An dream atá thíos cuirfear ag iompar chrois na timpeallachta iad…

Is gearr eile a thabharfar cead móin a bhaint, ach tá leathnú eile le cur ar Aerfort Bhaile Átha Cliath

An dream atá thíos cuirfear ag iompar chrois na timpeallachta iad…

Anuas den phortach a bhí mé ag teacht nuair a casadh dhom é. Bhí sé amach sna blianta ach bhí sé beo scafánta i gcónaí. Bhí rothar aige ach ní raibh sé ag marcaíocht uirthi mar go raibh sé ag dul in aghaidh an aird.

Sin anois, arsa mise liom féin, óglach a mbeadh na Glasaigh an-bhródúil as.

D’fhiafraigh sé díom cén chaoi a raibh mo chuid móna i mbliana?

Dúirt mé leis gur bliain mhaith mhóna a bhí inti ach gur dhóichí gur ghearr eile a thabharfaí cead dhúinn í a bhaint, ar mhaithe leis an timpeallacht.

B’fhéidir mar sin féin, arsa mise, go mbeinn básaithe sula dtarlódh sé sin. Rinne sé staidéar beag agus bhreathnaigh sé uaidh soir ar an gcriathrach.

“Is mór an rud le rá é,” ar seisean “agus ní maith liom é a rá, ach tá súil agam nach mbeidh ceachtar againn beo nuair a tharlóidh sé.”

Bhí nádúr ag muintir na tuaithe riamh leis an móin. Ba chuid dhílis dá saol í. Tús agus deireadh an duine is ar an tine a thriallann a bhí sa seanfhocal.

Brisfidh sé croí cuid mhaith daoine má dhéantar dlí nach mbeidh cead fód eile móna a bhaint. Feiceann muintir na tuaithe tithe ag dul suas anois nach bhfuil simléar ar bith iontu. Cruthú eile é sin nach fada uathu an lá cinniúnach.

Is fíor go raibh daoine ag éirí as baint na móna de réir a chéile ar aon chaoi le tamall. Éascaíocht agus leisce agus daoine a bheith cruógach ar bhealaí eile ba chúis leis sin. D’iompaigh siad ar an ola. Sin rogha eile nach mbeidh ann feasta: ní bheidh cead ola a chur sna tithe nua amach anseo ach an oiread.

Bíodh teaschaidéal agat an uair sin nó déan do ghoradh leis an ngréin.

Idir an dá linn tá díospóireacht mhór tosaithe faoi bhealaí le téamh na cruinne a smachtú. Ar mhuintir na tuaithe is fearr leis na Tráchtairí Móra an chuid is troime den dualgas a leagan.

Ní beo iad ach ag meabhrú dhúinn gur mór an dochar a dhéanann na beithígh a bhíonn ag brúchtaíl agus ag broimneach sna páirceanna. Ar an láimh eile, tá an rialtas ag smaoineamh ar mhairteoil a ligean isteach as an mBrasaíl, tír a bhfuil crainnte á leagan agus á ndó as éadan inti le tuilleadh talún a réiteach do bheostoc.

Míníonn na Tráchtairí Móra dhúinn freisin gur mór an dochar atá carranna a dhéanamh. Go deimhin, a deireann siad, is iad na beithígh agus na carranna is cúis le beagnach leath na faidhbe. Ach bhí an tAire Richard Bruton ag fuarchaoineachán an lá faoi dheireadh faoin méid deontas a chaithfeadh an stát a íoc le daoine a spreagadh le carranna leictreacha a cheannacht.

Má fhágtar as an áireamh na beithígh agus na carranna, cé na máithreacha goir eile atá ag téamh an domhain?

Agus mé á scríobh seo tá díospóireacht ar an raidió faoin gceist sin. Éisteoir a ghlaoigh isteach ag fiafraí cén fáth nach ndéantar aon chaint faoin dochar a thagann as táirgeadh caife agus fíona?

