Deimhniú ón DUP go ndiúltóidh siad arís do mhargadh May

Tá ráite ag an DUP nach mbeidh siad ag tacú tráthnóna in Westminster le margadh Breatimeachta Theresa May

Deimhniú ón DUP go ndiúltóidh siad arís do mhargadh May

Tá sé deimhnithe ag an DUP nach mbeidh siad ag tacú i bParlaimint Westminster tráthnóna le margadh Breatimeachta Theresa May.

I ráiteas ón bpáirtí, dúradh nach raibh “dóthain dul chun cinn” déanta ag Theresa May maidir le geallúintí a fháil i dtaobh an chúlstop agus an tionchar a bheadh aige ar “shláine eacnamaíochta agus bunreachtúla na Ríochta Aontaithe”.

Dúradh gur léir nach mbeadh cead de réir dlí ag an Ríocht Aontaithe cinneadh a dhéanamh as a stuaim féin an cúlstop a fhágáil.

Is cosúil gurbh é an chomhairle dlí is déanaí ó Ard-Aighne na Breataine buille maraithe na muice don DUP agus don ERG, an grúpa Breatimeachtóirí a bhfuil Jacob Rees-Mogg ina chathaoirleach air.

Dúirt Ard-Aighne na Breataine Geoffrey Cox ar maidin go raibh an baol ann i gcónaí go bhfágfadh margadh Breatimeachta Theresa May go mbeadh an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’.

Buille mór do Theresa May é breithiúnas Cox faoi na geallúintí is déanaí atá faighte aici i dtaobh an chúlstop, an ‘polasaí árachais’ sa mhargadh chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint.

Cé go ndúirt Cox go raibh ceangal ó thaobh dlí ag baint leis na socruithe nua agus go laghdóidís an baol go gcoinneofaí an Ríocht Aontaithe sáinnithe sa chúlstop in aghaidh a tola go brách, dúirt sé gur “breithiúnas polaitiúil” a bheadh ann a rá gur beag seans nach dtiocfar ar réiteach eile seachas an cúlstop má bhíonn an dá dhream macánta agus toilteanach déanamh amhlaidh.

Dúirt sé go gcreideann sé féin go láidir gur chóir an “breithiúnas polaitiúil” sin a dhéanamh agus glacadh leis an margadh.

Ba í an chuid dheireanach dá ráiteas, áfach, is mó a chuir imní ar na Breatimeachtóirí is diongbháilte in Westmisnster, leithéidí an ERG agus an DUP, roimh vóta cinniúnach na hoíche anocht faoi mhargadh May.

Deir Cox:

“Mar sin féin, is mar a chéile fós an baol ó thaobh dlí sa chás go dtarlódh sé [an cúlstop] mar gheall ar dhifríochtaí nach féidir a réiteach seachas de bharr aon teip shoiléir ar cheachtar taobh. Sa chás sin, mura mbeadh aon athrú ar na bunchúinsí, ní bheadh aon bhealach de réir an dlí idirnáisiúnta ag an Ríocht Aontaithe imeacht ó shocruithe an Phrótacail ach amháin trí chomhaontú.”

Chuaigh Theresa May go dtí Strasbourg aréir chun aon iarracht amháin eile a dhéanamh teacht ar chomhréiteach maidir leis an gcúlstop sula gcaithfear vóta eile inniu i bparlaimint Westminster faoin a margadh imeachta.

Deir May gur éirigh léi athruithe a fháil ar an socrú maidir leis an gcúlstop, go bhfuil “ceangal dlí” ag baint leis na hathruithe sin agus go bhfuil an stádas céanna ó thaobh dlí ag baint leo is a bhaineann leis an margadh imeachta féin.

Bhí May agus a lucht tacaíochta ag súil go ndéanfadh Geoffrey Cox, a raibh baint aige leis an mbabhta idirbheartaíochta is déanaí, a chomhairle dlí i leith an chúlstop a leasú roimh vóta an lae inniu.

De réir chomhairle dlí an Ard-Aighne a foilsíodh anuraidh, d’fhéadfadh go bhfágfadh margadh May an Ríocht Aontaithe ‘sáinnithe’ sa chúlstop ‘go brách’ agus níor athraigh sé an chomhairle sin inniu.

Léirigh Páirtí an Lucht Oibre agus ag na Breatimeachtóirí is diongbháilte i bpáirtí May amhras mór aréir faoi na gealltanais nua. Dúirt an DUP go mbeadh téacs na ngealltanas nua á scrúdú go mion acu sula ndéanfaí cinneadh faoi thacú nó gan tacú le Rialtas May i vóta an lae inniu agus thug Breatimeachtóirí móra amhail Jacob Rees-Mogg, Cathaoirleach an ERG, agus Boris Johson le fios go ndéanfaidís cinneadh bunaithe ar chomhairle nua an Ard-Aighne.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar maidin inniu nach raibh aon ní sna gealltanais nua a fuair Theresa May a dhéanfadh an cúlstop ná Comhaontú Aoine an Chéasta níos laige.

Dúirt Uachtarán Choimisiúin an Aontais Eorpaigh Jean Claude Juncker gurb amhlaidh gur thacaigh na gealltanais nua leis an margadh ach nárbh ionann iad agus leasuithe a bheith déanta ar an margadh féin.

Dhiúltaigh an AE roimhe seo do mholtaí go mbeadh dáta éaga luaite leis an gcúlstop nó go mbeadh cead ag an mBreatain deireadh a chur leis an gcúlstop as a stuaim féin.

Tá an cúlstop, an socrú chun teorainn chrua in Éirinn a sheachaint i ndiaidh an Bhreatimeachta, ar an dris chosáin is mó roimh mhargadh May a mbeidh vóta cinniúnach eile  faoi inniu in Westminster.

Sa vóta ceart deireanach faoi mhargadh May, vótáil 432 feisire i gcoinne an mhargaidh agus ní raibh ar a shon ach 202, an buille parlaiminte is measa a buaileadh ar aon Phríomh-Aire sa Bhreatain ó cuireadh tús leis an daonlathas parlaiminteach ansin.

Tá sé ráite cheana féin ag Theresa May sa chás go gcaillfí an vóta inniu, Dé Máirt, go mbeidh vóta eile amárach faoi imeacht gan aon mhargadh agus vóta Déardaoin faoi shíneadh ama a lorg ar Alt 50 chun an Breatimeacht a chur siar ar mhaithe le tuilleadh idirbheartaíochta.

Fág freagra ar 'Deimhniú ón DUP go ndiúltóidh siad arís do mhargadh May'