An tseachtain seo caite thug aire ón DUP an t-eiteachas as éadan do mholadh go bhfuasclódh margadh den chineál atá ag an Eilvéis leis an Aontas Eorpach na fadhbanna a bhaineann leis an bPrótacal iarBhreatimeachta.
Baineadh geit as daoine go raibh Diane Dodds, Aire Eacnamaíochta in Stormont chomh dímheasúil faoin moladh, í ag diúltú dó go giorraisc, ag rá go n-éileodh sé go gcaithfeadh an Bhreatain rialacha an Aontais Eorpaigh a chomhlíonadh ‘go sclábhánta’.
Lá arna mhárach bhí a port athraithe, í ag rá gur baineadh míbhrí as a cuid cainte, gurb é a bhí i gceist aici gur chinneadh do Rialtas na Breataine é.
Seans gur mheabhraigh duine éigin di idir an dá linn gur iarr an DUP go príobháideach ar rialtas na Breataine anuraidh margadh de chineál na hEilvéise a dhéanamh – ailíniú le rialacha an AE i dtaca le bia, agraibhia agus caighdeáin fiteashláintíochta. Nochtadh an scéal san Financial Times go ndearna Edwin Poots mar Aire Talmhaíochta an t-iarratas i mí an Mheithimh seo caite ach go bhfuair sé an chluas bhodhar.
Léiriú ar chur chuige taghdach guagach an DUP ab ea an scéal, iad ar chrandaí bogadaí i gcónaí. Bhí siad i bhfabhar réitigh ar stíl na hEilvéise, ansin ní raibh agus tá anois arís ach mar chéim eatramhach go dtí go gcuirfí an prótacal ar ceal. Chothaigh an scéal ceisteanna arís faoi chumas straitéiseach an DUP. An bhfuil a gcúrsa pleanáilte nó an bhfuil siad ag imeacht le sruth an bhrú ó aontachtaithe eile, go háirithe Jim Allister TUV?
Foilsíodh an nuacht faoi iarratas an Aire Poots tráthnóna Dé Luain taca an ama a raibh plé na bhfeisirí Parlaiminte faoi achainí an DUP go gcuirfí an Prótacal ar ceal ag teacht chun deiridh. Díospóireacht fhíorúil i seomra coiste in Westminster a bhí ann, imeacht nach bhfuair mórán airde i Londain ó bhí an Príomh-Aire ag fógairt pleananna chun clabhsúr a chur le dianghlasáil na paindéime. Mar a bhí á thuar roimh ré ba bheag sásamh a fuair siad ón rialtas san díospóireacht. An freagra ó aire – tá an Prótacal riachtanach ach déanfar gach dícheall chun na deacrachtaí trádála a réiteach; níor cuireadh úsáid an Airteagail 16 as an áireamh más gá áfach, cor a thugann léas beag dóchais d’aontachtaithe.
Ba léir nár shíl an DUP go ngéillfeadh an Príomh-Aire Johnson dá n-éileamh Dé Luain. (Ceist eile ar fad é an measann siad go n-éireoidh lena bhfeachtas in aghaidh an Phrótacail, ina iomláine, sa bhfadtéarma.) Is dúshlán cúirte don Phrótacal an chéad chéim eile ar an mbonn go sáraíonn sé prionsabal na tola ó dhá thaobh na deighilte in Acht 1998 a thug feidhm do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus Acht an Aontais 1800/1801.
Tá an DUP ag tacú leis an iarratas ar athbhreithniú breithiúnach a d’éiligh Jim Allister agus Breatimeachtóirí cíocracha eile. Bhí urlabhraithe an DUP ar a mbionda chun a thabhairt le fios nach raibh siad faoina ordóg ag Allister; dúradh go raibh cás cúirte á bheartú acu féin ach gur chinn siad go mbeadh an t-éileamh níos láidre dá mbeadh aontachtaithe aontaithe ag tacú leis.
Ní lia dlíodóir ná tuairim faoin mbunús atá leis an dúshlán dlí. Is cosúil nach é an conradh aistarraingthe, faoinar bunaíodh an prótacal atáthar ag iarraidh a chur ar neamhní ach an dlí a rith an Pharlaimint in Westminster, ar mholadh an Státrúnaí Brandon Lewis, maidir le vóta in Stormont. Ceileann an reacht sin an deis ar aon dream chun veto a úsáid.
Ó tharla nach bhfuil móramh aontachtach in Stormont agus imní orthu nach mbeidh i gceann ceithre bliana is buille é nach bhféadfaí an Prótacal a chur ar ceal d’uireasa an veto.
Meastar gur sa Chúirt Uachtarach i Londain a thiocfaidh an t-athbhreithniú breithiúnach chun deiridh, i ndiaidh éisteacht san Ardchúirt agus i gCúirt na nAchomharc abhus. Ag an am céanna tá roinnt gnólachtaí agus fiú an áisíneacht infheistíochta Invest NI ag moladh bealaí chun leas a bhaint as a bheith in ann an dá thrá a fhreastal agus líon na ndaoine a mholann margadh ‘Eilvéiseach’ ag méadú. B’fhéidir go gcasfadh an DUP ar ais ag an rogha sin mar fhuascailt bhuan. Cá bhfios?
Fág freagra ar 'An DUP mar a bheadh siad ar chrandaí bogadaí '