An crú tagtha ar an tairne agus an babhta deireanach sroichte

Tá cluichí tábhachtacha á n-imirt fud fad na tíre tráthnóna agus foirne ag iarraidh áit a bhaint amach i gcluichí ceannais na sraithe nó ísliú céime a sheachaint

An crú tagtha ar an tairne agus an babhta deireanach sroichte

Mattie Doneelly (Tír Eoghain) agus Peter Cooke (Gaillimh). Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Imreofar an babhta deireanach den tSraith Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo agus beidh cluichí tábhachtacha fud fad na tíre. I Roinn 1, is iad Áth Cliath an t-aon fhoireann nach bhfuil deis acu an cluiche ceannais a bhaint amach agus nach bhfuil i mbaol ísliú céime.

D’fhéadfadh Ciarraí (10 bpointe), Gaillimh agus Maigh Eo (8 bpointe) agus Tír Eoghain (7 bpointe) áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Ag bun an tábla, tá an Cabhán (2 phointe), Ros Comáin (3 phointe) agus Muineachán (4 phointe) i mbaol ísliú céime.

Má chríochnaíonn dhá fhoireann ar na pointí céanna ar an tábla, tabharfar tús áite don fhoireann a bhuaigh an cluiche idir na foirne sin. Má bhíonn níos mó ná dhá fhoireann ar na pointí céanna, úsáidfear difríocht na scór chun iad a scaradh óna chéile.

Rachaidh Ciarraí chomh fada le Ros Comáin i mBabhta 7 agus a fhios ag Peter Keane go mbainfidh siad áit amach sa chluiche ceannais chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh na foirne baile. Chaill Ciarraí a gcéad chluiche sa tsraith an tseachtain seo caite nuair a fuair Maigh Eo an ceann is fearr orthu agus déanfaidh imreoirí Ros Comáin a seacht ndícheall buille eile a bhualadh ar na Muimhnigh agus na Connachtaigh féin ag iarraidh ísliú céime a sheachaint. Fiú má éiríonn le Ros Comáin Ciarraí a chloí, ní bheidh siad slán mura n-éireoidh le Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán.

Tabharfaidh Gaillimh aghaidh ar Thír Eoghain ar an Ómaigh tráthnóna agus an dá fhoireann ag iarraidh áit a bhaint amach sa chluiche ceannais. Má bhuann Gaillimh, beidh áit sa chluiche ceannais acu chomh fada is nach n-éiríonn le Maigh Eo a gcluiche féin a bhuachan. Más fúthu áit a bhaint amach sa chluiche ceannais, caithfidh Tír Eoghain Gaillimh a bhualadh agus caithfidh Muineachán an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo.

Mar sin, tá go leor ag bun agus ag barr an tábla ag brath ar an gcluiche sin idir Muineachán agus Maigh Eo. Má bhuann Maigh Eo ar Mhuineachán agus mura n-éiríonn le Gaillimh Tír Eoghain a chloí, is í foireann James Horan a bheidh sa chluiche ceannais. Dhéanfadh comhscór cúis chomh maith chomh fada agus go gcaillfidh Gaillimh. Tá Muineachán ag iarraidh ísliú céime a sheachaint agus éireoidh leo má bhuann siad. Más comhscór a bhíonn ann, beidh siad slán chomh fada is nach mbuann Ros Comáin ar Chiarraí.

Cé go bhfuil seans ag an gCabhán na cosa a thabhairt leo, is caolseans é. Bheadh orthu an ceann is fearr a fháil ar Áth Cliath, chaithfeadh an cluiche idir Ros Comáin agus Ciarraí críochnú ar comhscór agus chaithfeadh Maigh Eo an ceann is fearr a fháil ar Mhuineachán chomh maith.

I Roinn 2, bainfidh an Mhí áit amach sa phríomhroinn arís chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh Fhear Manach ach, fiú má tharlaíonn sin, tá seans maith ann go mbainfidh siad ardú céime amach. Is idir Fear Manach, Dún na nGall agus Cill Dara a bheidh an dara háit.

Tá Corcaigh go mór i mbaol ag bun an tábla. Teastaíonn uathu Ard Mhacha a bhualadh tráthnóna agus bheadh siad fós ag súil nach n-éireodh le contae an Chláir an ceann is fearr a fháil ar Thiobraid Árann. Má bhuann an Clár an cluiche sin, is iad Corcaigh agus Tiobraid Árann a thitfidh go dtí Roinn 3.

I Roinn 3, cuireadh an cluiche idir an Iarmhí agus an Lú ar athló an tseachtain seo caite, rud a fhágann nach mbeidh gach rud socraithe tráthnóna. Tá a fhios ag an Dún áfach go bhfaighidh siad ardú céime chomh fada is nach gcailleann siad in aghaidh chontae Lú inniu.

Ísliú céime atá i ndán do Shligeach agus rachaidh Uíbh Fhailí síos ina gcuideachta mura n-éiríonn le Laois an ceann is fearr a fháil ar Cheatharlach.

Tá gach ní socraithe i Roinn 4 agus ardú céime bainte amach ag Doire agus ag Liatroim le tamall.

Roinn 1

An Cabhán v Áth Cliath – Páirc Breffni, 2.00pm

Tír Eoghain v Gaillimh – Páirc Uí Éilí, 2.00pm

Ros Comáin v Ciarraí – Páirc de hÍde, 2.00pm

Maigh Eo v Muineachán – Páirc Mhic Éil, 2.00pm

Roinn 2

Tiobraid Árann v An Clár – Staid Semple, 2.00pm

An Mhí v Fear Manach – Páirc Tailteann, 2.00pm

Ard Mhacha v Corcaigh – Páirc Luthchleasaíochta, 2.00pm

Dún na nGall v Cill Dara – Bealach Féich, 2.00pm

Fág freagra ar 'An crú tagtha ar an tairne agus an babhta deireanach sroichte'