An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (11 Nollaig 1915) – ‘Má ligtear do lucht an Chaisleáin, fágfaidh siad beo bocht sinn’

Uair sa tseachtain, foilsítear anseo, i gcomhar le Conradh na Gaeilge, leathanach amháin ón iris ‘An Claiḋeaṁ Soluis’

An Claidheamh

Uimhir 924                                 Cláraithe mar pháipéar nuachta                                 Nollaig 11, 1915                                 Pingin

Cúrsaí an tSaoil

Lomadh Éireann

Airgead an Oideachais

bua na hImpireachta ag teacht chun baile chugainn gach lá agus níl deireadh leo go fóill. Tá ár neart fear á chaitheamh, agus ár bhfuil á dhoirteadh agus ár maoin á ligean leis an abhainn. Deirtear linn anois go gcuirfear na scoileanna ar bheagán airgid, go ndúnfar a lán de na scoileanna ceirde, go scaipfear na buíonta Gaeilge atá faoi scáth na gComhairlí Contae, go mbainfear na táillí de na bunscoileanna agus go ndéanfar an scrios seo orainn gan tada a chur i gcead fear Éireann.

Cúnamh gan Mhalairt

cúnamh airgid agus cúnamh fear á bhfáil uainn ag Sasana. A leithéid de chúnamh níor thug aon tír bheag do thír eile riamh agus in ionad a bheith sásta leis an méid atá faighte acu, is amhlaidh atá ár rialtóirí ar tí ár scriosadh agus ár lomadh ar fad. Níl tír ar domhan ar cóimhéid le hÉirinn a bhfaightear an oiread cánach as is a thógtar in Éirinn. Níl ar domhan, is dócha, rialtas chomh costasach ná chomh neamhthairbheach is atá rialtas Éireann.

Drochobair Os Íseal

ligtear do lucht an Chaisleáin, fágfaidh siad beo bocht sinn. Is cuma leo leas na tíre seo, ach an oiread a bhaint aisti agus is féidir leo agus uachtar gach bainne a bheith ag a bpeataí féin. D’fhéadfaí cosc a chur ar an lomadh ach cur ina choinne lom láithreach agus sinn go léir a bheith ag cur le chéile. Tá an drochobair ar siúl os íseal agus ní fios an scéil fós ag na Comhairlí Contae. Tá an laghdú á dhéanamh i ngan a fhios agus gan a chur i gcead fiú na bhFeisirí.

Divide et Impera

ár seasamh mar náisiún ar an oideachas. Ba iad obair na Gaeilge agus an teagasc ceirde an chuid ab fhearr den oideachas bacach a bhí againn, agus is orthu sin a dhéanfar an scrios ar fad. Ní féidir go ligfear do lucht an Chaisleáin gan cur ina gcoinne. An cleas seo atá ceaptha anois acu, millfidh sé fúinn go léir, idir Ghaeil agus Ghall-Ghaeil. Divide et impera, sin é an cleas a d’imir na Gaill orainn riamh. Má ligtear dóibh an cleas céanna a imirt arís, beidh sé thiar orainn an gléas oideachais a shábháil.

Peataí an Chaisleáin

Déanadh muintir na Gaeilge a ndícheall gan mhoill agus brostaímis na Comhairlí Contae i gcoinne an Chaisleáin. Nílimid ag cur in aghaidh na liostála, ná in aghaidh an ardaithe cánach, ach tá cead cainte againn go léir sa cheist seo. Is féidir leath de na piléir a chur chun siúil más maith le Natan é. Is féidir cúpla céad de pheataí an Chaisleáin a chaitheamh amach. Ní dhéanfaidh an méid sin dochar ar bith d’Éirinn, ach ná bactar le hairgead an oideachais.

Anois nó Riamh

thugaimid cead a gcinn don Rialtas, ní fhágfaidh siad stiúrthóg againn agus beidh siad gan beann acu orainn as seo amach. Nuair a ghlactar le buille, tugtar buille eile, agus speach ina dhiaidh sin. Tá an drochfhuadar faoin Rialtas agus lomfaidh siad go craiceann sinn má ligfimid dóibh, agus nuair a bheidh an cogadh thart, déarfaidh siad linn dul ag feadaíl. Níl an cleas curtha i bhfeidhm orainn fós agus ní chuirfear i bhfeidhm é chuirimid cuma troda orainn féin.

