An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (13 Feabhra 1915)

Tá an-áthas ar Tuairisc.ie agus Conradh na Gaeilge comhthogra nua a fhógairt. Uair sa tseachtain as seo amach foilseofar leathanach amháin ón iris “An Claiḋeaṁ Soluis”. Foilseofar íomhá den iris féin in éindí le leagan caighdeánaithe den téacs go dtuige ár léitheoirí ar fad ar scríobhadh. Feasta beidh beathaisnéis na scríbhneoirí á gcur ar fáil ag ainm.ie freisin. Níl le déanamh ach gliogáil ar ainm na scríbhneoirí

Claíomhh Solais 3

Feabhra 13 1915                               An Claidheamh                                                  3

Scéala ón mBriotáin

mhéid de dhua an chogaidh a d’fhulaing muintir na Briotáine nílid ag cur suas dá n-iarrachtaí ar son a dteanga féin. Gan amhras tá formhór na bhfear ag obair ar “pháirc an áir”, ach na mná agus na seandaoine atá sa bhaile choinnigh  siad an troid ar siúl chun cothrom na féinne a sholáthar don teanga dhúchais. Agus tá ag éirí leo go maith.

I measc na ndaoine a d’éirigh amach i dtosach an chogaidh, bhí ár gcara-na Jaffrennou, fear eagair “Ar Bobl” agus Louis Herrieu, file agus feirmeoir. Tá siad araon ina mbeatha fós. I dtuaisceart na Fraince nó sa Bheilg atá Jaffrennou. Bhí scéala againn uaidh an lá faoi dheireadh, agus deir sé, go bhfuil súil ag gach éinne go dtiocfaidh síochán gan moill. Tá ag guí beatha agus sláinte dá chairde go léir in Éirinn.

In áit éigin i gceantar Rhéime atá Herrieu. Tá sluaite Briotánach in éineacht leis ansiúd agus is í a dteanga féin a labhair siad i gcónaí.

Fuaireamar litir an lá faoi dheireadh ónar gcara Pierre Mocaer. Tá seisean sa Bhriotáin i gcónaí ag soláthar don arm. Ach i dteannta na hoibre nach foláir a dhéanamh dósan, deineann sé a dhícheall ar son na Briotáinise. Ba ionadh leis a fheiscint go rabhadar na páipéir laethúla in Éirinn ag cur suas den Ghaeilge. Deir sé gur cheart do mhuintir na Gaeilge troid a chur ar bun agus an scéal sin a leigheas. Tugadh faoin gcleas céanna sa Bhriotáin; ach d’éirigh na daoine i gcoinne na bpáipéar agus chuireadar a fhéachaint ar lucht a stiúrtha soláthar de réir a ngustail don teanga dhúchais. Ba cheart dúinne aithris ar mhuintir na Briotáine, agus féachaint chuige nach ndéanfar aon chos ar bolg ar an nGaeilge in Éirinn.

Pierre Mocaer tar éis leabhar beag a scríobh ar “Oideachas Dhá Theanga i Scoileanna na Breataine,” agus beidh sé á chur i gcló gan moill. Teastaíonn uaidh muintir na Briotáine a chur ag machnamh ar a laghad feidhm a bhaintear as an teanga i scoileanna na Briotáine; agus iad a ghríosadh chun a cirt (ceart) a fháil di ina measc, faoi mar a gheibheann an Bhreatnais a ceart féin i scoileanna sa Bhreatain.

Agus tá leabhar eile á scríobh aige leis, i mBéarla. Tá ag cur le chéile ceachta Briotáinise i gcomhair daoine anch bhfuil aon Fhraincis acu. Níl aon cheachta Briotáinise sa Bhéarla, agus ní fuirist do dhuine an teanga sin a fhoghlaim mura mbeadh an Fhraincis aige roimh ré. I mBéarla a dhéanfaidh Pierre a mhíniú agus a ghraiméar i slí a bhféadfaidh gach duine sna Trí Ríocht a bhfuil an Béarla aige, iad a thuiscint. Beidh fáilte againn go léir roimhe.

