AN COGADH SAN EORAIP: 2,389 páiste ‘fuadaithe’ ag an Rúis san Úcráin

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, le feisirí pharlaimint na hIodáile inniu go raibh a thír ‘ar tí teacht slán’ ón gcogadh

AN COGADH SAN EORAIP: 2,389 páiste ‘fuadaithe’ ag an Rúis san Úcráin

Tá sé curtha i leith fhórsaí na Rúise gur fhuadaigh siad 2,389 páiste san Úcráin.

Thagair ambasáid Stáit Aontaithe Mheiriceá in Kyiv do líomhain a rinne údaráis na hÚcráine “gur cuireadh as an tír le lámh láidir breis is dhá mhíle páiste”. 

“Ní cabhair é seo. Fuadach atá ann,” arsa Ambasáid Stáit Aontaithe Mheiriceá. 

Deir aireacht ghnóthaí eachtracha na hÚcráine gur cuireadh chun na Rúise le fórsa 2,389 páiste as Donetsk agus Luhansk. Dúradh gur “sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta” a bhí i gceist. 

Dúirt Príomh-Ionchúisitheoir na hÚcráine, Iryna Venediktova, go raibh aistriú na bpáistí chun na Rúise á fhiosrú i gcónaí.

“Ní amháin go bhfuil fórsaí na Rúise ag díriú ar ár bpáistí agus á marú, ach tá siad á n-aistriú le lámh láidir chuig an RF [Cónaidhm na Rúise]. Tá fiosrú ar bun i gcónaí faoi aistriú 2,389 páiste le fórsa go dtí an Rúis ó cheantair san Úcráin atá gafa go sealadach,” arsa Príomh-Ionchúisitheoir na hÚcráine.

<blockquote class=”twitter-tweet”><p lang=”en” dir=”ltr”>According to the Ukrainian Foreign Ministry, Russian forces have illegally removed 2,389 Ukrainian children from Donetsk and Luhanks oblasts to Russia. This is not assistance. It is kidnapping.</p>&mdash; U.S. Embassy Kyiv (@USEmbassyKyiv) <a href=”https://twitter.com/USEmbassyKyiv/status/1506214727394988032?ref_src=twsrc%5Etfw”>March 22, 2022</a></blockquote> <script async src=”https://platform.twitter.com/widgets.js” charset=”utf-8″></script>

Dúirt Volodymyr Zelensky, Uachtarán na hÚcráine, le feisirí pharlaimint na hIodáile inniu go raibh a thír “ar tí teacht slán” ón gcogadh.

D’achainigh an Úcráin ar an Rúis ligint do bhia, uisce agus táirgí leighis teacht isteach chuig cathair faoi léigear Mariupol. 

Dúirt an tUachtarán Zelensky go raibh an chathair scriosta ag síorionsaithe na Rúise.

“Níl faic fágtha inti,” arsa Zelensky ina óráid ar nasc físe le Parlaimint na hIodáile. 

Tá Mariupol, cathair chalafoirt ar Mhuir Azov, faoi léigear le roinnt seachtainí agus tuairiscítear nach bhfuil aon chumhacht ná uisce reatha ann agus gur ar éigean atá aon bhia ná cóir leighis fágtha.

De réir tuairiscí ag an deireadh seachtaine bhí sibhialtaigh á gcur ag trúpaí na Rúise chuig na ceantair atá i seilbh na Rúise in oirthear an Donbas.

Mhaígh comhairle Mariupol gur tugadh breis is míle duine go mídhleathach as ceantar Livoberezhniy, mar a raibh siad ar foscadh ón mbuamáil in ionad spóirt. 

Fág freagra ar 'AN COGADH SAN EORAIP: 2,389 páiste ‘fuadaithe’ ag an Rúis san Úcráin'