An chéad chruinniú den 33ú Dáil á thionól inniu ach gan aon radharc ar rialtas nua

Meastar nach dtoghfaidh an Dáil nua aon duine mar Thaoiseach ach go gcuirfidh ceathrar a n-ainmneacha féin faoina bráid don chúram

An chéad chruinniú den 33ú Dáil á thionól inniu ach gan aon radharc ar rialtas nua

Inniu a thionólfar an chéad chruinniú den 33ú Dáil.

Meastar nach dtoghfaidh an Dáil nua aon duine mar Thaoiseach ach go gcuirfidh ceathrar a n-ainmneacha féin faoina bráid don chúram – Leo Varadkar, Mary Lou McDonald, Micheál Martin agus Eamon Ryan.

Toghfar Ceann Comhairle nó ceannaire na Dála inniu agus leanfaidh na páirtithe polaitíochta orthu ag iarraidh rialtas a chur le chéile.

Le tús a chur le himeachtaí na Dála nua seo ag meán lae, léifidh cléireach na Dála, Peter Finnegan, amach ainm gach duine den 160 Teachta Dála

Tabharfar cead cainte cúig nóiméad ansin don bheirt Teachtaí ar mian leo tabhairt faoin gceann comhairleacht agus reáchtálfar ballóid rúnda i ndiaidh na bpíosaí cainte.

I bhforhalla Theach Laighean a bheidh an vótáil ar siúl agus beidh botháin vótála speisialta socraithe ansin chun an rúndacht a chosaint.

Ionadaíocht chionmhar a úsáidfear agus vóta amháin inaistrithe ag gach Teachta Dála agus a rogha á déanamh acu. Cléireach na Dála  agus a chúntóirí a chomhairfidh na vótaí agus fógróidh sé an Ceann Comhairle nua ach a mbeidh cuóta ag duine den bheirt. Tabharfaidh an Dáil faoina cuid oibre ansin arís.

An chéad chúram a bheidh ar an gCeann Comhairle nuathofa ainmniúcháin a lorg do phost an Taoisigh.

Ó tharla nach bhfuil móramh ag aon pháirtí, is é is dóichí go n-ainmneofar cúpla duine. D’fhéadfadh na páirtithe ar fad a gceannaire féin a mholadh.

Beidh díospóireacht ansin ann faoi fhiúntas na n-iarrthóirí sin agus ina diaidh, déanfar an tacaíocht a thomhas le comhaireamh lámh.

Mura n-éiríonn leis na Teachtaí aon Taoiseach a thoghadh cuirfear an Dáil ar atráth.

Tá Ceann Comhairle an 32ú Dáil, Seán Ó Fearghaíl, Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, á ainmniú féin don chúram do thréimhse eile agus dá dtoghfaí eisean bheadh an líon céanna Teachtaí ag Fianna Fáil agus Sinn Féín sa Dáil nua.

Idir an dá linn is fánach an dul chun cinn atá déanta maidir le cainteanna comhrialtais agus an chuma air go bhféadfadh seachtainí fada a bheith ann sula mbeidh rialtas nua againn, sin mura mbíonn gá le holltoghchán eile.

Fág freagra ar 'An chéad chruinniú den 33ú Dáil á thionól inniu ach gan aon radharc ar rialtas nua'