An Bhreatain diongbháilte roimh chruinniú mullaigh nach ‘sracfar’ an Tuaisceart ‘amach as an Ríocht Aontaithe’

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney inniu go bhfuil an tAontas Eorpach sásta síneadh a chur leis an idirthréimhse iarBhreatimeachta ach nach bhféadfadh Rialtas na Breataine dul siar ar a raibh aontaithe cheana

An Bhreatain diongbháilte roimh chruinniú mullaigh nach ‘sracfar’ an Tuaisceart ‘amach as an Ríocht Aontaithe’

Tá an tAontas Eorpach sásta síneadh a chur leis an idirthréimhse i ndiaidh an Bhreatimeachta, ach ní ghéillfear aon ní mar gheall ar an gcúlstop a chinnteodh nach dtógfaí athuair teorainn chrua in Éirinn.

Dheimhnigh an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney an méid sin inniu roimh an gcruinniú mullaigh a bheidh ar siúl ag ceannairí na hEorpa tráthnóna sa Bhruiséil.

Dúirt aire comhshaoil na Breataine Michael Gove inné go bhféadfadh nach mbeadh aon mhargadh déanta i dtaobh an Bhreatimeacha roimh chruinniú mullaigh na gceannairí mí na Nollag.

Chuir airí rialtais Westminster cosa i dtaca inné mar gheall ar cheist na teorann in Éirinn agus tuairiscíodh go ndúirt an t-ard-aighne thall, Geoffrey Cox, go bhféadfadh go mbeadh an Tuaisceart “sractha amach as an Ríocht Aontaithe” agus é a rialú ag an AE dá ndéanfaí socruithe custaim i ndiaidh an Bhreatimeachta a bheadh dírithe ar Thuaisceart Éireann amháin.

Tá ráite ag Seansailéir na Gearmáine Angela Merkel gurb é an bac is mó sna cainteanna Breatimeachta ceist na teorann in Éirinn. Tuairiscítear go bhfuil imní ar Merkel gur buntáiste ó thaobh iomaíochta don Bhreatain a bheadh i socrú maidir le haontas custaim idir an Ríocht Aontaithe go léir agus an tAontas i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Tá sé beartaithe go dtiocfadh deireadh mí na Nollag 2020 leis an idirthréimhse i ndiaidh an Bhreatimeachta, agus tuairiscíodh ar maidin nach raibh aon fhonn ar Rialtas na Breataine síneadh a chur léi. Meastar anois go dtairgfidh an tAontas Eorpach go gcuirfí bliain eile leis sin chun breis ama a thabhairt do na cainteanna iarBhreatimeachta.

Cuirfidh Theresa May an plean is déanaí atá aici don Bhreatimeacht i láthair na gceannairí eile tráthnóna agus gan aon réiteach aimsithe go fóill san idirbheartaíocht atá ar siúl ar mhaithe le teacht ar aontú faoi na coinníollacha faoina bhfágfadh an Bhreatain an tAontas.

Tá Rialtas na Breataine ag iarraidh go gcuirfí socrú nua in áit an chúlstop a d’fhágfadh go mbeadh an Ríocht Aontaithe go léir mar chuid d’aontas custaim leis an AE ar feadh tréimhse áirithe i ndiaidh an Bhreatimeachta.

Tá na ballstáit eile suite de gurb é Tuaisceart Éireann amháin a bheadh san aontas custaim i ndiaidh an Bhreatimeachta agus socrú idirghabhálach uathu a chinnteodh nach mbeadh aon teorainn chrua in Éirinn.

Tá lucht na Bruiséile ag iarraidh go gcloífí leis an socrú a deineadh mí na Nollag inar dúradh go mbeadh an cúlstop i bhfeidhm nó go ndéanfaí socruithe eile le teorainn chrua a sheachaint.

Agus iad faoi bhrú mór ag an DUP, tá Rialtas na Breataine diongbháilte de nach bhféadfaí aon ní a dhéanamh a chruthódh aontas custaim idir an Tuaisceart agus an chuid eile den Ríocht Aontaithe.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go raibh an tAontas Eorpach sásta “smaointe nua” a phlé agus “samhlaíocht” a léiriú le teacht ar réiteach ar an tsáinn faoi cheist na teorann ach nach bhféadfadh Rialtas na Breataine dul siar ar a raibh aontaithe cheana.

Fág freagra ar 'An Bhreatain diongbháilte roimh chruinniú mullaigh nach ‘sracfar’ an Tuaisceart ‘amach as an Ríocht Aontaithe’'