An cathair mar a tuairisc dlúthpháirtíocht an AE?

D’uireasa tacaíocht ó na ballstáit dá chéile caithfear a rá go bhfuil ceisteanna crua le cur faoi bhunaidhmeanna an Aontais Eorpaigh

An cathair mar a tuairisc dlúthpháirtíocht an AE?

Agus iad ag cuimhneamh ar an gcoincheap (comhphobal, ar ndóigh a bhí beartaithe ag an am), thuig bunaitheoirí an Aontais Eorpaigh go mbeadh dúshláin rompu.

Dúirt duine acu Jean Monnet go mbeadh géarchéimeanna i gcónaí ag bagairt ar an Eoraip.

Mar sin féin, ar mhaithe le hiarracht a dhéanamh cogadh domhanda, mar a tharla faoi dhó sa bhfichiú haois a sheachaint, leanadh ar aghaidh le bunú an chomhphobail agus an margadh is mó ar domhan.

An deacracht a bhain leis? Tá an ‘Aisling Eorpach’ bunaithe ar chomhoibriú maidir le gnéithe áirithe den saol agus ar cheannas an náisiúin i ngnéithe eile. Mar thoradh air sin, ní hionann ar bhealach ar bith na straitéisí a cuireadh i bhfeidhm le dul i ngleic leis an gcoróinvíreas sna tíortha éagsúla, mar shampla.

Ag a gcruinniú mullaigh inniu sa Bhruiséil, caithfidh na ceannairí an méid fóirithinte a chuirfear ar fáil mar chuid de shocrú airgeadais fadtéarmach an Aontais a phlé.

Bíonn dúshláin le sárú ag na cainteanna gach uair a dtugtar fúthu.

Thug Parlaimint na hEorpa foláireamh an tseachtain seo nach dtabharfaidh siad a mbeannacht do phacáiste cúiteamh gan coinníollacha a bheith luaite leis.

Tá dlúthpháirtíocht idir ballstáit thar a bheith tábhachtach faoi láthair, a dúirt Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel inné, go háirithe na tíortha is mó atá ag fulaingt de bharr an choróinvíris. Tráthúil go maith beidh an Ghearmáin ag glacadh le huachtaránacht an Aontais ag deireadh na míosa.

Chuir Uachtarán an Choimisiúin Ursula Van der Leyen plean i láthair an mhí seo caite faoina bhfuil €750 billiún á mholadh don phacáiste téarnaimh.

Beidh an téarnamh á áireamh mar chuid den bhuiséad fadtéarmach agus tá súil ann go mbainfidh sé an chuid is mó den dochar as an ngéarchéim eacnamaíochta atá romhainn.

Moltar sa phlean go mbeadh fáil ag ballstáit ar dheontais, ach tá an  ‘ceathairéad  tíosach’  faoi cheannas Mark Rutte na hÍsiltíre ag iarraidh gur iasachtaí a thabharfaí amach.

Pé ar bí seasamh atá ag tíortha faoi chistí téarnaimh ag leibhéal an gheilleagair, caithfear an bhráithreachas a chur san áireamh.

Tá ag treisiú ar an dearcadh frithAontais i dtíortha amhail an Iodáil agus an Spáinn, tíortha a bhfuil go leor fulaingthe acu de bharr an Covid-19. Má chuirtear brú breise orthu anois ó thaobh airgid ní haon iontas go neartódh ar an dearcadh sin arís eile. Mura seasann na ballstáit le chéile in uair seo an ghátair céard a chiallódh sin don Aontas amach anseo?

Ná déanadh éinne dearmad go bhfuil sampla na Breataine ag an Aontas Eorpach anois agus go bhfeiceann tíortha móra cosúil leis an Iodáil gur féidir leo feidhmiú ar a gconlán féin.

Tá an ghéarchéim eacnamaíochta atá roimh an Aontas sách tromchúiseach ach d’uireasa tacaíocht ó na ballstáit dá chéile caithfear a rá go bhfuil ceisteanna crua le cur faoi bhunaidhmeanna an Aontais.

Fág freagra ar 'An cathair mar a tuairisc dlúthpháirtíocht an AE?'

  • Daithi Mac Carthaigh

    An chathair