Tá éisteoir eile tar éis fiafraí cén dochar a dhéanann na lárionaid ghlaonna atá sna bailte móra ar fud na tíre. Slogann siad sin an t-uafás leictreachais. Is againne atá an ceathrú cuid de lárionaid ghlaonna na hEorpa. An bhfuil aon duine ag caint ar chuid acu sin a dhúnadh? Beag an baol.

Tá éisteoir eile fós tar éis aird a tharraingt ar an scrios a dhéanann na heitleáin. Tá daoine ag caint ar ardú a chur ar an díosal le cur sna carranna, a dúirt sí, ach is beag atá ag caint ar ardú a chur ar bhreosla le cur sna heitleáin.

Sea agus tá leathnú eile le cur ar Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Ach oiread le chuile chor eile den saol tá gné aicmeach sa díospóireacht seo ar fad. An dream atá thuas cosnóidh siad go díocasach iad féin. An dream atá thíos cuirfear ag iompar chrois na timpeallachta iad.

Tá sé thar am ag muintir na tuaithe dúiseacht.

Fág freagra ar 'An dream atá thíos cuirfear ag iompar chrois na timpeallachta iad…'

  • Eoin O Murchu

    Sé réiteach an Phairtí Ghlais ar an scéal ná tuilleadh cánachaí a chur ar na daoinie is boichte sa tír, idir tuaithe agus cathrach. sea an chain charbóin an gléas is láidre acu, an fhaid is gur féidir le daoine saibhre a gcuid tithe is eile a chur in oiriúint don lá atá ag teacht. Níl moladh dá laghad acu faoi cén chaoi gur féidir an t-ualach ar an ngáthdhuine a mhaolú.

  • Eoghan Ó Néill

    I 1950 b’é 2.5 billiún an daonra ar fud na cruinne, anois tá thar 7 billiún agus i bhfad níos mó carranaí, eitleáin, beithigh etc. Tá toradh aige sin ar an timpeallacht i bhfoirm tuilte, stoirmeacha, creimeadh cósta etc. Mar sin caithfimid uilig ár gcuid a dhéanamh chun gearradh siar ar sceitheadh CO2, CH4, nitrous oxide etc.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Sé an trua nach léifeadh Eoin polasaithe an Chomhaontais Ghlais sula a caitheann sé na spalaí ansin thuigfeadh sé GO BHFUIL moltaí ag na Glasaigh ‘cén chaoi gur féidir an t-ualach ar an ngnáthdhuine a mhaolú’.

    Maidir le olagón Sheosaimh faoi na portaigh is lucht tuaithe, beidh ar do leor leor daoine a gcuid iompar a athrú, má tá an cine daonna leis an ngéarchéim atá ag bagairt a mhaolú – lucht dóite móna san áireamh chomh maith le lucht dóite ola. Ní ar an nglún againne atá sna seachtóidí a bheas an ualach is troime le iompar ach ar na glúnta ag tíocht inár ndiaidh, de gach aicme, lucht tuaithe agus lucht cathrach is bailte móra.

    Níl aon mhaith dúinn sampla Trump agus Bolsonaro a leanacht agus an dallamullóg a chur orainn féin gur faoi dreamanna eile atá sé athraithe a dhéanamh.

  • Peadar Ó Ceannabháin

    A’ cuartú leithscéalta le ghoil i gcumhacht le FG nó le FF, fearacht Pháirtí an Lucht Oibre, atá an dream Glas agus an dá dhream ag súil go mbuailfidh díchuimhne na vótóirí sa gcéad thoghchán eile. Fad is a bheas ídiú agus tomhaltachas i réim (fuinneamh an chaipitileachais) leanfaidh an loisceadh agus an mírath. Má tá an Comhaontas Glas chomh glas agus nach bhfeiceann siad sin bhí sé chomh maith dhóibh a ghoil ar a gcuid rothar agus bóthar a bhualadh!