An eagla roimh Corbyn is cúis le seasamh daingean an Aontais Eorpaigh san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht?

Níl aon anailís déanta ag an rialtas faoi céard is cóir dóibh a dhéanamh nuair a theipfidh ar an idirbheartaíocht reatha

An eagla roimh Corbyn is cúis le seasamh daingean an Aontais Eorpaigh san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht?

De réir mar atá lá na cinniúna san Aontas Eorpach ag teacht níos gaire dúinn, tá sé ag éirí níos soiléire go mbeidh teorainn chrua ar an oileán seo mar thoradh ar theip na hidirbheartaíochta faoin mBreatimeacht.

Go réalaíoch, ag an bpointe seo, in éagmais aon idirbheartaíocht dhíreach ag an stát ó dheas le Sasana faoin teorainn, níl ach dhá réiteach ar an scéal: go bhfanfadh an Bhreatain ar fad san Aontas Custaim, nó go gcuirfí aon teorainn eacnamaíochta ar Muir Éireann, idir an t-oileán ar fad agus an Bhreatain.

Ní fhanfaidh an Bhreatain san Aontas Custaim, mar cheanglófaí iad le rialacha atá leagtha síos ag an Eoraip nach mbeadh smacht ar bith acu orthu. Chuirfeadh cinneadh fanacht san Aontas Custaim rogha an phobail go n-imeodh an Bhreatain as an Aontas ar ceal nach mór.

Agus cé go bhfuil brú ar Jeremy Corbyn, ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre thall, i dtaobh an Aontais Chustaim, teastaíonn uaidh siúd freisin go mbeadh an tsaoirse ag aon rialtas a mbeadh seisean ina cheannaire air briseadh le rialacha an tsaormhargaidh a leagadh síos i gconradh i ndiaidh conartha le blianta beaga anuas.

Is dá bharr sin go mbíonn Corbyn ag caint faoi aontas nua custaim in ionad a bheith ag moladh fanacht san aontas custaim mar atá.

Ach ní féidir le rialtas na Breataine glacadh leis an t-aon réiteach ciallmhar ar an scéal, is é sin an teorainn eacnamaíochta a chur idir oileán na hÉireann agus an Bhreatain, bíodh na sé chontaetha fós san Aontas Custaim, nó bíodh stádas speisialta nó eile acu. Ní féidir le rialtas na Breataine glacadh leis an réiteach ciallmhar sin toisc go bhfuil siad ag brath ar thacaíocht an DUP, na hantoiscigh aontachtacha.

Ach níl aon anailís déanta ag an rialtas faoi céard is cóir dóibh a dhéanamh nuair a theipfidh ar an idirbheartaíocht reatha, an mhí seo chugainn, nó, ar a dhéanaí, ag deireadh an fhómhair.

Tá ár muinín ar fad curtha san Aontas againn. Faoi láthair tá an tAontas ag seasamh le mian rialtas na sé chontae fichead, ach an gcloífidh siad ach a thiocfaidh lá na cinniúna?  Nó an bhfuil leas á bhaint as scéal na hÉireann le clár de chuid Michel Barnier féin a chur chun cinn?

Seo í an tuairim atá agamsa. Sa gcéad áit, teastaíonn ó Barnier sampla a dhéanamh d’aon tír a d’fhágfadh an tAontas.  Má fheictear go bhfuil sé éasca go maith imeacht, tá baol mór ann go leanfadh tíortha eile an Bhreatain.

Sa dara háit, cé go bhfuil an Páirtí Caomhach chomh dílis do phrionsabail an tsaormhargaidh is atá an tAontas féin, ní cheaptar gur mar a chéile a bheadh Corbyn.

Bhí alt suimiúil in Times Londan a dúirt gur eagla roimh Corbyn is cúis leis an seasamh daingean atá ag an Aontas san idirbheartaíocht.

Ar ndóigh, is deacair aon iontaoibh a bheith ag duine i rud ar bith a deir a leithéid de nuachtán, ar gaire dá gcroí a soiscéal sotalach féin ná fírinne ar bith. Mar sin féin, tá loighic ag baint leis an scéal áirithe seo fiú mura n-ainmníonn siad na foinsí Eorpacha a thug an t-eolas dóibh.

Is é a bhí sa tuairisc ná ráiteas ó fhoinsí Eorpacha go bhfuil eagla ar an Aontas go mbeadh buntáiste ag lucht gnó na Breataine dá mbeadh cead ag an stát fóirdheontais a thabhairt do chomhlachtaí déantúsaíochta agus go gcuirfeadh comhlachtaí stáit isteach ar chomhlachtaí na hEorpa atá bainteach le seirbhísí príobháidithe, amhail fuinneamh.

Teastaíonn ón Eoraip, a deir siad, go n-athrófaí na rialacha faoin saormhargadh in aon chonradh réitigh leis an mBreatain.

Ní theastaíonn uathu go mbeadh an tsaoirse ag Corbyn a chlár radacach sóisialach a chur i bhfeidhm, bíodh sin lasmuigh nó laistigh den Aontas. Cinnte, tá súil acu gur féidir srian a chur le Corbyn trí brú a chur air faoi aontas custaim, rud atá ar siúl faoi láthair, agus trí shéideadh faoin bhfeachtas glórach atá ar bun ag naimhde Corbyn ina pháirtí féin.

Ach fágann an scéiméireacht seo ar fad go bhfuil Éire ar an ngannchuid. Tá muid ag brath, faraor, ar dhaoine a bhfuil tosaíochtaí eile acu.

Tá sé ag éirí déanach sa lá ach ní dóigh liom go bhfuil sé ródhéanach fós plean dár gcuid féin a chur le chéile chun déileáil leis an dá chás: An Eoraip agus na Tóraithe, nó An Eoraip agus Corbyn.

Rud amháin atá soiléir, ámh.  Mura mbíonn plean éigin againn maidir le trádáil le Sasana tar éis an Bhreataimeachta agus mura mbíonn plean éigin againn faoi theorainn na hÉireann, tubaiste eacnamaíochta agus sóisialta atá romhainn.

Fág freagra ar 'An eagla roimh Corbyn is cúis le seasamh daingean an Aontais Eorpaigh san idirbheartaíocht faoin mBreatimeacht?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Mura mbíonn plean éigin againn”, dar le Eoin, “maidir le trádáil le Sasana tar éis an Bhreataimeachta agus mura mbíonn plean éigin againn faoi theorainn na hÉireann, tubaiste eacnamaíochta agus sóisialta atá romhainn” a dheireann Eoin. Ach nach bhfuil Eoin é féin ar son Breatimeacht ‘chruaidh’, in aon champa le UKIP agus an chuid is faide ar dheis de na Tóraithe, agus é ag súil go mbeidh ‘tubaist eacnamaíochta agus sóisialta romhainn’?

  • An Teanga Bheo

    Nach é seo plean naTóraithe go minic isteach san Eoraip le Ted Heath agus ansin an colscaradh le May. Timpist de shíor í an Breatimeacht seo do Éirinn silim fhéin?