An chuma ar chúrsaí go bhfuil na Rúisigh níos muiníní ná mar a bhí ag aon am eile i rith na bliana

Cé go bhfuil teipthe ar na Rúisigh cathair Avdiivka a thimpeallú agus nach bhfuil ceannas acu ar an bhfarraige in iarthuaisceart na Mara Duibhe, is léir go bhfuil na hÚcránaigh tar éis éirí as an bhfeachtas frithionsaithe a sheol siad ag tús an tsamhraidh

An chuma ar chúrsaí go bhfuil na Rúisigh níos muiníní ná mar a bhí ag aon am eile i rith na bliana

Is ar na himeachtaí in Gaza atá aird na meán idirnáisiúnta dírithe faoi láthair agus mar gheall air sin níl mórán tráchta ar chúrsaí sa chogadh idir an Rúis agus an Úcráin. Ní fhágann sin nach bhfuil forbairtí suntasachta ag tarlú.

Chuir na Rúisigh ceann de na fórsaí armúrtha is mó a chonacthas sa chogadh go dtí seo chun catha ag tús mhí Deireadh Fómhair chun cathair Avdiivka sa Donbas a thimpeallú. Tá ar a laghad dhá phríomh-iarracht seolta acu chun an sprioc seo a bhaint amach ach d’éirigh leis na hÚcránaigh na hionsaithe go léir a stopadh.

Cé gur stopadh na Rúisigh níl le déanamh acu ach bearna talún ocht gciliméadar ar leithead a thrasnú agus a ghabháil chun an chathair a thimpeallú. Má éiríonn leo tabharfar spreagadh dóibh leanúint leis na hionsaithe an bhliain seo chugainn, mura n-éiríonn leo léiriú eile a bheidh ann nach bhfuil sé ar a gcumas mórán dul chun cinn a dhéanamh fud fad na líne coimhlinte.

Le linn mhí Mheán Fómhair scrios na hÚcránaigh ceanncheathrú chabhlach na Mara Duibhe i gcalafort Sevastopol sa Chrimé agus ina theannta sin d’éirigh leo dhá long a scriosadh i nduga tirim an chalafoirt. I rith mhí Dheireadh Fómhair chuir siad leis na hionsaithe ar an gcabhlach agus mar gheall air seo d’aistrigh na Rúisigh cuid mhaith dá longa go dtí calafoirt sa Rúis. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil ceannas ar an bhfarraige in iarthuaisceart na Mara Duibhe ag na Rúisigh faoi láthair.

Ach ba iad na ráitis a rinne Ardcheannaire Arm na hÚcráine ar dhul chun cinn an chogaidh ceann de na forbairtí is mó a tharla le déanaí. Agus é faoi agallamh ag an Economist, dúirt sé go raibh an cogadh “ina stad”, go raibh cúrsaí ag bogadh i dtreo cogaidh “ionaid” agus gur lú seans go mbeidh siad in ann briseadh tríd suntasach a dhéanamh.

Cé nach ndúirt an tArdcheannaire na focail go beacht is féidir talamh slán a dhéanamh de go bhfuil na hÚcránaigh tar éis éirí as an bhfeachtas frithionsaithe. Mar léiriú air seo tá siad tar éis roinnt fórsaí a aistriú ón bhfrithionsaí sa deisceart go dtí Avdiivka chun an chathair sin a chosaint.

Fadhbanna le réiteach

Leag an ginearál amach na cúig thosaíocht is mó chun cosaintí daingne na Rúiseach a bhriseadh tríd. Dar leis, caithfidh an Úcráin na gníomhartha seo a leanas a chur i gcrích sula dtéann siad ar an ionsaí arís:

