An Breatimeacht le filleadh ar Stormont

Tá babhta eile easaontais i ndán do Stormont faoin mBreatimeacht

An Breatimeacht le filleadh ar Stormont

Tá treoir tugtha do Stormont vótáil ar na socruithe trádála iar-Bhreatimeachta faoi dheireadh na míosa seo. I bhfianaise naimhdeas na n-aontachtach don bprótacal nó Creat Windsor agus col na bpáirtithe eile le Breatimeacht níor ghá déad feasa chun easaontas a thuar.

Tá tromlach na dTeachtaí Tionóil i bhfabhar an phrótacail mar rogha an dá dhíogha. Tá Sinn Féin, Alliance agus SDLP toilteanach na socruithe reatha a choinneáil murab ionann agus na haontachtaithe, DUP, UUP agus TUV, an mionlach atá ag iarraidh iad a threascairt. Is leor móramh, níl aon ghá le vóta trasphobail d’ainneoin éileamh an DUP gur cheart gur ghá.

Tá athruithe móra ar stádas an DUP ó d’fhill siad ar Stormont i mí Feabhra tar éis a mbaghcat a mhair gar do dhá bhliain mar agóid in éadan an phrótacail. Faoi Cháisc cuireadh deireadh tobann le ceannaireacht Jeffrey Donaldson nuair a cúisíodh é as cionta gnéis a shéanann sé. Buaileadh go dona iad in olltoghchán Westminster i mí Iúil. Deir a gceannaire nua Gavin Robinson nach leagfaidh siad Stormont arís ach go ndéanfaidh siad a ndícheall chun cealú an phrótacail/creat Windsor a aimsiú.

Ba é an conradh aistarraingthe idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach in 2020 a thug ceart vótála do na polaiteoirí in Stormont go tráthrialta. Sheol Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Hilary Benn litir chuig an gCeann Comhairle agus na Chéad Airí an tseachtain seo caite ag treorú dóibh an vóta a rith go luath.

Féirín chun na haontachtaithe a shásamh ab ea an fhoráil ach ba bheag an tionchar a bheadh aige ó ba mhionlach iad lucht tacaíochta an Bhreatimeachta san Tionól i gcónaí. D’uireasa vóta trasphobail ní thig leis na haontachtaithe stop a chur leis an bprótacal. Sin é an fáth gan dabht go raibh an DUP ag maíomh le fada gur éagóir ab ea é nach mbeadh veto acu. Maíonn siad gur shárú ar Chomhaontú Aoine an Chéasta é nach raibh vóta trasphobail riachtanach.

Níl bunús dlíthiúil ná loighciúil le maíomh an DUP go raibh vóta trasphobail de dhlúth agus d’inneach i gComhaontú Aoine an Chéasta. Sciath chosanta ab ea é le haghaidh cásanna áirithe. D’fhéadfaí leas a bhaint as ‘achainí chásmhaireachta’ faoi choinníollacha speisialta chun vóta trasphobail a éileamh dá mbeadh contúirt ann go ndéanfaí éagóir ar thaobh ar leith. Ba é sin an veto agus admhaíodh i gcainteanna uile-pháirtí gur baineadh mí-úsáid agus ró-úsáid as i gcaitheamh na mblianta.

Deir an DUP gur satailt ar an mionlach aontachtach is ea é gur leor móramh. Bhí port eile ar fad ag an DUP nuair a bhí cumhacht acu in Westminster ag éileamh an Breatimeacht ba chrua a fhéidir, beag beann ar an tromlach in Stormont agus i measc an phobail i dTuaisceart Éireann nár aontaigh leo. Scéal thairis is ea é sin anois ach bheifí ag súil go bhfuil ciall cheannaithe ag an bpáirtí agus go mbeadh tionchar aige sin ar a gcur chuige as seo amach.

Tá a fhios nach vótálfaidh tromlach trasphobail i bhfabhar leanúint ar aghaidh leis na socruithe conspóideacha trádála. Seans go mbeidh go leor ar aon intinn leasú riachtanach anseo is ansiúd a dhéanamh ach beidh aontachtaithe in éadan an phrótacail ar bhonn praiticiúil agus i bprionsabal mar gur bhunaigh sé teorainn idir an Tuaisceart agus an Bhreatain Mhór.

Tá sólás á thairiscint dóibh áfach. Más le tromlach simplí a rithfear an vóta ní mór do Státrúnaí Thuaisceart Éireann athbhreithniú neamhspleách ar na socruithe a choimisiúnú. Beidh tuairisc ar an athbhreithniú le déanamh i gceann leathbhliana agus caithfidh rialtas na Breataine freagairt faoi cheann sé mhí eile.

Ó deir rialtas an Lucht Oibre go bhfuil siad tiomanta do chreat Windsor shílfeá nach bhfuil san athbhreithniú ach ‘mair a chapaill…’.

Ach b’fhéidir faoin am sin go mbeadh leasuithe ciallmhara déanta ar an margadh idir an Bhreatain agus an tAE ionas nach mbeadh gá leis an bprótacal.

B’fhéidir. Cá bhfios.

Fág freagra ar 'An Breatimeacht le filleadh ar Stormont'