Níl sé de cheart ag páirtí nó grúpa ar bith a rá tar éis an olltoghcháin gur léir go n-aontaíonn an pobal lena dtuairim.
Is léir do chách go bhfuil an scéal amhlaidh i gcás gach páirtí. Is fiú breathnú mar sin ar an tacaíocht a fuair na páirtithe nó na Teachtaí Dála a mbreathnófaí orthu le chéile mar chuid den eite chlé. Is é sin, má úsáidtear an sainmhíniú is leithne atá ann ar an dá fhocal sin.
Léiríonn an tábla thíos ionadaíocht na heite clé sa Dáil nua, agus léiríonn sé an t-athrú a tharla ón Dáil a toghadh in olltoghchán 2011. Tá scéal 2011 idir lúibíní againn.
An Lucht Oibre: seacht suíochán (- 30)
Sinn Féin: 23 (+9)
AAA/PbP: 6 (+2)
Daonlathaigh Shóisialta: 3 (-)
Neamhspleáigh bháúla: 5 (+2)
IOMLÁN*: 44 (-11)
Mar is léir láithreach ón tábla, ainneoin a bhfuil ráite ag go leor Teachtaí Dála ar an eite chlé, san olltoghchán is i laghad a chuaigh ionadaíocht iomlán na bpáirtithe a bhreathnódh orthu féin mar chuid den eite sin.
Mar is léir freisin, dá mbeadh ionadaíocht iomlán na heite clé sa Dáil nua fiú ar chomhchéim leis an ionadaíocht a bhí acu in 2011, agus dá mbeadh páirtithe ar an eite chlé toilteanach tarraingt le chéile, bheidís chun tosaigh ar Fhine Gael agus ar Fhianna Fáil.
* Seo a leanas cur síos ar an gcomparáid a rinneadh maidir le trí dhream atá faoi chaibidil sa tábla thuas:
1 Ní raibh comhghuaillíocht an AAA-PbP san iomaíocht in olltoghchán 2011. Tá toradh 2016 curtha i gcomparáid mar sin le hionadaíocht Dála na bpáirtithe, a bhunaigh an chomhghuaillíocht anuraidh, tar éis olltoghchán 2011.
2 Ní raibh na Daonlathaigh Shóísialta san iomaíocht in olltoghchán 2011. Bunaíodh an páirtí anuraidh.
3 Tá na Teachtaí seo a leanas curtha san áireamh sa tábla thuas mar Theachtaí atá báúil leis an eite chlé, ó thaobh cúlra nó/agus tuairimí de: Clare Daly, John Halligan, Joan Collins, Tommy Broughan agus Catherine Connolly.
Tom
Ní rud ceart no coir pairtí an lucht oibre a chuir san aireamh ar an eitilt clé. Sa lár atá siad agus dá dtógfá as an aireamh iad +19 a gheofá.
Eoin Ó Murchú
Ach ní féidir Páirtí an Lucht Oibre a chur mar chuid den eite chlé ag an bpointe seo. Glacaim leis ámh go ndeachaigh cuid mhaith dena suíocháin a bhíodh acu ar ais go Fianna Fáil nó go neamhspleaigh den uile chineál.
Mar sin fhein, tá an eite fhrith-dhéine méadaithe ó timpeall 23 go dtí timpeall 40. Mionlach sa Dail I gcónaí, ach ag fás.