‘An chúis aifeála’ is mó atá ag an Taoiseach – nár bhuaigh Fine Gael toghchán na bliana 1997

Deir an Taoiseach go mb'fhéidir nach mbeadh an ghéarchéim eacnamaíochta tarlaithe dá mbeadh Fine Gael i gcumhacht agus shéan sé gur ag iarraidh caiteachas a mhéadú a bhí a pháirtí le linn bhlianta an Tíogair Cheiltigh

 

23/7/2015 Taoiseach and Fine Gael leader Enda Kenny speaking at the Banking Inquiry. Photo: RollingNews.ie
An Taoiseach Enda Kenny ag caint ag an bhfiosrúchán inniu. Pictiúr: RollingNews.ie

Dúirt an Taoiseach Enda Kenny ar maidin gurb é an chúis aifeála is mó atá aige nár bhuaigh Fine Gael toghchán na bliana 1997, mar, dá mbuafadh, b’fhéidir nach mbeadh an ghéarchéim eacnamaíochta tarlaithe.

Agus é os comhair choiste an Fhiosrúcháin Baincéireachta, dúirt an Taoiseach gurbh iad Fianna Fáil ba mhó ba chúis leis an dochar a rinneadh do gheilleagar na hÉireann.

Le linn a cheistiúcháin, fiafraíodh de Kenny chomh maith faoi ghlaoch a chuir sé i mí na Samhna, 2008, ar Matt Moran, Príomhoifigeach Airgeadais Bhanc Anglo Irish ag an am.

Dúirt an Taoiseach gur iarr deartháir Moran air glaoch ar an mbaincéir, ar as Caisleán an Bharraigh i Maigh Eo dó. Dúirt an Taoiseach gur tharla an comhrá seo tar éis an bharántais a tugadh do na bainc agus sular cuireadh caipiteal ar fáil dóibh.

Cé gur admhaigh sé go raibh cruinnithe aige le hoifigigh sinsearacha in Anglo Irish, dúirt Kenny nach bpléifeadh sé gnóthaí bainc le baincéirí go brách agus thug sé droim láimhe leis an méid a cuireadh i gcló i nuachtán amháin, áit ar maíodh gur phléigh.

D’fhiafraigh Eoghan Murphy, Fine Gael, den Taoiseach cén fáth ar thacaigh sé leis an mbarántas a tugadh do na bainc nuair a bhí Páirtí an Lucht Oibre tar éis vótáil ina aghaidh.

Dúirt an Taoiseach gurbh ionann córas bainc a fheidhmíonn i gceart agus ‘cuisle an phobail’. Dúirt sé nuair a tháinig Fine Gael i gcomharbacht ar Fhianna Fáil in 2011 go raibh staid na hÉireann idir dhá cheann na meá agus gur bhaolach don tír titim le haill, sa tslí is nach mbeadh mórán idir cás na hÉireann ag an am agus cás na Gréige anois.

D’fhiafraigh Pearse Ó Dochartaigh, Sinn Féin, den Taoiseach arbh fhíor go raibh sé i gceist ag Fine Gael caiteachas a mhéadú le €17bn ó 2007 go 2012.

Ní go réidh a tháinig a fhreagra leis an Taoiseach ar dtús: “I made this point before. What we pointed out here in our analysis of the economy is that we had a gross wastage of money, you had systems that were neither scrutinised nor analysed.”

Dúirt sé, áfach, go raibh réamh-mheastacháin an pháirtí “bunaithe ar an ESRI agus an Roinn Airgeadais, ach bhí a fhios againn nach bhféadfaí iad a chur i gcrích mura gcuirfí caoi ar an ngeilleagar”.

D’fhiafraigh Ó Dochartaigh an athuair de an raibh sé faoi Fhine Gael caiteachas a mhéadú le €17bn, “dhá oiread an ráta fáis”. “An nglacann tú leis gurb é sin a bhí beartaithe agaibh a dhéanamh?”, a d’fhiafraigh Ó Dochartaigh.

Dúirt an Taoiseach nárbh ionann samhail eacnamaíochta Fhine Gael agus ceann Fhianna Fáil agus gur thuig sé nach bhféadfaí na rátaí fáis thuasluaite a chur i bhfeidhm mura mbeadh an geilleagar “lean and focused”.

Sa tslí chéanna, d’áitigh urlabhraí airgeadais Fhianna Fáil, Michael McGrath, gur vótáil Fine Gael in aghaidh bhuiséid Fhianna Fáil, ní mar gheall go raibh an Rialtas ag caitheamh an iomarca airgid sular thit an tóin as an ngeilleagar, ach de bharr nach rabhadar ag caitheamh dóthain airgid, a dúradh. Shéan an Taoiseach an méid sin agus dúirt gur theastaigh ó Fhine Gael caiteachas a mhéadú faoi 8% cé gurbh ionann réamh-mheastúcháin na haimsire sin agus beagán le cois 4%.

Chuir an Tánaiste Joan Burton an milleán ar Fhianna Fáil chomh maith as an gcliseadh eacnamaíochta agus dúirt go raibh an geilleagar ar nós “an athlete on steroids” roimh an ngéarchéim.

Dúirt iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Pat Rabbitte, gur thángthas aniar aduaidh ar an bpáirtí leis an mbarántas banc agus nach raibh aon dul as acu ach glacadh leis ag an am de cheal seift eile a bheith acu chun dul i ngleic leis an ngéarchéim.

Fág freagra ar '‘An chúis aifeála’ is mó atá ag an Taoiseach – nár bhuaigh Fine Gael toghchán na bliana 1997'