Nuair a chuimhnímid ar a dhéine atáthar ag cogaíocht sa bhFrainc, agus an síorthrá atá ar fhir na tíre sin, ní féidir gan ionadh a dhéanamh dá dlús a leanann muintir na Briotáine don saothar ar son a dteanga féin. Tá na fir go léir imithe chun troda. Tá siad muilte agus gach saghas tionscail ar stad, ach amháin beagán cuireadóireachta. Ach níor tháinig aon mhaolú ar ghéire na troda ar son na Briotáinise.

ceacht le foghlaim againne ó mhuintir na tíre sin. Níl aon chur isteach orainne fós in Éirinn, ná níor thainig pléascadh na sliogán i ngiorracht “scréach asail” dúinn. Agus ina diaidhsean féach an fhaillí agus an neamhshuim a chuirimid i gcúrsaí ár dteanga féin. Dar leat is cuma linn ann nó as í, agus an caitheamh a bhíonn againn i ndiaidh tuairimí agus nósanna an eachtrannaigh. Mura bhféachaimid chuige tiocfaidh an lá ina mbeifear ag “fearadh cluiche” caointe na Gaeilge. Agus níorbh ionadh liom dá ndeintí cuid de sa Bhriotáinis.

Torna

Gaeil Óga Bhaile Átha Cliath

Tionóladh céilí eile in Áras an Chonartha Dé Domhnaigh seo caite i gcomhair na bpáistí a bhfuil an Ghaeilge acu ón gcliabhán. Ní raibh an líon céanna láithreach is a bhí an Domhnach roimhe sin toisc a dhona is a bhí an aimsir, ach an méid a tháinig bhí greann is súgradh acu go flúirseach. Bhí amhráin is rince is cleasa ar siúl acu, agus dheabhraíodar go léir go rabhadar lánsásta. Bhí a ndóthain le n-ithe acu, ní nach ionadh idir cístí is torthaí is milseáin. Má leantar den obair seo ní foláir nó go dtiocfaidh mórán tairbhe as.

Na leanaí atá ag foghlaim na Gaeilge i gCraobh an Chéitinnigh, bhí céilí acu leis an tráthnóna céanna. Bhí scata mór láithreach, agus ní miste a rá go raibh spórt is gleo acu. Féilí Mhuintir Uí Dhiscín faoi deara an fhleá.

Dúirt scigire éigin an lá faoi dheireadh nach bhfuil de chúram ar lucht an Chonartha faoi láthair ach na páistí agus cluichí cártaí! Cuireann sin i gcuimhne dúinn go mbeidh cluiche an “25” ar siúl in Áras na gCéitinneach an Domhnach seo chugainn ar a seacht um thráthnóna, agus go mbeidh cluiche eile (Whist), faoi chúram na hArd-Chraoibhe i lár an mhí seo chugainn. Ní haon díobháil do dhuine cluichí cártaí a bheith aige anois is arís, go mór mór más Gaeilge a bhíonn ar siúl le linn na himeartha.

Riseárd Mac Coitir

Mícheál Ó Loinsigh

Cois na Laoi

Ard-Choiste nua ag an gconradh i gCathair Chorcaí i mbliana. Seoirse Mac Niocaill, MA, an tUachtarán; Séamus Mac Mathúna, an Cisteoir, agus Liam de Róiste, an Rúnaí.

Bhí an-chathú ar Ghaeilgeoirí an cathrach ar imeacht Phádraig Uí Éigeartaigh, uachtarán an choiste anuraidh.

Táthar ag iarraidh ar shagairt na cathrach seanmóirí, paidreacha, agus amhráin diaga a bheith i ngach eaglais sa chathair Lá ‘le Pádraig. An tAthair Séamus Ó Laoghaire, SP, Inse Geimhleach a thabharfaidh an seanmóir uaidh in Ard-Eaglais Chorcaí an lá úd.

Cuireadh rúin i bhfeidhm ag an Ard-Choiste ag iarraidh ar óglaigh na hÉireann cúnamh a thabhairt dúinn in obair na Gaeilge.

“Amhráin Chlainne Gael”

M. Conway. Mura bhfuil an leabhar ag an Educational Co. níl a fhios againn cá bhfaighfeá é.

Nuair a cheannaíonn tú an Claidheamh cabhraíonn tú le cúis na Gaeilge. Tá do chabhair uainn anois

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (13 Feabhra 1915)'