An Choirnis ar comhchéim leis an nGaeilge i gcairt Eorpach

Maítear gur ‘cloch mhíle’ don teanga Cheilteach a stádas nua agus gur toradh é ar ‘blianta den obair chrua’

An Choirnis ar comhchéim leis an nGaeilge i gcairt Eorpach

Tá aitheantas nua tugtha don Choirnis faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Bronnadh stádas ‘Cuid III’ den Chairt ar an gCoirnis – an stádas is airde atá ar fáil – rud a fhágann go bhfuil an stádas céanna aici anois agus atá ag an nGaeilge, Gaeilge na hAlban, an Bhreatnais agus an Mhanainnis.

Dúirt Konsel Kernow (Comhairle Chorn na Breataine) gur “cloch mhíle” don teanga Cheilteach atá sa stádas nua agus gur toradh ar “blianta den obair chrua” a rinne an t-údarás áitiúil, grúpaí pobail, agus eagraíochtaí cultúir atá “tiomanta an Choirnis a chosaint”.

“Aithnítear tríd an stádas seo tábhacht na Coirnise mar theanga bheo atá mar chroíchuid d’fhéiniúlacht chultúrtha Chorn na Breataine,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh an chomhairle.

Dúirt an Ceannaire na Comhairle, Leigh Frost gur dea-scéal do Chorn na Breataine a bhí san fhógra agus gur léiriú ar an “obair chrua” a rinneadh le blianta anuas leis an stádas a bhaint amach.

“Is nuacht iontach é seo do Chorn na Breataine. Is léiriú é an stádas Cuid III seo ar na blianta den obair chrua atá curtha isteach ag Comhairle Chorn na Breataine, ár bpáirtithe, agus an iliomad grúpaí pobail a throid leis an gCoirnis a choinneáil beo. Is údar mór bróid dúinn an Choirnis a fheiceáil ar comhchéim leis an mBreatnais, an Ghàidhlig, agus an Ghaeilge.

“Is cuid ríthábhachtach dár bhféiniúlacht í an Choirnis. Tá teachtaireacht láidir san fhógra seo go bhfuil an Choirnis tábhachtach, agus go bhfuil an leibhéal is airde tacaíochta agus cosanta dlite di. Is céim thábhachtach í seo i láidriú ár gcultúr do na glúnta atá le teacht,” a dúirt Frost.

Dúirt a chomhghleacaí ar an gcomhairle, an Comhairleoir Dick Cole, gur “scéala an-dearfach” é go bhfuil an stádas speisialta anois ag an teanga agus ghabh sé buíochas le “gach duine” a bhí i mbun feachtasaíochta le “cosaint níos fearr a fháil don Choirnis”.

Dúradh i ráiteas na Comhairle go bhfuil “athbheochan ar fud na diúcachta”.

Maíodh go ndearnadh os cionn milliún cuardach ar an bhfoclóir Coirnise ar líne anuraidh, agus go bhfuair Foireann Aistriúcháin Coirnise Chomhairle Chorn na Breataine os cionn 650 iarratas ar aistriúcháin anuraidh – méadú 22% ar an mbliain roimhe sin.

Tá os cionn 200 duine cláraithe le ranganna Coirnise a chuireann an chomhairle ar fáil agus tá 6,000 dalta bunscoile cláraithe i scéim Coirnise a reáchtálann an chomhairle i scoileanna an réigiúin.

Dúirt Emma Jenkin ón eagraíocht Kowethas an Yeth Kernewek (Cuallacht na Coirnise) le Tuairisc gur caitheadh “na blianta fada” ar an bhfeachtas an stádas seo a bhaint amach agus go dtabharfar “cosaint” don Choirnis anois ar comhchéim leis an gcosaint a thugtar do theangacha Ceilteacha eile.

“Tugann sé aitheantas don mhéid atá muid a dhéanamh cheana féin, léiríonn sé gur teanga bheo í an Choirnis agus go bhfuil stádas aici san Eoraip mar theanga. Thóg sé na blianta fada, is rud é a bhfuil an Chomhairle ag oibriú ina threo le fada. Chaith muid go leor rudaí a dhéanamh leis an stádas a bhaint amach, bhí go leor boscaí le ticeáil.

“Tá muid ag súil go mbeidh buntáistí ann don teanga anois. Níl cead í a mhúineadh sna scoileanna faoi láthair, agus níl tacaíocht ann ó na húdaráis oideachais do mhúineadh na teanga, ach beidh muid ag súil go n-athróidh an stádas seo an scéal sin anois,” a dúirt sí.

Mhínigh Jenkin nach n-aithnítear an Choirnis i gcóras oideachais na Breataine mar “theanga ársa dála na Gréigise ná na Laidine ná mar theanga chomhaimseartha eachtrannach, dála na Fraincise, ná mar theanga dhúchais”.  Ní féidir í a mhúineadh dá bharr sin, a deir sí.

Dúirt sí go bhfuil Kowethas an Yeth Kernowek ag súil go mbeidh tionchar ag an stádas nua ar rudaí eile, dála comharthaí bóthair agus seirbhísí i gCoirnis amach anseo.

Fág freagra ar 'An Choirnis ar comhchéim leis an nGaeilge i gcairt Eorpach'