An Bhreatnais le múineadh mar ‘theanga dhúchais’ do gach dalta feasta

Tá dianchúrsaí oiliúna á bpleanáil do mhúinteoirí ionas go mbeidh gach dalta ábalta staidéar a dhéanamh ar an mBreatnais go dtí leibhéal an chainteora dúchais

An Bhreatnais le múineadh mar ‘theanga dhúchais’ do gach dalta feasta

Faoi phleananna atá ag an Rialtas na Breataine Bige curaclam na tíre a leasú cuirfear deireadh le múineadh na Breatnaise mar dhara teanga. Faoin bplean seo déanfaidh gach dalta staidéar ar an mBreatnais mar chéad teanga, athrú mór ar mhúineadh na Breatnaise sa tír.

Faoi na hathruithe radacacha seo, fanfaidh an Bhreatnais agus an Béarla ina n-ábhair éigeantacha do gach dalta sa tír ó thrí bliana go sé bliana déag d’aois, mar atá faoi láthair, ach ní bheidh dhá rogha ar fáil feasta sa Bhreatnais, cúrsa mar chéad teanga agus ceann mar dhara teanga.

Is é an curaclam Breatnaise céanna a bheidh ar fáil do gach dalta ó 2022 agus cuirfear béim níos mó ar scileanna agus úsáid na teanga, a deirtear i ráiteas ó Rialtas na Breataine Bige.

Tá sé i gceist an Curaclam Nua, Successful Futures, a thabhairt isteach in 2022 agus beidh an curaclam seo á staidéar ag gach dalta sa tír faoi shamhradh na bliana 2027.

Tá sé i gceist dianchúrsaí oiliúna a chur ar fáil do mhúinteoirí agus do chúntóirí ranga ionas go mbeidh siad ullamh le tabhairt faoi na hathruithe seo ó 2022 ar aghaidh.

Dúirt Ceardchumann Náisiúnta an Oideachais go mbeadh maoiniú suntasach ag teastáil chun an polasaí seo a chur i bhfeidhm. D’aontaigh Cumann na gCeannairí Scoile agus Coláiste leis sin agus dúirt go gcaithfear a bheith an-chúramach ionas nach gcuirfear ‘faoi mhíbhuntáiste’daltaí nach í an Bhreatnais a dteanga dhúchais.

Dúirt Tim Pratt, Stiúrthóir Chumann na gCeannairí Scoile agus Coláiste (ASCL): gur “maith an rud é” níos mó deiseanna foghlama teangacha a chur ar fáil do gach páiste ach go gcaithfí a bheith “cúramach” nach mbeidh páistí nach cainteoirí dúchais Breatnaise iad faoi mhíbhuntáiste nuair a thabharfar cáilíocht amháin isteach.

“Beimid á phlé seo le Rialtas na Breataine Bige go bhfeicfimid conas mar a chinnteoidh an Rialtas go ndéanfar freastal ceart ar gach páiste sa tír agus cén maoiniú a chuirfear ar fáil do scoileanna chun an t-athrú seo a chur i bhfeidhm i múineadh na Breatnaise agus na dteangacha eile.

“Níl dóthain maoinithe ar fáil do scoileanna chun an curaclam atá againn faoi láthair a mhúineadh, agus cé go bhfáiltímid roimh an maoiniú breise atá fógartha, ní gá gur leor é le haghaidh na riachtanais bhreise,” arsa Tim Pratt, Stiúrthóir Chumann na gCeannairí Scoile agus Coláiste.

Dúirt an Rúnaí Oideachais, Kirsty Williams gurb é seo an t-athrú is radacaí a rinneadh ar an gcaoi a múintear teangacha sa Bhreatain Bheag ó 1988 nuair a tugadh an Curaclam Náisiúnta isteach.

“Ba mhaith linn go mbeadh na foghlaimeoirí ina saoránaigh de chuid na Breataine Bige agus den domhan mór agus go mbeadh deis ag gach duine óg ó gach cúlra teangacha a fhoghlaim, bíodh sin Breatnais, Béarla nó teangacha idirnáisiúnta.”

Tá rabhadh tugtha ag Ceardchumann an Oideachais nár dhúirt ach 34% de na múinteoirí uile atá cláraithe sa tír go raibh Breatnais acu agus nach ionann sin agus a rá go mbeidís ábalta múineadh trí Bhreatnais agus mar sin go mbeadh ‘infheistíocht shuntasach’ riachtanach chun an plean seo a chur i bhfeidhm.

Agus an plean seo á fhógairt ag an Rialtas dúradh: “Is faoi na scoileanna féin a bheidh sé a shocrú cén chaoi a dtabharfaidh siad faoin athrú seo ach ba chóir dóibh deiseanna éisteachta, léitheoireachta, labhartha agus scríbhneoireachta i mBreatnais a chur ar fáil dá ndaltaí, mar chuid de ghnéithe éagsúla den churaclam nó lasmuigh den seomra ranga.”

Tá pleananna á n-ullmhú anois lena chinntiú go mbeidh múinteoirí ar fáil chun na hathruithe a chur i bhfeidhm. Tá oiliúint ghairmiúil agus saoire shabóideach d’oidí agus do chúntóirí chun dianchúrsaí Breatnaise a dhéanamh i measc na dtograí atá á bplé.

Faoi láthair Béarla agus Breatnais an dá theanga atá éigeantach i mbunscoileanna na Breataine Bige agus níl aon teanga eachtrannach éigeantach don GCSE ach an oiread. Tá an t-éileamh ar theangacha ag titim go mór le blianta beaga anuas. Beidh rogha ag scoileanna ‘taithí’ a thabhairt do dhaltaí ar theanga eachtrannach eile agus is faoin scoil féin a bheidh sé an teanga sin a roghnú.

Dúirt an tOllamh Sioned Davies, údar na tuarascála a choimisiúnaigh Rialtas na Breataine Bige faoi mhúineadh na Breatnaise: “Tá mé an-sásta gur ghlac an Rialtas leis na moltaí sa tuarascáil. Tá sé riachtanach fáil réidh leis an téarma ‘Breatnais mar dhara teanga’más fúinn an sprioc milliún cainteoir Breatnaise a bhaint amach”.

Foilseofar Páipéar Bán ar an gCuraclam nua agus ar an measúnú go luath agus cuirfear dréacht den churaclam nua ar fáil i mí Aibreán.

Fág freagra ar 'An Bhreatnais le múineadh mar ‘theanga dhúchais’ do gach dalta feasta'

  • Cymraeg am bith

    Míbhuntáiste a bheith id chainteoir dúchais Bhéarla más uait teanga eile a labhairt san Eoraip. Tá chuile dhuine eile san Eoraip ag iarraidh Béarla a labhairt le Béarlóirí. (“Freebie english lesson”)

    Beidh seans níos fearr ag Béarlóirí na Breataine Bige go leor Breatnais a labhairt sa bhaile ná beagán Fraincis a labhairt sa Fhrainc srl..

  • Pádraig

    Be cheart don rud cearna tarlú anseo in Éirinn!