An-deireadh seachtaine d’fhoirne Chorca Dhuibhne ach údar díomá don Rinn

Caitheann Tuairisc súil siar ar an gcaoi ar éirigh le foirne na Gaeltachta ar fud na tíre agus iad ag imirt i gcluichí peile agus iomána ag an deireadh seachtaine

An-deireadh seachtaine d’fhoirne Chorca Dhuibhne ach údar díomá don Rinn

Cluichí leathcheannais agus ceathrú ceannais atá i ndán d’fhoirne Chorca Dhuibhne i gcraobhacha peile Chiarraí agus a gcluichí buaite ag an nDaingean agus ag an nGaeltacht ag an deireadh seachtaine.

Imreoidh An Daingean in aghaidh an Teampaill Nua i mbabhtaí leathcheannais Chraobh Shinsir na gClubanna Dé Sathairn seo chugainn tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Sheamróga Neidín ag an deireadh seachtaine.

Bhí fir an Daingin cúig phointe chun tosaigh ag leath ama sa chluiche sin le cabhair cúil a scóráil George Durrant agus mhéadaigh siad an bhearna deich nóiméad isteach sa dara leath nuair a scóráil Dylan Geaney cúl eile dóibh. Seacht bpointe a bhí idir na foirne ag an tráth sin ach ba bheag nár tháing Neidín ar ais ar comhscór roimh dheireadh na himeartha, imreoir Chiarraí Seán O’Shea ag aimsiú naoi bpointe ar fad sa chluiche, ach sheas an Daingean an fód agus bhuadar le haon phointe amháin, 2-8 in aghaidh 0-13, chun na babhtaí leathcheannais a bhaint amach. An Spá agus cumann Uí Cheirín-Uí Rathaille atá sa chluiche leathcheannais eile.

Sa ghrád Idirmheánach, rinne An Ghaeltacht an beart chun na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Tar éis dóibh cailliúint sa chéad bhabhta, bhí obair mhór le déanamh ag foireann Mhichíl Uí Shé chun teacht amach ó Ghrúpa 3 ach, tar éis dóibh Cill Chomáin a shárú seachtain roimhe, bhuaigh buachaillí na Gaeltachta ar Dheasúnaigh Oileán Chiarraí Dé Sathairn, 0-16 in aghaidh 0-12, agus deis fós acu ardú céime a bhaint amach dá bharr.

Agus iad ag imirt le cóir na gaoithe sa chéad leath in aghaidh na nDeasúnach, bhí an Ghaeltacht 0-8 i gcoinne 0-4 chun tosaigh ag leath ama agus an bhearna chéanna a bhí idir na foirne ag an deireadh, a bhuíochas den chuid is mó do Steven Ó Conchúir, an t-ionadaí a scóráil ceithre phointe ar a theacht isteach san imirt.

Is sa bhaile in aghaidh Ghníomh go Leith a bheidh an Ghaeltacht i gcluiche ceathrú ceannais Dé Domhnaigh seo chugainn.

Sna babhtaí dícháilithe sa Chraobh Idirmheánach atá Piarsaigh na Dromad. Chaill an cumann ó Uíbh Ráthach in aghaidh Fhánaithe na Leamhna Dé Domhnaigh, 1-12 in aghaidh 1-9, agus beidh siad anois le foireann eile ó Chiarraí Theas, Naomh Muire, i mbabhta leathcheannais dícháilithe Dé Sathairn seo chugainn.

I nDún na nGall, imríodh an dara babhta den Chraobh Shinsir Peile agus Cill Charthaigh, curaidh 2021 Naomh Adhamhnáin, Gaoth Dobhair agus Béal Átha Seanaidh ar bharr an tábla go fóill agus a gcluichí ar fad go dtí seo buaite acu.

Chuir Gaoth Dobhair tús iontach lena gcluiche in aghaidh Ghleann Finne nuair a scóráil Micheál Ó Rabhartaigh cúl dóibh agus gan 20 soicind imeartha. Bhí a gcúl féin ag Gleann Fhinne sula i bhfad agus ceann faighte ag Daniel McGlynn dóibh théis cúig nóiméad agus is beag a bhí idir na foirne i gcaitheamh na huaire ach ba é an pointe a fuar Ethan Ó hEarcáin sa 53ú nóiméad, a shéú ceann ar fad, a bhuaigh an cluiche do Ghaoth Dobhair.

