An cuimhin leat cá raibh tú nuair a thug an rialtas isteach barántas na mbanc?

Ba chóir dúinn cuimhneamh an deireadh seachtaine seo ar an imní agus an faitíos a bhí orainn deich mbliana ó shin

An cuimhin leat cá raibh tú nuair a thug an rialtas isteach barántas na mbanc?

An t-iar-aire Airgeadais Brian Lenihan, nach maireann, faoi agallamh ag na meáin in 2008. Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Cá raibh tú an lá ar caitheadh Kennedy? Nó an lá ar ionsaíodh Nua-Eabhrac in 2001? Nó nuair a síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta?

Deich mbliana agus an deireadh seachtaine seo, tharla ócáid chomh cinniúnach céanna i stair na hÉireann. Nó ar tharla? An cuimhin leat cá raibh tú nuair a thug an rialtas isteach barántas na mbanc?

Bhí mise sa mbaile. Bhí mé ar saoire mháithreachais agus dá bharr ní raibh mé chomh dílis do chúrsaí nuachta agus a bheinn de ghnáth. Bhí mé ag éisteacht le Liveline agus na daoine a bhí ag tógáil airgid as na bancanna lena chur faoin leaba. Ní baileach gur thuig mé cén fáth.

De bharr na saoire máithreachais céanna agus mo chailín beag álainn ba mhinic liom a bheith i mo shuí i lár na hoíche. Chaith mé píosaí móra den samhradh ag faire chomhdhálacha na nDaonlathach agus na bPoblachtánach sna Stáit Aontaithe – faoi dhraíocht ag an óráidí iontach nua seo, Barack Obama, a bhí roghnaithe ag na Daonlathaigh agus ag faire le hiontas ar an mbean seo as Alaska a bhí roghnaithe ag John McCain le seasamh leis mar leas-uachtarán.

De réir a chéile, d’athraigh ord na gceannlínte nuachta.

Ní bean mhór le cúrsaí geilleagair ná le baincéireacht mé. I ngan fhios dóibh is fearr liom a bheith ann seachas an oiread a bheith agam agus a íocfaidh mo chuid fiacha agus a choinneoidh greim ar an mbord. Ní raibh tuairim agam cén sórt dream iad Lehman Brothers, Merill Lynch, Barclay, Feddie Mac agus Fannie Mae, AIG &rl. Bhí liosta le háireamh acu ann. Thuig mé maith go leor ar an 15 Meán Fómhair nuair a scaoileadh Lehman Brothers le sruth gur scéal mór idirnáisiúnta a bhí ann.

Is beag a thuig mé gur ghearr go mbeadh sé ar leic an dorais againn féin. Romhainn amach a bhí na tuairiscí faoi Anglo Irish, na ciorcail órga, na hiasachtaí rúnda agus fadhbanna an chórais baincéireachta. Na cruinnithe i lár an mheán oíche, glaonna ón Eoraip, airí rialtais ar mhalairt scéil, Fianna Fáil faoi ionsaí ar gach coirnéal.

In 2011 dúirt Gobharnóir an Bhainc Ceannais Patrick Honohan go raibh an barántas a tugadh do shé cinn de bhancanna in Éirinn ar an mbarántas is costasaí riamh. Sin tar éis dó a bheith á mhaíomh in 2008 go mbeadh a leithéid saor agus éasca!

Ag breathnú siar anois tá sé soiléir go raibh go leor lochtanna ar an gcóras , ní hamháin anseo, ach sa mBreatain, san Eoraip agus ar fud na Stát Aontaithe. Is dona a chreidimse na saineolaithe a deir go bhfuil córais curtha i bhfearas anois a chinnteoidh nach dtarlóidh a leithéid arís.

Nach raibh rialtóir airgeadais ann ag an am? Banc Ceannais? Anseo agus san Eoraip? Agus sna Stát Aontaithe? Fiú agus go bhfuil córais nua curtha i bhfeidhm, tá rud eile tarlaithe a chiallaíonn go bhfuil go leor den dochar bainte as. Tá an eacnamaíocht ag fás arís agus tá rath ar chúrsaí fostaíochta.

Tá go leor den olc a bhí ar dhaoine faoi fhiacha na mbancanna a bheith ar ghuaillí an phobail ligthe faoi. Tá luach tithe ró-ard agus tá brú ar an margadh arís. Is ag clamhsán nach féidir leo iasachtaí a fháil mar go bhfuil rialacha na mbancanna ródhian atá daoine anois.

Ba chóir dúinn cuimhneamh an deireadh seachtaine seo ar an imní agus an faitíos a bhí orainn deich mbliana ó shin. Ba chóir dúinn cuimhnieamh gur cuireadh na billiúin d’fhiacha na mbancanna ar phobal na tíre. Mar níl aon chinnteacht ann nach dtarlóidh géarchéim eile. Níl aon bharántas againn go bhfuil cultúr na mbancanna athraithe. Agus níl aon amhras ach go bhfuil cathú i gcónaí ar bhaincéirí dul i ar thóir an bhrabúis. Sin é a gceird. Is linne agus na polaiteoirí atá tofa againn a bheith aireach. Níl muid ag iarraidh lá cinniúnach eile a mbeifí ag fiafraí faoi– ‘cá raibh tú?’.

Clár-Reachtaire le RTE Raidió na Gaeltachta í Máirín Ní Ghadhra

Fág freagra ar 'An cuimhin leat cá raibh tú nuair a thug an rialtas isteach barántas na mbanc?'