Cearta oideachais Gaelscoileanna sa Bhille Iontrála Scoile le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Beidh ionadaithe ón eagraíocht i láthair ag Coiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais inniu. Beidh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge i láthair freisin le labhairt faoi chur chun cinn na teanga sa chathair sin

Cearta oideachais Gaelscoileanna sa Bhille Iontrála Scoile le plé i dTithe an Oireachtais inniu

Beidh ionadaithe ón eagraíocht Cearta Oideachais i láthair an Choiste Gaeilge, Gaeltachta agus Oileán i dTithe an Oireachtais inniu le labhairt faoin tionchar a bheidh ag an mBille nua Oideachais ar scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt Catherine Connolly, cathaoirleach an choiste, go “dtagann an Coiste” le bunchuspóir an Bhille nua go gcaithfí go cothrom le gach leanbh agus go mbeidh “córas struchtúrtha, cothrom agus trédhearcach” ann chun iarratais ar ligean isteach i scoil a cheadú, ach go n-aithníonn siad “gurb ann d’imthosca speisialta” maidir le leanaí arb í an Ghaeilge an teanga baile atá acu.

“Tá sé de cheart ag na leanaí sin oideachas a fháil trí mheán na Gaeilge agus ní ceart gan iad a ligean isteach i ngaelscoil ar bhonn tíreolaíochta nó ar bhonn riaracháin éigin eile. I bhfianaise a laghad gaelscoileanna atá ann i gcomparáid leis an líon scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla, tá sé ríthábhachtach na cosaintí is gá a chur i bhfeidhm chun é seo a chinntiú,” a dúirt an Teachta Connolly.

Tá imní ar lucht an ghaeloideachais go gcuirfidh An Bille Oideachais (Ligean Isteach i Scoileanna), 2016, a bhfuil tús curtha lena aistear trí Thithe an Oireachtais, cosc ar pholasaithe iontrála scoile a thugann tús áite do dhaltaí a bhfuil Gaeilge acu.

Cé nach bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ná an Ghaeilge féin luaite go sonrach sa reachtaíocht nua, tá lucht an ghaeloideachais buartha faoi dhá fhoráil de chuid an Bhille, go háirithe.

Faoi alt 64 den Bhille, beidh ar an Aire Oideachais agus Scileanna rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna a mbeadh ró-éileamh orthu diúltú do dhalta bunaithe ar ‘academic ability, skills or aptitude’.

Chuirfeadh rialachán dá leithéid cosc ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaltaí, bunaithe ar a gcumas teanga.

Má achtaítear an Bille beidh dualgas ar an Aire faoin alt céanna, Alt 64, rialachán a dhéanamh a chuirfeadh cosc ar scoileanna iallach a chur ar dhalta nó a thuismitheoirí, teacht chun agallaimh, lá oscailte nó cruinniú de shaghas eile mar choinníoll iontrála.

Is minic leas á bhaint as agallaimh ag scoileanna a bhfuil polasaí Gaeilge acu chun measúnú a dhéanamh ar chumas teanga na bpáistí.

Beidh ionadaithe na heagraíochta Gaillimh le Gaeilge, a chuireann an Ghaeilge chun cinn i gcathair na Gaillimhe, i láthair an Choiste freisin inniu le labhairt leis an gcoiste faoin obair atá ar bun ag an eagraíocht sa chathair.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste, Catherine Connolly, arb as cathair na Gaillimhe í, go bhfuil súil ag an gCoiste gur féidir scéimeanna eile ar nós Ghaillimh le Gaeilge a chur chun cinn in áiteanna eile in Éirinn.

“Cuireann an eagraíocht béim ar a luachmhaire is atá an teanga mar acmhainn eacnamaíochta do chathair na Gaillimhe agus féachann siad leis an acmhainn sin a fhorbairt i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile sa chathair.

“De réir staidéar neamhspleách a choimisiúnaigh Gaillimh le Gaeilge, is fiú breis is €136 mhilliún in aghaidh na bliana úsáid na Gaeilge i nGaillimh agus tacaíonn sí le níos mó ná 5,000 post,” a dúirt Connolly.

Is mar gheall ar obair Ghaillimh le Gaeilge, den chuid is mó, atá an Ghaeilge le feiceáil go soiléir ar chomharthaíocht siopaí i nGaillimh, chomh maith le biachláir agus ábhar clóite eile. Cuireann an eagraíocht imeachtaí ar siúl i gcaitheamh na bliana le deiseanna a thabhairt d’fhostaithe na ngnólachtaí sa chathair a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus a úsáid. Cuireann an eagraíocht labhairt na Gaeilge chun cinn i ngnólachtaí na cathrach freisin.

D’fhógair Comhairle Cathrach na Gaillimhe anuraidh go raibh ‘stádas dátheangach’ ag cathair na Gaillimhe.

Fág freagra ar 'Cearta oideachais Gaelscoileanna sa Bhille Iontrála Scoile le plé i dTithe an Oireachtais inniu'