Is cuimhin liom an chéad uair ar thugas aird ar an gcosantóir le cois san iomáint. Bhí sé sin díreach roimh chluiche leathcheannais na hÉireann 2005 idir Corcaigh agus an Clár. Ba é Anthony Daly bainisteoir an Chláir an bhliain sin, agus bhí sé tar éis an cosantóir le cois a úsáid ó am go chéile.
Bhí imní orainn faoi sin, agus chuireamar cluiche traenála ar siúl i bPáirc Uí Rinn seachtain go leith roimh an gcluiche. D’iarramar ar Chluain Uamha teacht anuas chugainn agus córas an chosantóra le cois a leagan amach. Ba é sin an chéad uair, chomh fada agus is cuimhin liom, gur imríomar in aghaidh foireann a raibh cosantóir le cois acu inár gcoinne.
Sa deireadh, nuair a d’imríomar i gcoinne an Chláir, níor bhain siad mórán feidhme as an gcosantóir le cois. Bhí mise sásta ach go háirithe nach raibh orainn a bheith ag caitheamh ama ag smaoineamh ar céard a dhéanfaimis leis an bhfear breise thiar.
An chéad uair eile ar tháinig mé trasna ar fhadhb an chosantóra le cois ba i gcoinne an Chláir arís é, an uair seo mar bhainisteoir Luimnigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann 2013. Níos luaithe sa bhliain chuaigh mé go dtí Páirc na nGael le féachaint ar Chorcaigh agus ar an gClár i gcraobh na Mumhan, agus bhuail Corcaigh iad go maith. Cheapas go raibh deireadh leis an gClár an bhliain áirithe sin. Ach tháinig Davy FitzGerald, bainisteoir an Chláir ag an am, aníos le plean nua agus ceann de na huirlisí ab fhearr a d’úsáid sé ná an cosantóir le cois.
Ní rabhamar i dtaithí ar an gcosantóir le cois fós agus, cé go ndearnamar ullmhúchán, bhí imní orainn. Léigh mé ag an am go raibh roinnt socruithe éagsúla ag an gClár agus chaith muid tamall ag iarraidh pleananna a cheapadh chun iad a neodrú.
Lá an chluiche, bhíomar mall ag tosnú. Bhí radar Declan Hannon ar na pocanna saora as alt agus chailleamar Seamus Hickey de bharr gortaithe i lár an chéad leatha. Agus ní rabhamar ullamh ná ábalta don chosantóir le cois.
Ó shin i leith, tá an cluiche tar éis athrú ó bhonn. Bheadh máistreacht ar a laghad uait le dul i ngleic leis na straitéisí atá in úsáid anois, agus roinnt ollmhór imreoirí á dtógáil as a n-ionaid nádúrtha, lánchúlaithe ag críochnú ar thaobh eile na páirce, ró-ualach i gcodanna éagsúla den pháirc. Cuirtear cleasa de gach cineál i bhfeidhm, iad ar fad ar son spás a chruthú sa deireadh.
I gcluichí an lae inniu, is ionann cosantóir le cois i ndáiríre agus an seachtú cosantóir amach is amach, mar, leis an oiread gluaiseachta atá sa chluiche anois, is féidir le beagnach gach imreoir eile ról an chosantóra sholúbtha le cois a ghlacadh ag pointe éigin den imirt.
Bhí an cosantóir le cois amach is amach nach mór iomarcach le cúig bliana anuas, ach tá borradh tagtha faoin díospóireacht iomlán faoin ábhar ó chuir Tiobraid Árann an córas i bhfeidhm chomh héifeachtach sin chun Corcaigh a cheansú i gcluiche ceannais na hÉireann. Mar sin féin, ní dóigh liom go bhfuil an cosantóir le cois chun teacht ar ais go tobann de bharr rath Thiobraid Árann.
Bainfidh foirne úsáid as an mbeartaíocht nuair is cuí dóibh é, agus i gcoinne foirne ar leith, díreach mar a rinne Tiobraid Árann.
An rud a d’fhéadfadh a bheith níos soiléire, áfach, ná go mbeidh foirne níos claonta i dtreo córas cosanta criosach a leanúint toisc go soláthraíonn sé struchtúr níos socraithe le seisear cosantóirí.
Nuair a bhrúigh Baile Átha Cliath a gcuid imreoirí ionsaitheacha go léir anonn os comhair Ardán Uí Ógáin ar a bpoc fada amach féin go luath sa chéad leath de chluiche leathcheannais na hÉireann, tarraingíodh Corcaigh isteach sa ró-ualach sin agus fágadh i bhfad an iomarca spáis ar an taobh thall.
Ní raibh Baile Átha Cliath in ann leas a bhaint as an spás sin le pasanna trasna mar gur glanadh amach iad san aer ar an bpoc amach acu féin.
Bhain Tiobraid Árann leas as an spás folamh sin ar a bpoc amach féin chuig reathaí aonair sa chluiche ceannais, ach ní raibh a ndóthain fir chosanta riamh ag Corcaigh sa chluiche sin toisc go raibh an iomarca dá gcosantóirí rófhada suas an pháirc. Bhí Rob Downey rófhada amach mar an fear sa bhreis agus an t-uafás spáis fágtha taobh thiar de.
B’fhéidir gur bhréagnaigh Tiobraid Árann an teoiric nach féidir le foireann Craobh na hÉireann a bhuachan le cosantóir le cois. Ach ní mar sin a bhí. Dá mbeadh Tiobraid Árann ag úsáid cosantóir le cois an bhliain ar fad, bheadh foirne eile eolach air agus níos ullmhaithe chun stop a chur leis.
I ndiaidh leath ama, agus iad sé chúilín chun deiridh, bheadh sé éasca ag Tiobraid Árann filleadh ar an gcóras traidisiúnta, fear ar fhear, ach níor fhill.
Bheadh an diabhal le híoc ag Liam Cahill mura n-oibreodh sé. Ach d’oibrigh.
Léirigh Tiobraid Árann go bhfuil áit fós ag an gcosantóir le cois sa chluiche, go háirithe i gcoinne foirne áirithe. Bíonn an bheartaíocht níos ábhartha arís nuair nach mbíonn an freasúra ag súil léi ná réidh le haghaidh a thabhairt uirthi.
Agus is cinnte nach raibh Corcaigh ag súil le cosantóir le cois a bheith rompu i gcluiche ceannais na hÉireann.
Fág freagra ar 'An cosantóir le cois fós ag tabhairt fadhbanna breise d’fhoirne nach bhfuil ullamh dó'