  • Ceannas a fháil san aer. Beidh ar na hÚcránaigh níos mó córas frith-aerárthaí a aistriú chuig an bhfronta ar dtús sular féidir leo dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Ach níl a ndóthain córas acu toisc go bhfuil tús áite tugtha do na cathracha agus na háiseanna giniúna cumhachta a chosaint. Ní bheidh siad in ann cuid acu a aistriú chuig an bhfronta go dtí go mbeidh an geimhreadh thart.
  • Nuachóirigh na córais chogaíochta leictreonacha. Is féidir leis na hÚcránaigh dul i mbun cogaíocht leictreonach go héifeachtach in áiteanna ach níl na córais is nua-aimseartha acu chun cuid de threalamh na Rúise a bhacadh. Beidh na córais is nua-aimseartha ó thíortha an iarthair de dhíth orthu chun an fhadhb seo a mhaolú.
  • Feabhas a chur ar an lámhach ó chórais frith-airtléire. De réir foinsí Rúiseacha tá lámhach frith-airtléire na nÚcránach éifeachtach i láithreacha cogaidh éagsúla. Ach is í an fhadhb is mó atá acu ná gur féidir leis na Rúisigh i bhfad níos mó gunnaí móra a chur in áit na gcinn a chailleann siad gach mí seachas mar is féidir leis na hÚcránaigh.
  • An fhadhb a réiteach maidir leis na loig mhianaigh a thrasnú. Dar leis an Ardcheannaire, caithfear teicneolaíocht nua a fhorbairt chun fadhb na log mianaigh a shárú ach gach seans go dtógfaidh sé seo tamall maith.
  • Cur leis na cúltacaí.

Is deacair a shamhlú ag an bpointe seo go mbeidh na hÚcránaigh in ann mórán dul chun cinn a dhéanamh ar na fadhbanna a bhaineann le ceannas san aer agus leis na loig mhianaigh laistigh d’achar gairid. Mar thoradh air seo, beidh drogall orthu dul ar an ionsaí arís mura dtagann, ar ndóigh, deis ina dtreo amhail an deis a thapaigh siad agus na Rúisigh á n-ionsaí acu ar bhruach thoir abhainn an Dnipro le déanaí.

Dearcadh na Rúiseach

Réitíonn cúrsaí faoi láthair leis na Rúisigh. Gan amhras bhí siad sásta a chloisteáil go gceapann Ardcheannaire Arm na hÚcráine go bhfuil an cogadh i sáinn a bheag nó a mhór. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil siad sásta freisin go bhfuil aird na meán idirnáisiúnta dírithe ar chúrsaí sa Mheánoirthear seachas ar an Úcráin.

Idir an dá linn tá siad ag cur leis na hiarrachtaí déantúsaíochta arm, agus déanfaidh siad dróin a olltáirgeadh san athbhliain nuair a bheidh monarcha nua ag feidhmiú. Seans freisin go bhfuil siad ag fanacht le drochaimsir agus go dtí go mbeidh líon mór diúracán carntha acu sula rachaidh siad ar an ionsaí ar chathracha agus áiseanna giniúna cumhachta na hÚcráine ar scála mór i rith an gheimhridh.

Is léir ó na cathanna atá siad tar éis a sheoladh le déanaí nach bhfuil mórán deacrachtaí acu saighdiúirí a chur chun catha ach oiread. Meastar go bhfuil thart 400,000 saighdiúir acu san Úcráin, a dhá oiread líon na saighdiúirí a cuireadh chun catha ag tús an ionraidh anuraidh.

Feictear dóibh go bhfuil an tacaíocht a bhí ar fáil ó thíortha éagsúla san iarthair ag éirí níos laige de réir a chéile. Dhiúltaigh an rialtas nuathofa i bPoblacht na Slóvaice airm agus armlón a bhí geallta cheana féin a chur ar fáil don Úcráin. Tá an baol ann do na hÚcránaigh i gcónaí go gcaillfidh siad tacaíocht ó na Stáit Aontaithe mar gheall ar an raic sa Chomhdháil chomh maith.

In ainneoin na n-ionsaithe ar chabhlach na Mara Duibhe agus an dúshlán a bhaineann le cathair Avdiivka a thimpeallú, tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil na Rúisigh níos muiníní ná mar a bhí siad ag aon am eile i rith na bliana. Níl comharthaí ar bith ann go bhfuil siadsan lena admháil go bhfuil an cogadh ag bogadh i dtreo sáinne ach oiread.

Fág freagra ar 'An chuma ar chúrsaí go bhfuil na Rúisigh níos muiníní ná mar a bhí ag aon am eile i rith na bliana'