‘An Cailín Ciúin’ roghnaithe ag léirmheastóirí mar ‘scannán na bliana 2022’

Seo an chéad uair a roghnaigh an DFCC scannán as Éirinn dá bpríomhdhuais ó bunaíodh na gradaim seo 16 bliain ó shin

‘An Cailín Ciúin’ roghnaithe ag léirmheastóirí mar ‘scannán na bliana 2022’

Tá an fadscannán Gaeilge An Cailín Ciúin roghnaithe mar ‘scannán na bliana 2022’ ag an Dublin Film Critics’ Circle.

Seo an chéad uair a roghnaigh an DFCC scannán as Éirinn dá bpríomhdhuais ó bunaíodh na gradaim seo 16 bliain ó shin.

Thug An Cailín Ciúin leis an gradam don scannán Éireannach is fearr agus Róise & Frank, fadscannán eile Gaeilge, a roghnaíodh mar an dara scannán is fearr sa rannóg sin.

Thug an DFCC aitheantas chomh maith do The Banshees of Inisherin, scannán a rinneadh sa Ghaeltacht agus atá á lua go tréan leis na duaiseanna móra Oscar. Roghnaigh na léirmheastóirí Colin Farrell mar ‘an t-aisteoir is fearr’ agus ba í script Martin McDonagh rogha an DFCC  don ‘script is fearr’.

Rinneadh The Banshees of Inisherin a scannánú an bhliain seo caite ar dhá oileán Gaeltachta – Inis Mór agus Acaill.

Is é Martin McDonagh, fear de bhunadh Chonamara, a scríobh agus a stiúir an scannán.

Cén seans atá ag ‘An Cailín Ciúin’ ar Oscar?

Roghnaigh IFTA An Cailín Ciúin, an chéad fhadscannán ag Colm Bairéad le dul in iomaíocht ar son na hÉireann do na gradaim Oscar. Is é seo an tríú bliain as a chéile a bhfuil scannán Gaeilge a rinneadh faoin scéim Cine4 roghnaithe.

Breis is €1 milliún atá déanta sna pictiúrlanna ag An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge is fearr ar éirigh leis riamh ag oifig na dticéad in Éirinn agus sa Bhreatain.

Léirmheasanna cúig réalta ó nuachtáin in Éirinn agus thar lear a fuair an scannán teacht in aois ina dtéann cailín óg chun cónaí lena gaolta faoin tuath fad is atá a máthair ag súil.

‘Míorúilt bheag de scannán” a thug léirmheastóir Tuairisc air.

Tá go leor duaiseanna eile buaite ag An Cailín Ciúin, ina measc ocht ngradam IFTA, An Grand Prix agus Duais Speisialta an Ghiúiré Idirnáisiúnta sa Roinn ‘Generation KPlus’ ag an Berlinale, Féile Scannán Bheirlín, Gradam Lucht Féachana Virgin Media, agus duais don Scannán is Fearr as Éirinn ag Féile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath.

Tá gradaim idirnáisiúnta agus léirmheasanna moltacha faighte ag Róise & Frank, scannán faoi bhaintreach mná a chreideann go bhfuil a fear chéile tagtha ar ais i gcruth gadhair.

Dúirt léirmheastóir Tuairisc gur scannán “tochtmhar greannmhar” a bhí ann agus gur “cleite eile i gcaipín Cine 4” é.

Fág freagra ar '‘An Cailín Ciúin’ roghnaithe ag léirmheastóirí mar ‘scannán na bliana 2022’'

  • Séamus Mór Ó Súilleabháin

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    *****************************************************************************************

    NOLLAIG SHONA DAOIBH UILIG
    AGUS
    COMHGHAIRDEACHAS LIBH

    Comhghairdeachas agus saol fada agaibh uilig as an obair iontach cruithíoch seo ar son na teanga.

    Labhair í, Dean scannáin léí agus mairfidh sí.

    Is mise le suim agus meas,
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
    An Ghaeltacht/Jailteacht,
    Príosún Phort Laoise
    Ardán 1,
    Bloc E

    Is mise le dóchas mór agus ceol binn ó na beanna/( ó na Túir)
    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    *****************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *****************************************************************************************