An Ghaeltacht

Tháinig lucht Chraobh na Gaeltachta i dteannta a chéile in áras Chraobh na gCúig gCúigí, 7 Faiche Stiabhna, Dé Luain an 29 lá de mhí na Samhna. An tAthair Liam Ó Catháin, leas-uachtarán den Chraobh, a bhí ina cheann ar an gcruinniú.

Labhair Fionán Mac Coluim ar an bpáipéar míosúil, ar chuma an ‘Lóchrainn’, a bhfuiltear ag cuimhneamh ar a chur amach mar mhaithe leis na ceantair Ghaelacha. Dúirt sé go bhféadfaí tosú air gan mhoill ach go bhfaighfí oiread geallúintí roimh ré is a dheimhneodh go mbeadh £60 nó £80 de theacht isteach aige in aghaidh na bliana.

Dea-chomhairle

Labhair an tAthair Pádraig Ó Duinnín agus dúirt sé in éagmais na scoileanna gur mó rud a bhí ag teacht i gcoinne na Gaeilge gan Ghaeltacht, go gcaithfí í a chur isteach sna siopaí agus i ngnáthobair an lae, agus gurbh é leigheas ab fhearr ar an scéal, dá bhféadfaí é, muintir na Gaeltachta a mhealladh chun é a bheith mar a bheidh acu gan aon Bhéarla labhairt le Gaeilgeoirí eile.

Labhair Neilí Briain, an tAthair M. Ó Mathamhna, Ó Rathaile, Proinsias Ó Súileabháin, Tomás Ó Raithile gur mhaith an cúnamh don teanga suim beag airgid a thabhairt do mháistrí scoile chun go mbronnfaidís é mar dhuaiseanna ar na scoláirí óga is mó a rachadh chun cinn sa Ghaeilge i rith na bliana.

Tráchtadh ar an tairiscint a rinne Fionán Mac Coluim do Choiste na Timireachta i dtaobh é a dhul ag obair i nGaeltacht Chiarraí, agus iarradh ar an gCoiste Gnó glacadh leis an tairscint sin.

Cad atá curtha romhainn againn

Chun aire a thabhairt don Ghaeltacht don iarmhar bheag a mhaireann d’Éirinn – chuige sin amháin is ea a cuireadh Craobh na Gaeltachta ar bun. Ní bhactar le foghlaim na Gaeilge, ná le rince agus caitheamh aimsire; táimid á fhágáil sin ar fad faoi na craobhacha eile atá i mBaile Átha Cliath. Nílimid ag cur isteach ar obair chraoibhe eile ar bith, ach ag tabhairt caoi dóibh ar a mórchuspóir go léir a chur chun cinn. Dá bhrí sin, táimid ag súil le cúnamh os na craobhacha eile go léir.

Déansa do chion beag féin

súil againn le do chúnamhsa thar chách, a léitheoir! Teastaíonn tú uainn. Níl agat ach leathchoróin a dhíol agus beidh tú i do bhall den chraobh go ceann bliana. Mura féidir leat a thuilleadh a dhéanamh, déan an méid sin ach go háirithe. Cuirtear síntiúis ag triall ar Neilí uasal Ní Bhriain, 7 Faiche Stiabhna Baile Átha Cliath.

An té a bhfuil fonn air roinnt oibre (bíodh sé beag nó mór) a dhéanamh mar mhaithe le haon áit faoi leith sa Ghaeltacht, beidh fáilte thar barr roimhe sin. Ní ceaptha ag lucht na Craoibhe a bheith ag iarraidh aire a thabhairt don Ghaeltacht ar fad. Ní siad láidir a ndóthain chuige sin. I ndiaidh a chéile tógfar na caisleáin. Tosófar le dosaen éigin paróistí, agus beifear ag cur leo sin diaidh ar ndiaidh, de réir mar a thiocfaidh baill nua isteach. Beidh cead ag gach éinne a rogha paróiste don Ghaeltacht a ghlacadh mar chúram air féin; agus ní heinne amháin a bheidh i mbun aon pharóiste acu…

Má mheabhraíonn an Claidheamh duit dul go dtí siopa áirithe ag ceannach earraí ná fág an siopa sin gan an Claidheamh a luadh

Fág freagra ar 'An Claiḋeaṁ Soluis cothrom an ama seo (11 Nollaig 1915) – ‘Má ligtear do lucht an Chaisleáin, fágfaidh siad beo bocht sinn’'