Bhí bua níos cumasaí ag Cill Charthaigh ar Chloich Cheann Fhaola i gcluiche lánGhaeltachta. Chuaigh seaimpíní Idirmheánach 2021 chun tosaigh luath sa chluiche ach scóráil Cill Charthaigh deich bpointe as a chéile chun ceannas iomlán a thógáil ar an gcoimhlint agus dhá phointe dhéag d’fharasbarr a bhí eatarthu ar deireadh, 0-19 in aghaidh 0-12, agus tháinig cúig phointe do Chill Charthaigh ó Patrick McBrearty.

Cosúil le Cloich Cheann Fhaola, tá Ard an Rátha fágtha gan aon phointe théis dhá chluiche. Bhuaigh Aodh Ruadh ar fhir na Gaeltachta Dé Sathairn seo caite, 0-9 in aghaidh 0-7.

Tar éis dóibh cluiche comhscóir a bheith acu sa chéad bhabhta in aghaidh Ghleann tSúilí, bhuaigh Naomh Conaill a gcéad chluiche i gcraobh na bliana seo Dé Sathairn nuair a sháraíodar Na Cealla Beaga, 1-12 in aghaidh 0-9.

I gCraobh Shinsir na mBan i nDún na nGall, bhuaigh Gleann Fhinne go héasca ar Naomh Conaill, 4-14 in aghaidh 3-2, agus fuair An Tearmann an ceann is fearr ar Naomh Náille.

I gcontae na Mí, tá dhá chluiche as péire anois buaite ag Bhulf Tón i gCraobh Shinsir Peile an chontae. Bhí curaidh 2021 ceithre phointe chun deiridh tráth in aghaidh Naomh Colmcille ach d’aimsigh Bhulf Tón ocht bpointe gan freagra chun bearna a chur idir na foirne agus chinntigh cúl ó Stephen Sheppard sa dara leath go mbeadh an bua acu, 1-12 in aghaidh 0-10.

Sa Chraobh Idirmheánach, bhí Clann na nGael chun tosaigh ar Ráth Cheannaigh ag leath ama a bhuíochas de chúil ó Éamon Ó Donnchadha agus Tomás Doyle ach rinne a gcéilí comhraic teacht aniar láidir sa dara leath chun an cluiche a bhuachan go cumasach, 2-17 in aghaidh 2-6, agus Clann na nGael a fhágáil ag bun Ghrúpa D.

Sna Déise, díomá a bhí i ndán don Rinn i gCraobh Idirmheánach Iomána an Iarthair agus an ceann is fearr faighte ag Na Seamróga orthu le haon phointe amháin, 1-21 in aghaidh 3-14.

Chuir cúl ó Oisín Ó Ceallaigh An Rinn chun cinn leath bealaigh tríd an chéad leath ach bhí na Seamróga go mór in uachtar sa tréimhse ina dhiaidh sin agus ocht bpointe as a chéile aimsithe acu. Cúig phointe a bhí idir na foirne ag leath ama ach chuaigh fir na Gaeltachta ar ais chun tosaigh sa dara leath nuair a scóráil Liam Ó Síocháin agus Liam Ó Lonáin cúl an duine.

Tháinig na Seamróga ar ais le cúl dá gcuid féin, áfach, agus cé gur fhan an Rinn leo as sin go deireadh, níor éirigh leo dul chun tosaigh ar a gcéilí comhraic. Fágann an chailliúint nach mbeidh an Rinn ag imirt sa phríomhchraobh Idirmheánach an bhliain seo chugainn.

Sna Craobhacha Iomána i nGaillimh, bhí torthaí idir mhaith agus olc ann do na foirne Gaeltachta. Rinne Maigh Cuilinn teacht aniar iontach ina gcluiche in aghaidh na Beithí sa Chraobh Shinsir B Dé Sathairn. Bhí Maigh Cuilinn sé phointe chun deiridh agus gan ach deich nóiméad fágtha ach scóráil siad 2-8 san am a bhí fágtha chun an cluiche a bhaint le sé phointe, 2-24 in aghaidh 3-15. Is é Éanna Noone a d’aimsigh an dá chúl do Mhaigh Cuilinn taobh istigh de thréimhse cúig nóiméad chun teacht aniar aduaidh ar an mBeitheach.

Ní raibh an rath céanna ar an Spidéal sa Chraobh Idirmheánach, áfach, agus bua cumasach faighte ag an Turlach Mór orthu, 1-24 in aghaidh 0-12. Caithfidh An Spidéal an ceann is fearr a fháil ar Bhaile an Doirín sa chluiche deireanach sa ghrúpa más leo fanacht slán ó na babhtaí dícháilithe.

Fág freagra ar 'An-deireadh seachtaine d’fhoirne Chorca Dhuibhne ach údar díomá don Rinn'