An ceathrú heastát ag déanamh a mharana air féin i ré na bréagnuachta

Déanann ‘Endangered’, saothar tathagach ó cheárta faisnéise HBO éachtaint a thabhairt ar shaol iriseora an lae inniu

An ceathrú heastát ag déanamh a mharana air féin i ré na bréagnuachta

Tá an t-imeaglú, an ciapadh agus an foréigean i leith iriseoirí ag tarlú leis na cianta cairbreacha. An scéal á agairt ar an scéalaí. Tá nithe imithe in olcas le blianta anuas agus gluaiseachtaí údarásaíochais agus nuafhaisteachais ag bailiú nirt ar fud na cruinne. Pointe cinniúnach faoi leith ba ea toghadh Donald Trump in 2016; fear ná feadar, agus gur cuma leis, an difríocht idir an fhírinne agus an bhréag. Fear nach leasc leis an t-imeaglú agus an bhagairt. Ba ina dhiaidh sin a toghadh a mhacasamhail Bhrasaíleach Jair Bolsanaro. Chomh cosúil le dhá scadán.

‘Fake news’, rosc catha míchlúiteach an Trumpaigh, an freagra anois ag cladhairí nuair a chuirtear ceisteanna nó fíricí nach dtaitníonn leo os a gcomhair. Is fearr leo sin nó ‘alternative facts’, an téarma mínáireach úd ó 2017 ó bhéal ghiolla an Trumpaigh, Kellyanne Conway. Cá bhfágann sin na hiriseoirí dúthrachtacha a chuireann dua orthu féin an fhírinne a nochtadh agus an chumhacht a thabhairt chun cuntais? Cén tslí ar féidir labhairt le fear agus bean na buile nuair a mheasann gurb iad féin dream na céille? Níos measa fós tá an dream buile céanna oirúnach ar fhogha foréigneach a thabhairt fút.

Déanann Endangered (NOW TV/Sky Documentaries), saothar tathagach ó cheárta faisnéise HBO éachtaint a thabhairt ar shaol iriseora an lae inniu. Comhghuaillíocht atá anseo idir an t-iriseoir Ronan Farrow, a bhfuil duais Pulitzer aige agus na stiúrthóirí Heidi Ewing agus Rachel Grady a bhfuil ainmniúchán Oscar faighte acu as a saothar faisnéise.

Imímid ó stáit éagsúla i Meiriceá go dtí an Bhrasaíl agus Meicsiceo agus sinn ag leanúint iriseoirí i mbun a gceirde. Saothar faisnéise ar an láthair atá anseo agus nóimintí fada ciúnais fite fuaite le corraíl shaol an iriseora. Patrícia Campos Mello na Brasaíle ag seasamh an fhóid go diongbháilte ó ionsaithe frithbhanda Bolsanaro.

Sí siúd croí an tsaothair ar shlí agus í á ciapadh ag lucht leanta antoisceach Bolsanaro ar an meáin shóisialta. Macallaí Trump ar fud na mball.

Címid chomh maith an fóta-iriseoir Sáshenka Gutiérrez Mheicsiceo ag iarraidh brúidiúlacht an bpóilíní agus foréigean i leith na mban a thabhairt chun solais. Cá mbeimis gan lucht leanta an Trumpaigh ag rámhaillí.

Fan na slí meabhraítear dúinn go bhfuil gort na hiriseoireachta athraithe ó bhonn. An toradh é seo ar histéire na bréagnuachta nó an í an bhréagnuacht buille maraithe na muice do na meáin oibiachtúla staidéartha?

Insítear dúinn go bhfuil 65 milliún Meiriceánach ag maireachtaint i ‘bhfásach nuachta’; limistéir nach bhfuil ach páipéar nuachta amháin iontu, nó iad gan ceann ar bith. D’fhéadfaí saothar ann féin a bhunú ar bhánú na bpáipéar nuachta áitiúil.

Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh atá againn ó thaobh soláthar nuachta oibiachtúla. Ní chuireann an saothar seo roimhe an scéal sin a chíoradh go cuimsitheach. Séard atá anseo ná cuid den scéal; na daoine úd atá ag sluaisteáil leo ar an líne thosaigh.

Fág freagra ar 'An ceathrú heastát ag déanamh a mharana air féin i ré na bréagnuachta'