An Bille Teanga rite sa Dáil agus a cheann scríbe nach mór sroichte aige

314 leasú ar an mBille Teanga a bhí curtha síos do dhíospóireacht i nDáil Éireann anocht agus glacadh le 49 leasú an Rialtais

An Bille Teanga rite sa Dáil agus a cheann scríbe nach mór sroichte aige

Beagnach deich mbliana ó fógraíodh go raibh tús le cur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha tá an reachtaíocht chun é a láidriú ar thairseach a hachtaithe agus í rite sa Dáil anocht.

D’aontaigh an freasúra agus an Rialtas sa Dáil go raibh an bille “i bhfad níos láidre ná mar a bhí” agus a cheann scríbe nach mór sroichte aige.

Rachaidh an bille ar aghaidh anois go dtí Seanad Éireann do Chéim an tSeanaid, an t-aon chéim atá fágtha ina aistear trí Thithe an Oireachtais.

314 leasú ar an mBille Teanga a bhí curtha síos do dhíospóireacht na hoíche anocht i nDáil Éireann agus 21 díobh a rialaíodh as ord.

Glacadh leis an 49 leasú a mhol an tAire Gaeltachta, ceann acu a moladh in éineacht leis an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly.

Níor glacadh le haon cheann den 265 leasú a mhol an freasúra.

229 leasú a mhol Sinn Féin astu féin. 31 leasú a mhol an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly aisti féin agus mhol sí cúig cinn eile in éineacht le Sinn Féin.

Dúirt an Teachta Dála Connolly gurb é a bhí sa bhille ná “an chéad chéim le dul i ngleic leis na géarchéim ó thaobh na Gaeilge, go háirithe sa Ghaeltacht”.

I measc na leasuithe ar glacadh leo sa Dáil anocht, bhí leasú a leagfadh síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, príomhsprioc an bhille nua.

Faoi leasú eile a ritheadh thabharfaí ordú go mbeadh ar gach oifig agus seirbhís stáit sa Ghaeltacht a bheith ábalta feidhmiú trí Ghaeilge.

I gceann eile de leasuithe an Aire Stáit, leagfar síos go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus go mbeadh ar gach comhlacht poiblí 5% dá chuid fógraíochta in aon bhliain ar leith a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Faoi na leasuithe eile ar glacadh leo sa Dáil anocht, bheadh dualgas reachtúil ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

De réir leasaithe eile, bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cén uair a tharlódh sin.

De réir na leasuithe, bheadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freagra i nGaeilge a thabhairt ar aon chumarsáid a dhéanfaí leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta.

Deir an Rialtas gur caitheadh dóthain ama ag plé na leasuithe go léir ag Céim an Choiste den bhille agus gur cuireadh go leor de mholtaí Shinn Féin agus Teachtaí Dála eile san áireamh i leasuithe Aire na Gaeltachta.

Bhí lucht an fhreasúra míshásta faoin méid ama a cuireadh ar leataobh don díospóireacht agus toisc nár bhuail an tAire Stáit leo roimh ré chun na leasuithe a phlé.

I measc mholtaí an fhreasúra nár glacadh leo, bhí leasuithe a d’fhágfadh go bhféadfaí fíneálacha agus pionóis eile a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an dlí teanga. Diúltaíodh chomh maith do leasú a dhéanfadh sainmhíniú ar céard atá i gceist le líofacht sa Ghaeilge.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, gur theastaigh cumhachtaí ón gCoimisinéir Teanga le pionós a ghearradh ar chomhlachtaí a sháraíonn an reachtaíocht teanga. Dúirt sé nach raibh comhlachtaí a bhí ag sárú na Achta “náirithe” a thuilleadh ag tuarascálacha de chuid an Choimisinéara Teanga agus gur theastaigh “bata san armlóin” chun a chinntiú go gcloífeadh siad lena ndualgas teanga amach anseo.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly go raibh “drogall” uirthi an focal “pionós” a úsáid fiú, ach nach raibh aon rogha ann ach a leithéid a thabhairt isteach mar nach raibh “aon dul chun cinn déanta.”

Dúirt an tAire Stáit Chambers nach raibh sé chun glacadh leis an leasú toisc nach raibh a leithéid de chumhacht á héileamh ag an gCoimisinéir Teanga.

Maidir leis an sainmhíniú ar cad is brí le líofacht teanga, dúirt an tAire Stáit go raibh fiúntas leis an moladh ach dúirt sé nach í an reachtaíocht an áit chun tabhairt faoina leithéid. D’fhéadfaí sainmhíniú a thabhairt isteach sna caighdeáin atá le tabhairt isteach faoin mbille mar mhalairt ar chóras na scéimeanna teanga.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go gcaithfí a bheith “réalaíoch” faoi líon na ndaoine a bheadh ar fáil chun postanna a líonadh.

An moladh a bhí ag Teachtaí Dála Shinn Féin agus líofacht de leibhéal B1 nó níos airde ar an gCreat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le haghaidh Teangacha a bheadh ag teastáil chun go bhféadfadh duine cáiliú mar chainteoir líofa faoin reachtaíocht.

Fág freagra ar 'An Bille Teanga rite sa Dáil agus a cheann scríbe nach mór sroichte aige'

  • Seán ÓM

    Tá obair na gcapall déanta ag Catherine Connolly faoin ábhair seo gan aon phrátaí le tacú léi.
    Coinnigh ort a Chaitríona – smig suas agus seas an bhfód!

  • Fear na gceistíní

    Cad é mar a caitheadh na vótaí? Cé a bhí ar a shon, cé a bhí ina aghaidh, cé a staon? Ar tharla an “raic” úd a rabhthas ag caint faoi?