mórán ón gcluiche seo, cé go m’fhéidir go n-athródh sin má bhíonn Mbappé ar iarraidh, agus tabharfaidh an Ostair a ndúshlán sa chluiche deireanach. Fiú gan Mbappé a bheith ar fáil, tá foireann thar a bheith láidir ag an bhFrainc agus bheadh tú ag súil go n-éireodh leo dá uireasa anocht.

Cluichí

An tSlóvaic v An Úcráin – 2.00in (Grúpa E)
An Pholainn v An Ostair – 5.00in (Grúpa D)
An Ísiltír v An Fhrainc – 8.00in (Grúpa D)

Fág freagra ar 'An Fhrainc sách láidir chun an Ísiltír a shárú, fiú d’uireasa Mbappé'