“Ní bheidh toradh ag an Rialtas ar ár ngearán mura ndéanaimid ach gearán” – An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Aibreán 1916)

An Claiḋeaṁ Soluis’ cothrom an ama seo (15 Aibreán 1916)…uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

C solais

2 An Claidheamh Aibreán 15, 1916

Casadh na Rothaí

Rothaí an tsaoil a chur á gcasadh ar mhaithe linn féin, sin é an rud a thograíonn agus a shantaíonn sinn idir íseal agus uasal. Ní thig le fear aon chapaill an talamh bán nó an coinleach féin a threabhadh gan cúnamh a fháil. Tá fear eile atá taobh le haon chapall in aice leis. Cuireann siad a neart capall le chéile agus bíonn seisreach acu. Casann an tseisreach rothaí an earraigh, rothaí an tsamhraidh, rothaí an fhómhair agus rothaí an mhuilinn don bheirt. Ní neart go cur le chéile. Tuigtear brí an tseanfhocail don treabhdóir agus tuigtear a bhrí don fhear stáit, agus don saighdiúir. Tá a chruthú sin againn sa chogadh mór. Fíoraíodh an seanfhocal céanna i scéal ár dtíre féin go minic agus fíorófar arís é. Ach ní an cogadh is ábhar cainte againn an t-am seo ach rud eile. Tá rothaí móra agus rothaí beaga an tsaoil ag casadh inár n-aghaidh faoi láthair. Tá rothaí móra an Rialtais á gcasadh go tréan ach ní ar mhaithe linne é. Stiúrann rothaí an Rialtais na rothaí eile idir bheag agus mhór, agus tá na rothaí eile á gcasadh agus luas gaoithe sí fúthu agus splancacha á mbaint astu le déine an fhuadair, agus ní ar mhaithe le hÉirinn an casadh. Cuireann déine an chasta scanradh ar chuid againn. Cuireann an déine sin, cuid eile in éadóchas, agus tá siad ag cur suas den obair náisiúnach mar is dual don dream fann a dhéanamh. Tá cuid eile againn curtha faoi dhraíocht ag casadh na rothaí agus is dóigh leo gur ar mhaithe linn féin an casadh agus an luas agus na splancacha. An méid againn nach bhfuil róscanradh orainn, agus nach bhfuil imithe in éadóchas, agus nach luíonn an draíocht orainn caithfimid teacht agus roinnt de na rothaí beaga a chasadh ar mhaithe leis an tír, nó imeoidh na daoine ar fad in éadóchas ar ball. Is mairg an dream atá gan muinín astu féin. Is mairg na daoine nach gcleachtann comharsanúlacht agus cairdeas agus cur le chéile. Ní bheidh toradh ag an Rialtas ar ár ngearán mura ndéanaimid ach gearán. Glacaimis comhairle le chéile agus cuirimis le chéile. Bailímis ár neart. Déanaimis ár leas gach uair ar gach bealach agus i ngach áit arbh fhéidir linn é. Cothaíonn an cur le chéile an misneach. Nuair a bheidh cur le chéile agus misneach againn beidh toradh ar ár ngearán, agus mura mbíonn beidh obair curtha i ndiaidh ár lámh againn, beidh cuid mhór de na rothaí beaga ag casadh ar mhaithe linn agus beidh an scanradh agus an t-éadóchas agus an draíocht á scaipeadh de réir a chéile againn.

rothaí an oideachais ag casadh inár n-aghaidh.

rothaí tráchtála agus ceannaíochta ag casadh inár n-aghaidh.

rothaí airgid agus margadh an airgid ag casadh inár n-aghaidh.

rothaí lucht spóirt agus caitheamh aimsire ag casadh inár n-aghaidh.

Is mór an t-áireamh é áireamh na rothaí beaga agus ní hionadh scanradh agus éadóchas agus draíocht ar dhaoine. Ach níl draíocht ná éigean gan fuascailt ach draíocht an bháis, agus níl deoch an bháis ina chorn fós ag Dia dúinn. Is maith an Tiarna Dia. Taitníonn an misneach leis agus an dóchas. Cabhraíonn sé lena chlann féin. Bhronn Sé ar Chlanna Gael stuaim aigne agus dílse croí a fhoireann orthu. Baintear feidhm feasta as an stuaim atá níos fearr ná neart.

A scéal féin scéal gach éinne, agus ár scéal féin i dtosach againne.

Is cuma nó beag gach bainisteoir scoile ina pharóiste féin. Tá cead agus cumhacht aige an clár scoile a leagadh amach, agus an t-oide a cheapadh. Tá saoirse don oide meon agus aigne an aosa óig a threorú. Is tearc bainisteoir a imríonn a chumhacht ar mhaithe le hÉirinn. Is tearc oide a bhaineann feidhm as an tsaoirse atá aige. Tá dhá thrian de na bainisteoirí agus an oiread céanna de na hoidí cairdiúil le cúis na nGael. Cad chuige an fhaillí mar sin? Cad chuige dúinn an fhaillí a fhulaingt? Is é an brostú an leigheas. Brostú na ndaoine, brostú na mbainisteoirí, brostú na n-oidí. Cuirimis uainn gach caint achrannach san obair seo an oideachais, agus bainimis feidhm as an tsaoirse atá againn. Is cuma dúinn cén pholaitíocht atá ag bainisteoir nó ag oide má ar thaobh Gael i gcúrsaí oideachais. Is cuma agus is róchuma dóibhsean an pholaitíocht is fearr liomsa nó leatsa. Cuirtear roth beag an oideachais ag casadh ar mhaithe le hÉirinn i ngach paróiste, agus cuirtear luas sa chasadh, agus baintear splancacha amach. Nuair a bheidh na rothaí beaga á gcasadh againn féachfaimid le casadh a bhaint as na rothaí móra.

Darach

“Dúirt sé, dúirt sé”

Go mbeidh muintir na hArdchraoibhe ag imirt cártaí oíche Dé Sathairn

Go raibh slaghdán dona ar Pheadar Ó Donnghaile le gairid.

Gurb é Mac Uí Mhóráin, Cathair na Mart, Rúnaí Fheis Mhaigh Eo.

Go bhfuil clár Feis Ó Máine foilsithe, agus gurb é Seán Breathnach an Rúnaí.

Go léireoidh na Cluicheoirí dráma le Seán Mac Caoilte faoi Bhealtaine.

Go molann gach éinne Mícheál Ó Colmáin mar “bhithiúnach”.

Go léireofar dá dhráma in Ó Méith go luath.

Go mbeidh Cumann na mBan ag rince oíche Dé Sathairn.

Go bhfuil “An Lóchrann” ar lasadh arís.

Go bhfuil dánta an Aicéadaigh ar fáil agus gurb é Torna an t-eagarthóir.

Go raibh Éamon Cuirtéis i gContae an Chláir le gairid.

Go raibh “bean fheasa” sa Chraobh Rua tráthnóna De Sathairn.

Agus go raibh cártaí is cupáin aici – agus fios ar gach ní.

Go raibh Seán Beicett an-chrua Dé Sathairn, dar le girseacha áirithe

Go bhfuil na fealsúnaí ag cur buartha ar Sheán Mac Fhir Léinn go fóill.

Go mbeidh cruinniú poiblí ag lucht Chuallacht Bríde sa Chraobh Rua Dé Domhnaigh seo chugainn ar 8.30 a chlog

Fág freagra ar '“Ní bheidh toradh ag an Rialtas ar ár ngearán mura ndéanaimid ach gearán” – An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (15 Aibreán 1916)'