30 comhartha soininne
- Cuir scáthán ar an gcat agus má fhéachann sé isteach ann tá an tsoineann ag teacht
- An ghrian dearg ag dul faoi, dearg aniar soineann is grian
- Bogha nó tuar ceatha ar an spéir tráthnóna
- Ceo bán ar an gcnoc, ar an abhainn nó ar an bhfarraige
- An píobaire teallaigh (criogar) ag píobaireacht
- Ceo ar Mhuisire is Clárach lom
- Éanlaith agus cuileoga ag eitilt go hard agus an smólach ag canadh
- Adharca na gealaí le feiceáil go soiléir an ceathrú lá den ghealach nua
- Na préacháin ag eitilt chun na coille le teacht an tráthnóna
- Gal ón simléar ag ardú suas caol díreach san aer
- An crotach ag scréachaíl
- Na sléibhte i bhfad uait
- Cornaí olla sa spéir
- Beacha ag crónán tráthnóna
- A dhá sciathán oscailte amach ag an mbroigheall agus a aghaidh ar an ngrian aige
- Dath buí ar an luascán lathaí (frog)
- Na caoirigh ag tabhairt a n-aghaidh suas ar an gcnoc nó an tulach
- Na ba déanach ag teacht anuas den chnoc
- Madra nó muc ag ól uisce
- Crios a bheith ar Chnoc Acla agus tá trí seachtaine den dea-aimsir romhainn
- Trá an Mhuirígh ag labhairt thiar in aice le hArd na Caithne
- Glór ag an abhainn i mBaile an Éanaigh
- Caipín ceo ar Chruach Mhárthain sa tráthnóna
- An Tráigh Bháin ag glóraíl
- An trumpadán (priompallán) ar lámhacán ar na bóithre agus má chaitheann tú in airde san aer é agus é teacht anuas ar a dhroim beidh an aimsir tirim.
- Barr Chnoc Bréanainn glan
- Gathanna anuas ón ngréin agus í ag dul faoi
- Ciorcal faoin ngrian agus é oscailte sa taobh ó dheas nó ó thuaidh
- An chorr éisc ag snámh suas an abhainn ag imeacht ón bhfarraige
- An spideog ina seasamh ar barr crainn ar maidin
– Tá an t-eolas san alt seo bunaithe ar ábhar i mBailiúchán na Scol ar Dúchas.ie
Jackie Mac Donncha
Níor chuala mé an crotach glórach chomh glórach ariamh is atá sé le cúig nó sé de sheachtainí!
Tá sé ag cur dhe chuile thráthnóna, agus deireanach san oiche. Aimsir bhreá nó a mhalairt, is íontach an rud bheith ag éisteacht leis. Go raibh maith agat a Mháire faoín bpíosa seo.